Íocaíocht 2019 de na réamhíocaíochtaí faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí fógartha ag Doyle
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Uasal Andrew Doyle T.D. an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Ábhar Orgánach sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí d'fheirmeoirí atá páirteach sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí. Tá íocaíochtaí ar fiú tuairim is €6.1 milliún iad déanta cheana féin le beagnach 1,300 feirmeoir, agus cuireadh tús leis na híocaíochtaí sin ag deireadh mhí na Samhna. Leanfar d'íocaíochtaí a dhéanamh le feirmeoirí idir seo agus deireadh na bliana.
Dúirt an tAire "Tá áthas orm a fhógairt gur cuireadh tús leis na réamhíocaíochtaí seo níos luaithe ná mar a bhí socraithe agus go deimhin níos luaithe ná mar a bhí anuraidh. Tá an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí ar cheann de na scéimeanna is mó ráchairte atá againn faoinár bPlean Forbartha Tuaithe reatha agus tá na spriocanna a bhí leagtha amach faoin bplean, agus tuilleadh leis, bainte amach againn i dtéarmaí talamh athchóirithe agus an talamh sin a choinneáil le haghaidh ábhar orgánach.”
Ciallaíonn na híocaíochtaí a rinneadh le feirmeoirí faoin scéim seo go bhfuil €1.55 Billiún in íocaíochtaí díreacha íoctha ag an DAFM le feirmeoirí ó Mheán Fómhair seo caite.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire "tá an scéim feirmeoireachta orgánaí is mó a facthas riamh anseo in Éirinn curtha ar fáil ag mo Roinnse faoin RDP seo agus cuireadh deis ar fáil le go mbeadh lucht iarrtha nua ar an scéim ábalta iarratas a dhéanamh uirthi anuraidh. Tá ríméad orm go bhfuil ár gcuid tiomantas i leith na n-íocaíochtaí á mbaint amach againn do rannpháirtithe na scéime agus bheimis ag moladh do na páirtithe leasmhara ar fad leanúint de bheith rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin ar CAP d'fhonn eolas a dhéanamh don leagan amach a bheidh ar an gcéad scéim Orgánaice eile.
Nótaí d'Eagarthóirí
Is scéim agra-chomhshaoil í an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (OFS) atá leagtha amach chun buntáistí feabhsaithe maidir leis an timpeallacht agus leas ainmhithe a chur ar fáil agus cúiteamh a chur ar fáil d'fheirmeoirí a shaothraíonn a ngabháltas i gcomhréir le caighdeáin feirmeoireachta orgánaí ar feadh tréimhse cúig bliana. Is é an príomhchuspóir na buntáistí timpeallachta agus leas ainmhithe a chur ar fáil chomh maith le táirgeoirí a spreagadh le freagra a thabhairt ar éileamh an mhargaidh i ndáil le bia a tháirgtear go horgánach.
Is scéim thábhachtach í an OFS faoi Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann. Tá 1530 feirmeoir rannpháirteach sa Scéim faoi láthair agus tuairim is 72,000 heicteár anois ann i ndáil le táirgeadh orgánach, sin ardú beagnach 50% ar an méid a bhí i gceist nuair a cuireadh tús leis an gClár in 2014.
Tá an réamhíocaíocht atá díreach eisithe déanta suas de 85% den íocaíocht iomlán atá dlite; agus íocfar an 15% eile sa bhliain 2020 i gcomhréir le Rialacha AE.
Cuireadh tús le réamhíocaíochtaí na bliana 2018 an 7 Nollaig.
CRÍOCH