Clinicí d'Iarratais Préimhe Foraoiseachta ar líne fógartha ag an Aire Doyle
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá tacaíochtaí breise leagtha amach inniu ag Andrew Doyle, T.D., Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht, chun cuidiú le húinéirí foraoise a n-iarratas ar Íocaíocht Préimhe Foraoiseachta don bhliain 2020 a dhéanamh ar líne.
Tá an tionscnamh seo ina chuid de threallús na Roinne seo maidir leis na seirbhísí ar líne a chuireann an Roinn ar fáil dá custaiméirí a fheabhsú agus tá sé ag teacht le cuspóir na Straitéise r-Rialtais 2017-2020 chun glacadh le cur chuige níos digití maidir le seirbhísí a chur ar fáil. Tá saoráid ar líne na Roinne chun iarratais ar íocaíocht a bhaineann leis an Deontas Foraoisithe agus leis an Scéim Préimhe a dhéanamh i bhfeidhm ó mhí na Samhna 2012.
I mí Lúnasa seo caite, d'fhógair an tAire Doyle plean na Roinne aistriú chuig deontas foraoiseachta agus córas préimhe atá go hiomlán ar líne ón 1 Eanáir 2020. Dúirt an tAire “Tá ríméad orm a fhógairt go mbeifear ábalta iarratais a dhéanamh ar an gcóras iarratais ar líne do Phréimheanna Foraoiseachta 2020 ón 20 Samhain ar aghaidh agus beidh iarratais le híoc go luath i mí Eanáir 2020. Cuireann sé seo ar chumas úinéirí foraoise iarratas a dhéanamh roimh ré ar phréimh foraoiseachta don bhliain seo chugainn. Beidh oifigigh ó mo Roinnse ag cur réimse tacaíochtaí ar fáil do dhaoine atá ag déanamh iarratas ar líne den chéad uair le linn na seachtainí agus míonna amach romhainn.’
Ba chóir d'úinéirí foraoise nach bhfuil ag baint úsáid as Seirbhísí Ar Líne na Roinne cheana féin clárú chomh luath agus is féidir ag www.agfood.ie le go mbeidh siad in ann iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí préimhe foraoiseachta don bhliain 2020. Tá físeán oiliúna ar an láithreán gréasán ina gcuirtear treoir céim ar chéim ar fáil ar mar is féidir iarratas ar phréimh foraoiseachta a chur ar aghaidh ar líne.
Sa chás gur mian le húinéirí foraoise teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir lena n-iarratas ar Phréimh Foraoiseachta ar líne, féadfaidh siad sin a dhéanamh ach teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Cabhrach ag 076 106 4437 no forestservicepremiums@agriculture.gov.ie
Chomh maith leis sin, beidh clinicí eolais ar siúl i mí na Samhna agus i mí na Nollag i mbliana sna hionaid agus ar na dátaí seo a leanas. Beidh foireann na Roinne i láthair ag na clinicí seo chun cuidiú le húinéirí foraoise a n-iarratas faoi leith ar Phréimh Foraoiseachta a chur ar aghaidh tríd an gcóras ar líne.
Dátaí agus Ionaid do Chlinicí Eolais
Contae | Dáta | Am | Ionad |
Loch Garman | 20 – 22 Samhain 2019 | 9am – 5pm | An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara Eastáit Chaisleán Bhaile Sheonach, Co. Loch Garman, Y35 PN52 |
Ciarraí | 26 Samhain 2019 | 9am – 5pm | Oifigí an Rialtais Bóthar an Spá, Trá Lí, Co. Chiarraí V92 VX4V |
Liatroim | An 3 Nollaig 2019 | 9am – 5pm | Oifigí an Rialtais Doire Shalach, Droim Sheanbhó, Co. Liatroma N41 EW27 |
Cill Dara | 10 Nollaig 2019 | 10am – 4pm | Óstán Clanard Court Bóthar Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Í, Co. Chill Dara, R14 FY90 |
Tá sé de rogha ag úinéirí foraoise teagmháil a dhéanamh lena gcomhairleoir feirme chun cúnamh a fháil chun an t-iarratas ar phréimh foraoiseachta a chur ar aghaidh tríd an gcóras ar líne.
Nótaí d'Eagarthóirí
Faoi Chlár Foraoiseachta 2014-2020 leagtar amach clár uaillmhianach chun acmhainn foraoiseachta na hÉireann a mhéadú. Tá an chuid is mó den mhaoiniú á chur ar fáil chun tacú leis an Deontas Foraoisithe agus leis an Scéim Préimhe trína gcuirtear deontais ar fáil chun an costas a bhaineann le foraois a chur agus a chothabháil a sheasamh, mar aon le híocaíochtaí préimhe bliantúla foraoise a chur ar fáil ar feadh 15 bliana, do gach úinéir talún a chuireann foraoisí agus coillearnacha nua. Tá foraoisí agus coillearnacha a ndéantar a chur chun críocha cumarsáide, comhshaoil, aeistéitiúla agus conláiste incháilithe le haghaidh tacaíochta faoin Scéim. Tá buntáiste mór ag baint le haistriú chuig córas iarratais ar íocaíochtaí atá go hiomlán ar líne toisc gur féidir aga comhlánaithe níos sciobtha a bhaint amach maidir le íocaíochtaí a dhéanamh. Tá feabhas curtha ar chóras ríomhaireachta ar líne na Roinne a tugadh isteach in 2012, rud a fhágann go bhfuil an próiseas iarratais níos simplí.
CRÍOCH