An tAire Creed i mbun cuairt trádála chun na Síne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. i mbun cuairt trádála chuig Shang-hai agus Béising an tseachtain seo chun naisc thrádála a neartú agus deiseanna a chruthú d'earnáil agraibhia agus dí na hÉireann, agus go háirithe d'earnáil mairteola na hÉireann, d'fhonn an margadh luachmhar sin a fhorbairt tuilleadh.
Dúirt sé ‘‘tríd an gcuairt seo, cuirfear leis an sciar eile de 14 mhonarcha mairteola a fuair cead le déanamh a bheith ag onnmhairiú chun na Síne, agus tá 21 mhonarcha mairteola ceadaithe anois chun onnmhairiú a dhéanamh.”
I mí Aibreán 2018, fógraíodh go raibh teacht anois ag tionscal mairteola na hÉireann ar an margadh sin i ndiaidh próiseas idirbheartaíochta a mhair roinnt blianta, agus cuireadh tús le honnmhairí an samhradh sin. Faoi dheireadh na bliana 2018, bhí onnmhairiú déanta ar bhreis is 1,200 tonna, luach €2.3 milliún.
Dúirt an tAire Creed “Tá ardú go dtí 4,600 tonna, dar luach €21 milliún, tagtha ar onnmhairí cheana féin i mbliana go deireadh mhí Lúnasa (bunaithe ar na staitisticí trádála CSO is déanaí atá ar fáil). Mar gheall ar mhonarchana breise a bheith ceadaithe, rud a chiallaíonn gur féidir níos mó a sholáthar, tá acmhainneacht shuntasach ann anois chun fás a dhéanamh amach anseo”.
Beidh oifigigh shinsearacha ón Roinn in éineacht leis an Aire Creed, mar aon le Tara McCarthy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Bia.
Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Bia, Tara McCarthy roimh an gcuairt, “Trí theacht a bheith againn ar mhargaí na Síne agus monarchana mairteola a bheith ceadaithe mar gheall ar obair na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, in éineacht le dianobair léargais ar mhargadh na Síne a chuir Bord Bia i gcrích thar thréimhse trí bliana, tá bunús ann fás fadtéarmach a dhéanamh i margadh na Síne. Is ionann an chuairt atá ar na bacáin agus céim iontach eile inár straitéis chun feasacht a ardú agus díolacháin ar mhairteoil na hÉireann a spreagadh trí chaidrimh nua a bhunú agus naisc atá ann cheana le príomhchustaiméirí sheirbhís bhia na Síne agus Ríomhthráchtála a neartú. Trínár straitéis margaíochta do 2020 don tSín, déanfar an cháil atá ar bhrandaí bia na hÉireann a fhorbairt go córasach i measc chustaiméirí agus tomhaltóirí na Síne; ag tosú an tseachtain seo chugainn le cur chun cinn mór trína gcuirfear mairteoil na hÉireann i lár an aonaigh i measc tomhaltóirí na Síne”.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed ‘‘ar aon dul lenár straitéis forbartha margaidh chomhroinnte Food Wise 2025 maidir le fás inbhuanaithe na hearnála, is tosaíocht de chuid mo Roinne, i ndlúthchomhar le Bord Bia, Ambasáid na hÉireann agus an tionscal agraibhia ar an iomlán, an teacht atá againn ar mhargaí a mhéadú agus onnmhairí chun na Síne a fhorbairt agus a leathnú.’’
Áireofar leis an gcuairt cruinniú idir an dá Rialtas chun tosaíochtaí maidir le teacht a bheith ar an margadh a thabhairt ar aghaidh, lena n-áirítear teacht a bheith ar an margadh caoireola, agus chun plé a dhéanamh ar an gcomhaontú idir an tAE agus an tSín a fógraíodh le gairid maidir le Táscairí Geografacha, ar ní é atá an-dearfach maidir le hUisce Beatha agus Uachtar na hÉireann.
Nóta d'eagarthóirí
Clár
Shang-hai, Dé Máirt an 12 Samhain
Béising Dé Céadaoin an 13 Samhain
B'ionann luach onnmhairí chun na Síne in 2018 agus beagnach €800 milliún, méadú faoi cheathair nach mór ó €200 milliún in 2010, de réir staitisticí trádála CSO (lena n-áirítear onnmhairí nach féidir a ithe ar nós foraoiseacht chomh maith le bia agus deochanna). Faoi láthair, is í an tSín an 5ú margadh onnmhairithe agraibhia is tábhachtaí ag Éirinn.
B'ionann táirgí déiríochta agus €541 milliún d'onnmhairí iomlána, bunaithe ar cháil na hÉireann ina príomhtháirgeoir táirgí déiríochta d'ardchaighdeán a tháirgtear ar bhealach sábháilte agus inbhuanaithe.
Chomh maith leis sin, tá an tSín ina ceann scríbe barrthábhachtach d'onnmhairí muiceola na hÉireann (a raibh luach beagnach €80m leo in 2018, agus €93m in 2019 go deireadh mhí Lúnasa); agus d'onnmhairí bia mara na hÉireann (€53m anuraidh).
CRÍOCH