Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh thoscairí náisiúnta agus idirnáisiúnta chuig an gcéad Chruinniú Eolaíochta Bliantúil den Chomhchlár Eorpach 'One Health'
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Chéad Chruinniú Eolaíochta Bliantúil de chuid an Chomhchlár Eorpach 'One Health' (EJP) seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD. Chuir an tAire fáilte roimh 280 toscaire náisiúnta agus idirnáisiúnta chuig an gcruinniú tábhachtach seo a bheidh ar siúl in Ionad Comhdhála Teagasc i mBaile an Ásaigh, Baile Átha Cliath ón 22-24 Bealtaine 2019. Pléifear ag an gcruinniú buncheisteanna maidir le paitigíní i mbia agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach i gcomhthéacs One Health.
Dúirt an tAire:
"Is mar gheall ar rannpháirtíocht mo Roinnse, Teagasc agus OÉ Gaillimh sa Chomhchlár Eorpach One Health, Zónóisí & Baoil atá ag Teacht Chun Cinn, atá á chomhordú ag an nGníomhaireacht ANSES de chuid na Fraince agus á mhaoiniú ag Taighde agus Nuálaíocht an AE (Horizon 2020) atá an cruinniú céimiúil seo á óstáil. Cuireadh tús leis an tionscadal One Health an 1 Eanáir 2018 ina bhfuil infheistíocht shuntasach chomhordaithe ó Bhallstáit an AE atá rannpháirteach agus ón gCoimisiún Eorpach chun dul i ngleic le zónóisí i mbia, le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus le rioscaí nua atá ag teacht chun cinn."
Tá an Comhchlár Eorpach 'One Health' ag cuidiú le comhoibriú idir na 40 comhpháirtí a láidriú (lena n-áirítear an Comhlachas Med-Vet-Net) ó na 19 mBallstát de chuid an AE. Tá sé mar aidhm leis feabhas a chur le cuir chuige chun miocrorgánaigh zónóiseacha agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach in ainmhithe, sa chomhshaol, sa slabhra bia agus i ndaoine a bhrath, a mhonatóiriú agus a chosc. Beidh na hionaid taighde seo, a bhfuil sainorduithe ó shaotharlanna náisiúnta tagartha ar zónóisí i mbia ag an gcuid is mó acu, ina líonra eagraithe a bhfuil d'aidhm leis dul chun cinn san eolaíocht a chur chun cinn i réimsí zónóisí i mbia, frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus rioscaí nua atá ag teacht chun cinn. Tá an clár bunaithe ar phrionsabal an chómhaoinithe ó institiúidí rannpháirteacha agus ón Aontas Eorpach ("Horizon 2020", Creatchlár an AE do Thaighde agus do Nuálaíocht). Beidh costas €90 milliún leis agus é ar an infheistíocht is mó atá déanta sa Chomhchlár Eorpach, agus 50% den mhaoiniú ag teacht ón gCoimisiún Eorpach agus 50% ag teacht ó Bhallstáit Rannpháirteacha.
Dúirt an Dr Geraldine Duffy, Ceann na Sábháilteachta Bia ag Teagasc, agus an Dr Dearbháile Morris, OÉ Gaillimh, Comhchathaoirligh na comhdhála:
"Tá ríméad ar fhoireann eagraithe na comhdhála óstáil a dhéanamh ar Imeacht an Chomhchláir Eorpaigh One Health (EJP) seo a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath agus fáilte a chur roimh chomhghleacaithe as Éirinn agus roimh chomhghleacaithe idirnáisiúnta chun díriú ar shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le paitiginí i mbia agus le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach i bhfóram One Health."
