Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil an DAFM Seolta ag an Aire
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil an DAFM seolta inniu ag an Aire Stáit do Bhia, Foraoiseacht agus Gairneoireacht, Andrew Doyle, TD.
Leagtar amach sa straitéis an tábhacht a bhaineann le sláinte plandaí agus bithshlándáil d'Éirinn, mar aon lena chinntiú go mbeidh gach páirtí leasmhar ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le sláinte plandaí in Éirinn agus faoin ról atá acu agus faoi na freagrachtaí atá orthu an riosca sin a laghdú.
Dúirt an tAire gurb í “An Straitéis seo um Shláinte Plandaí agus Bithshlándála freagra na hÉireann ar roinnt cúinsí thar a bheith tábhachtach lena n-áirítear baoil níos mó atá ag teacht chun cinn mar gheall ar thrádáil dhomhanda níos mó i bplandaí agus táirgí plandaí agus an ghluaiseacht i lotnaidí agus galair plandaí nua agus ag teacht chun cinn a bhaineann leis sin.”
Aithnítear go bhfuil stádas sláinte plandaí fabhrach ag Éirinn, rud a chiallaíonn go bhfuil go leor de na lotnaidí agus galair plandaí a bhíonn le fáil in áiteanna eile fós in easnamh in Éirinn. Cuidíonn córas atá éifeachtach agus ag feidhmiú go hiomlán leis na hearnálacha foraoiseachta, gairneoireachta agus talmhaíochta a chosaint, lena n-áirítear curadóireacht agus talamh féaraigh. Beidh ról tábhachtach ag an straitéis freisin maidir leis an gcomhshaol níos leithne a chosaint.
Dúirt an tAire “I ndiaidh próiseas comhairliúcháin níos luaithe i mbliana, táim sásta an Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil seo a sheoladh. Is léiriú an straitéis ar thiomantas na Roinne an cumas agus saineolas eolaíoch atá againn a láidriú i leith sláinte plandaí.”
Tá an Straitéis tacaithe ag prionsabail straitéiseacha bharrthábhachtacha maidir le bheith ag súil le Riosca, Faireachas agus Bainistíocht a chur i bhfeidhm mar aon le Feasacht agus Cumarsáid a fhorbairt as a ndéantar líon áirithe moltaí. Is iad seo a bheidh mar bhunús don ghníomhaíocht shonraithe agus don phlean feidhmithe maidir lena bhforbairt atá le leathadh amach sna cúig bliana atá le teacht.
Moladh barrthábhachtach is ea feachtais feasachta phoiblí a cheapadh agus forbairt a dhéanamh ar fheachtais feasachta i leith sláinte plandaí ag imeachtaí náisiúnta lena n-áirítear Bloom, seó trádála GLAS, na Comórtais Náisiúnta Treabhdóireachta, agus feachtais ag aerfoirt. Dúirt an tAire “Déanfar é seo a chur i bhfeidhm agus a fheabhsú trí imeachtaí náisiúnta, AE agus imeachtaí agus bolscaireachtaí idirnáisiúnta maidir le sláinte plandaí, go háirithe trí Bhliain Idirnáisiúnta na NA um Shláinte Plandaí 2020.”
Mar fhocal scoir ghlac an tAire buíochas leis na páirtithe leasmhara ar fad a ghlac páirt sa chomhairliúchán le páirtithe leasmhara agus a chuir leis an gcomhairliúchán sin maidir leis an Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándála agus dúirt, “Is mar gheall ar an tacaíocht ollmhór ó gach páirtí leasmhar go rabhthas in ann an straitéis seo a fhorbairt.”
Nótaí d'Eagarthóirí
Is féidir an tuarascáil a fháil ar ár láithreán gréasáin.
CRÍOCH