Simpliú ar Riachtanais an Chláir um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola fógartha ag Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Cultúir, Bia agus Mara, Michael Creed TD, simpliú ar riachtanais faoin gClár um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola inniu (BDGP) i ndáil le hincháilitheacht Tarbh Tréada faoin gclár.
Éilítear ar rannpháirtithe an chláir a úsáideann tarbh tréada tarbh amháin ar a laghad a bheith acu ar a ngabháltas an 30 Meitheamh 2019 a bhí 12 mhí dhéag ar a laghad agus a fuair rátáil 4 nó 5 réalta ar an Innéacs Athsholáthair agus/nó Teirminéalach, laistigh agus/nó ar fud an phóir sa chéad mheasúnú géanómaíoch nó sa mheasúnú géanómaíoch an tráth ar ceannaíodh é.
Tá 2 shimpliú déanta ar an riachtanas seo:
Dúirt an tAire Creed:
"Tá áthas orm an simpliú seo ar an riachtanas i ndáil le Tarbh Tréada faoin gClár um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola (BDGP) a fhógairt. Bhí oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth lena macasamhail san ICBP ar an gceist seo agus airím go bhfaighidh an oiread rannpháirtithe agus is féidir a n-íocaíocht iomlán in 2019 faoin gClár tábhachtach seo de bharr an chuir chuige réadúil seo i leith an phríomhriachantais seo. Tá roinnt tréada aitheanta acu nach bhfuil ag baint amach an riachtanais seo i láthair na huaire agus beifear i dteagmháil leo sin sna laethanta amach romhainn chun na hoibleagáidí atá orthu faoin gClár a chur in iúl dóibh."
CRÍOCH