Ar deireadh dúirt an tAire “Cuirimid fáilte mhór roimh ár gcomhpháirtithe san Eoraip go Baile Átha Cliath don chruinniú ardleibhéil seo. Tacaím go láidir le hobair mo roinne, Teagasc agus OÉ Gaillimh i gcomhoibriú a dhéanamh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta tríd an EJP One Health chun sonraí agus faisnéis a ghiniúint lena húsáid chun anailís a dhéanamh ar rioscaí do shláinte. Cuirfear struchtúr ar fáil tríd an tionscadal seo d'idirghníomhaíocht éifeachtach leis na Ballstáit AE eile, le mórthionscadail a bhaineann le One Health atá maoinithe ag an AE, leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus leis an gCoimisiún Eorpach.
CRÍOCH
Is clár taighde comhoibríoch é an Comhchlár Eorpach One Health (EJP) arna maoiniú ag an gCoimisiún Eorpach chun cuidiú le héilleáin i mbia agus sa chomhshaol a chuireann isteach ar shláinte daoine a chosc agus a rialú agus tá sé cómhaoinithe faoi Horizon 2020, Clár Réime um Thaighde & Nuálaíocht an AE.
Sa choincheap "One Health" aithnítear go bhfuil sláinte daoine ag brath go mór ar shláinte ainmhithe agus an chomhshaoil, agus go bhfuil éilleáin i mbia ach go háirithe a chuireann isteach ar shláinte daoine, ainmhithe agus an chomhshaoil fite fuaite ina chéile. Tríd an gComhchlár Eorpach (EJP) "One Health" tá pobal taighde tugtha le chéile ar fud na hEorpa ina gcuimsítear eolaithe sláinte míochaine, tréidliachta agus comhshaoil chun oibriú le chéile i bhfoirne ildisciplíneacha ina bhfuil cur chuige idirnáisiúnta chun dul i ngleic le bagairtí a bhaineann le galair i mbia, frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus baoil do shláinte an duine atá ag teacht chun cinn ó ainmhithe nó ón gcomhshaol.
Tá 38 institiúid ann ó 19 mBallstát agus Stáit Ghaolmhara Eorpacha a bheidh comhpháirteach san EJP One Health. Déantar an EJP a chómhaoiniú ar feadh tréimhse 5 bliana ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2022 agus a chomhordú ag ANSES, Gníomhaireacht um Shláinte agus Shábháilteacht Bia, Comhshaoil agus Ceirde na Fraince. Cuimsíonn na hinstitiúidí comhpháirteacha, a bhfuil feidhmeanna ó shaotharlanna náisiúnta tagartha ar zónóisí i mbia ag a bhformhór díobh, líonra eagraithe agus déanann siad ionadaíocht ar phobal taighde comhtháite a bhfuil d' aidhm leis dul chun cinn san eolaíocht a chur chun cinn i réimsí zónóisí i mbia, frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus bagairtí nua atá ag teacht chun cinn.
Seoladh go hoifigiúil an EJP One Health H2020 le linn cruinnithe i mí Eanáir 2018 i gceanncheathrú Anses, i Maisons-Alfort na Fraince. Áirítear foráil san EJP do mhaoiniú taighde a chur ar fáil do chlár taighde ina bhfuil breis agus 20 tionscadal taighde il-chomhpháirtí, il-disciplín. Cuireadh tús le 13 tionscadal taighde il-chomhpháirtí, il-disciplín in 2018. Chomh maith leis sin, foráiltear do Chruinnithe Eolaíochta Bliantúla agus do bhearta eile chun fionnachtana eolaíochta na dtionscadal taighde seo a scaipeadh mar chuid den chlár.
Is iad Ollscoil na hÉireann Gaillimh (OÉ Gaillimh) agus Teagasc rannpháirtithe eolaíochta na hÉireann san EJP. Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara rannpháirteach go straitéiseach sa tionscadal agus tá Grúpa Macasamhla EJP curtha ar bun aici chun críocha straitéisí, scaipthe agus saothraithe. Cuimsítear i measc grúpaí eile sa ghrúpa macasamhla seo réimse maoinitheoirí agus institiúidí acadúla ábhartha eile.