Tionscadal ‘Forest Connections’ seolta ag Doyle i gCiarraí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá tionscadal 'Forest Connections' seolta inniu ag Andrew Doyle TD, Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht i bhForaois Pobail Ladhar an Chrompáin, Co Chiarraí, faoina reáchtálfar líon imeachtaí i gCo Chiarraí go ceann dhá bhliain d'fhonn feasacht ar fhoraoisí a chur chun cinn agus a mhéadú.
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal ‘Forest Connections’ – a chuirfear ar fáil trí Thionscadal Oideachais Kerry Earth – daoine de gach aois a mhealladh chun na foraoisí le go mbeidh siad ábalta saol na foraoise a bhreathnú, taitneamh a bhaint as agus páirt a ghlacadh sa saol sin. Tabharfar deis do gach duine baint a bheith acu le foraoisí áitiúla agus foraoisí ar fud na hÉireann agus cuirfidh sin le mothúcháin fholláine agus leis an eolas atá acu maidir le chomh tábhachtach is atá foraoisí inár saol.
Dúirt an tAire Stáit Doyle ag an seoladh:
"Tá sé seo ar cheann de na tionscadail maidir le foraoisí a chur chun cinn ar ceadaíodh maoiniú ina leith níos luaithe i mbliana agus tá ríméad orm a bheith anseo ag an seoladh inniu. Tá réimse tionscadal i gceist le ‘Forest Connections’ atá dírithe ar aoisghrúpaí éagsúla chun cuairt a thabhairt ar fhoraoisí agus timpeallacht foraoise agus na gnéithe éagsúla a bhaineann leis sin a fheiceáil dóibh féin agus sult a bhaint as. Tuigim go n-áireofar leis na himeachtaí Campa Samhraidh Foraoise, Club Iarscoile Foraoise do Ghasúir, Campaí Beaga Foraoise agus Turais lae san fhoraois do theaghlaigh. Cé go bhfuil go leor léite againn faoi na tairbhí a bhaineann le foraoiseacht, lena n-áirítear fostaíocht, ioncaim a ghiniúint, bithéagsúlacht agus ceapadh maidir le hathrú aeráide, is turas foghlama ann féin cuairt a thabhairt ar fhoraois – agus aird a thabhairt ar na radhairc atá le fáil laistigh d'fhoraois i ndáiríre – dá bhrí sin fáiltím roimh an tionscnamh seo de chuid Tionscadal Oideachais Kerry Earth."
Chomh maith leis sin, is imeacht ‘Wild Child Day’ freisin a bheidh sa seoladh á reáchtáil i bhForaois Pobail Ladhar an Chrompáin, chun leanaí a spreagadh dul amach faoin dúlra le linn na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta. Áirítear leis taispeántais in Ionad Acmhainní Ladhar an Chrompáin, ina mbeidh taispeántais d'ealaín dúlra agus de cheirdeanna áitiúla, mar aon le gníomhaíochtaí foraoise.
CRÍOCH
Ceadaíodh maoiniú do 15 tionscadal atá dírithe ar fhoraoisí a chur chun cinn i mí Aibreáin 2019 – tagraíodh dóibh i bPreasráiteas de chuid na Roinne an 6 Aibreán 2019 – tá an preasráiteas ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne.
Is trí Thionscadal Oideachais Kerry Earth a sholáthrófar ‘Forest Connections’, ina bhfuil réimse tionscadal éagsúla beartaithe atá dírithe ar leanaí ó aois ceithre bliana go daoine fásta.
I measc na n-imeachtaí atá beartaithe, tá:
Is i gcomhar le buíon teagascóirí a dhéanfar gach tionscadal faoi leith a reáchtáil lena n-áirítear oideachasóirí comhshaoil, éiceolaithe, gairneoirí agus oideachasóirí luathbhlianta.
Beidh an tionscadal foriomlán ar siúl go ceann dhá bhliain.