Freagra tugtha ag an Aire Doyle maidir le fiosrúchán RTÉ ar Thionscal na gCon
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá imní mhór léirithe ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD, ar a bhfuil freagracht ar leith maidir le hearnáil na gcon, faoi na saincheisteanna a tugadh ar aird i bhfiosrúchán de chuid RTÉ an 26 Meitheamh 2019.
Dúirt an tAire Doyle sa fhreagra:
"Glacann an Roinn go han-dáiríre le haon líomhaintí maidir le rialacha i leith leasa ainmhithe a bheith á sárú agus tabharfaidh an Roinn faoi fhiosrúchán cuimsitheach ina leith agus faoi na gníomhartha forfheidhmithe is gá chun dul i ngleic le cionta dá leithéid."
Faoin Acht nua um Rásaíocht Con, 2019, a síníodh ina dhlí an mhí seo caite, tugtar cumhachtaí breise do Bhord na gCon chun rialacháin a chur i bhfeidhm maidir le hinrianaitheacht con. D'fhéadfadh an Bord rialacháin a dhéanamh a mbeadh ceanglais iontu i leith úinéirí con a chlárú, cúnna rásaíochta a chlárú agus ina gcuirfeadh úinéirí, póraitheoirí agus traenálaithe con i bhfad níos mó imeachtaí saoil in iúl ná mar a chuirtear in iúl faoi láthair i mbunachair sonraí leabhar graí agus micrishlise. Tacóidh na rialacháin le huaillmhian an Bhoird maidir le bunachar sonraí cuimsitheach nua rianaithe a chur ar bun agus a chothabháil i leith cúnna rásaíochta trína gcuirfear cumhachtaí breise ar fáil chun dul i ngleic le réimsí amhail frith-dhópáil, sláine agus smachtbhannaí.
Leag an tAire Stáit béim ar an obair mhór agus comhsheasmhach atá déanta ag an Roinn maidir le rialacha i leith leas ainmhithe a chur i bhfeidhm, lena n-airítear an t-athbhreithniú a rinneadh ar reachtaíocht i leith leas ainmhithe le 100 bliain anuas, a raibh an tAcht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013 mar thoradh air. Tugadh 73 cás dlí ó cuireadh an tAcht i bhfeidhm, ar cásanna dlí iad ar éirigh leo, agus tá 30 comhad ionchúisimh á bpróiseáil faoi láthair mar gheall ar sháruithe leasa.
"Ní eisíonn mo Roinnse deimhnithe chun cúnna a onnmhairiú chuig an tSín ná chuig an bPacastáin. Níor eisíodh deimhniú ar bith maidir le cúnna a onnmhairiú as Éirinn chuig ceachtar den dá thír sin ó rinneadh Aire díomsa."
Dúirt an tAire chomh maith go bhfuil an Roinn chun athbhreithniú a dhéanamh ar choinníollacha ceadúnaithe i gcnioglanna maidir leis na cleachtais a chonacthas ar RTÉ. Déanfar na líomhaintí ar fad a scrúdú d'fhonn gníomhartha cuí a chinneadh.
CRIOCH