Tús curtha le hÍocaíochtaí Comhardaithe do Bhliain 2 de Scéim Leasa na gCaorach fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí comhardaithe chuig gach feirmeoir incháilithe faoi bhliain 2 de Scéim Leasa na gCaorach. Tá an Scéim cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe, 2014-2020.
Dúirt an tAire Creed:
"eisíodh 85% de réamhíocaíochtaí chuig feirmeoirí i lár mhí na Samhna, agus táim sásta a dheimhniú go bhfuil tús curtha anois leis na híocaíochtaí comhardaithe 15% faoi Scéim Leasa na gCaorach.”
Dúirt an tAire:
"tríd an scéim seo, léirítear tiomantas an Rialtais don earnáil caorach in Éirinn agus tá sruth ioncaim breise curtha ar fáil d'fheirmeoirí caorach nach raibh ar fáil roimhe seo.”
Is ionann méid iomlán na n-íocaíochtaí comhardaithe atá íoctha le beagnach 19,000 feirmeoir go dtí seo faoi Scéim Leasa na gCaorach agus beagnach €17 milliún. Tabharfaidh an íocaíocht cúnamh mór airgeadais d'fheirmeoirí aonair, don earnáil caorach go ginearálta agus don gheilleagar tuaithe níos leithne.
Ar deireadh d'iarr an tAire ar fheirmeoirí a bhfuil fiosruithe fós le réiteach acu freagra a chur chuig an Roinn ar an bpointe chun go mbeifear ábalta an íocaíocht a dhéanamh. Leanfar leis na híocaíochtaí a eisiúint ar bhonn leanúnach de réir mar a bheidh incháilitheacht feirmeoirí á deimhniú i ndáil le feirmeoirí a bhfuil fiosruithe fós le freagairt acu.
CRÍOCH