Rabhadh tugtha ag an Aire go bhféadfadh Fiabhras Afracach na Muc scaipeadh chun na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá comhairle eisithe ag an Aire Michael Creed don phobal maidir le galar marfach muice ar an dtugtar Fiabhras Afracach na Muc; na baoil a bhaineann leis don earnáil muc in Éirinn; agus an méid is féidir le muintir na hÉireann agus cuairteoirí chun na hÉireann a dhéanamh chun nach dtabharfar an galar tromchúiseach seo isteach sa tír.
Tá Fiabhras Afracach na Muc ag scaipeadh ar fud na cruinne agus tá iarmhairtí tromchúiseacha ag baint leis d'fheirmeoirí muc agus do phróiseálaithe agus onnmhaireoirí feola sna tíortha atá buailte.
Maidir leis an mbaol atá ann go dtabharfaí Fiabhras Afracach na Muc isteach in Éirinn, chomhairligh an tAire:
"cé go rachaidh sé chun leasa dúinn gur oileán atá sa tír seo níl aon ghnó againn a bheith réchúiseach faoi seo."
Leag an tAire béim nach bhfuil aon bhaol ann do shláinte daoine agus tá an fheoil go hiomlán sábháilte le hithe ach bheadh tionchar ollmhór ag an ráig den ghalar seo ar thionscal na muc sa tír seo. Tá beagnach 1.7 milliún muc in Éirinn agus b'ionann luach onnmhairí muiceola in 2018 agus €666 milliún.
Maidir le cosc a chur ar an ngalar scaipeadh chun na hÉireann, dúirt an tAire “is víreas sách nimhneach an víreas is cionsiocair le ASF agus is féidir é a scaipeadh trí thimpiste mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an duine, agus go háirithe trí dhramhbhia a dhiúscairt go míchuí”. Tá an víreas in ann maireachtáil ar feadh roinnt míonna i muiceoil agus i dtáirgí muiceola lena n-áirítear feoil leasaithe mar liamhás agus salami. Tá an tAire ag moladh do dhaoine in Éirinn agus do chuairteoirí chun na tíre seo gan dul sa seans maidir le táirgí feola ó thíortha atá buailte a thabhairt isteach sa tír seo. - “Ná tabhair do cheapaire ar ais leat, ná tabhair salami ar ais leat ”, a mhol an tAire. Mheabhraigh an tAire do dhaoine a choinníonn muca, fiú daoine a choinníonn muc nó dhó ar chúl an tí “gan dramhbhia ina bhfuil feoil nó táirgí feola a thabhairt do mhuca. D'fhéadfadh an galar seo a bheith ar leac an dorais againn mar gheall ar rud chomh simplí le ceapaire liamháis, salami nó táirge feola - agus dhéanfadh sé sin scrios millteanach ar fad”.
Níl cead ag daoine, seachas daoine atá cláraithe leis an Roinn agus a bhfuil uimhreacha tréada muc eisithe chucu, muca a thrádáil. Meabhraítear do gach duine a choinníonn muca gan cead a thabhairt d'aon duine táirgí feola a thabhairt isteach ar a n-áitreabh nó a theagmhaíonn lena gcuid muc agus iad ag caitheamh éadaí a bhí á gcaitheamh acu le linn turas seilge nó le linn cuairteanna chuig gnónna a bhaineann le muca i dtíortha atá buailte. Is féidir linn an galar tromchúiseach seo a choinneáil amach as Éirinn má oibrímid le chéile. Is féidir linn muca, feirmeoirí, gnónna agus pobail thuaithe na tíre seo a chosaint.
CRÍOCH
Is galar víreasach é fiabhras Afracach na muc a tholgann muca agus toirc allta a mbíonn bás mar thoradh air go hiondúil. D'fhéadfadh caillteanas tubaisteach a bheith mar thoradh ar an ngalar d'fheirmeoirí muc agus do thionscal na muc. Sa Pholainn, sa Liotuáin sa Laitvia agus san Eastóin, measadh go raibh caillteanas thart ar $961 milliún i gceist don tionscal onnmhairithe.
Níl daoine ná speicis eile i mbaol ag an ngalar seo. Féadann muca an galar a tholgadh trí chonablaigh muc marbh a smúradh, trí tháirgí bia ina bhfuil an víreas a ithe, nó trí theacht i dteagmháil le héadaí agus buataisí a bhí á gcaitheamh ag feirmeoirí, sealgairí agus daoine eile le linn dóibh muca ionfhabhtaithe a láimhsiú.
Níl aon leigheas ná vacsaín ar fáil do ASF agus tá an galar ag scaipeadh ar fud na cruinne1. Le dhá bhliain anuas tá an galar scaipthe chuig naoi dtír nach raibh buailte roimhe seo san Eoraip agus san Áise2, lena n-áirítear an tSín, tír ina bhfuil níos mó ná leathbhilliún muc de réir meastachán - arb é sin breis agus leath de líon iomlán na muc ar domhan. Tá ciondíothú déanta ar bhreis is milliún muc sa tSín go dtí seo mar chuid den iarracht scaipeadh an ghalair mharfaigh seo a chosc.
Tá Éire saor ó fhiabhras Afracach na muc. Ach mar sin féin, ní féidir linn a bheith réchúiseach. Tá sé ríthábhachtach dúinn gníomhú le chéile chun an galar seo a choinneáil amach as Éirinn ar mhaithe le muca, feirmeoirí muc agus Tionscal Agraibhia na tíre seo. Tá a chuid féin le déanamh ag gach duine.
Cé nach gcuireann ASF as do dhaoine agus go bhfuil an fheoil fós sábháilte le hithe, féadann an víreas maireachtáil ar feadh míonna i muiceoil agus i dtáirgí muiceola lena n-áirítear feolta leasaithe, liamhása, ispíní agus salami etc. Brisfidh an galar amach má itheann muca dramhbhia ina bhfuil feoil ionfhabhtaithe. Dá bharr sin, níor chóir dramhbhia a thabhairt le hithe do mhuca riamh.