Maoiniú nua fógartha ag Creed d'fhonn cuidiú le Fiontair Bia Mara Margaí Onnmhairithe a fhorbairt
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuideoidh an scéim leis an tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht a laghdú tríd éagsúlú margaidh
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu sonraí maidir le Scéim nua a thacóidh le fiontair bia mara margaí onnmhairithe a fhorbairt chomh maith leis an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an mBreatimeacht a laghdú. Tá an Scéim um Scálú Bia Mara agus Margaí Nua a Fhorbairt á seoladh faoi Chlár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na hÉireann 2014-20, arna cómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach. Tá an scéim á cur i bhfeidhm trí chomhpháirtíocht idir Bord Iascaigh Mhara agus Bord Bia. Rinne an tAire Creed an fógra ag ceardlann ar Ullmhacht don Bhreatimeacht i gCorcaigh d'fhonn cuidiú le gnóthaí agraibhia de gach méid agus a gcuid cuideachtaí lóistíochta agus iompair céimeanna a ghlacadh anois lena chinntiú go mbeidh a gcuid earraí ábalta gluaiseacht go héifeachtach trí chalafoirt nuair a bheidh an Ríocht Aontaithe imithe as an AE.
Ag fógairt na scéime dó, dúirt an tAire Creed: "Tá an Rialtas ag leanúint de thacaíocht a thabhairt do ghnóthaí, go háirithe don earnáil agraibhia, chun go mbeidh siad ábalta ullmhú don Bhreatimeacht trí réimse leathan de thacaíochtaí comhairleacha agus airgeadais. Táim ag seoladh tacaíochtaí nua inniu atá dírithe go sonrach ar fhiontair bia mara d'fhonn tacú leo na margaí onnmhairithe atá acu ar fud an domhain a fhorbairt agus a éagsúlú. Cuirfear tacaíocht ar fáil faoin scéim seo d'fhiontair bia mara chun margaí onnmhairithe nua a fhorbairt trí sheónna trádála idirnáisiúnta bia mara agus imeachtaí líonraithe custaiméirí eile. Déanfar na rátaí tacaíochta is mó a choinneáil d'fhiontair bia mara a oibríonn i gcomhar d'fhonn margaí easpórtála a fhorbairt agus tabharfar tacaíocht i ndáil le gníomhaíochtaí breise mar gníomhairí thar lear agus oifigí a fháil ar cíos thar lear a chur ar fáil do na grúpaí sin, chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil dóibh le bheith páirteach i seónna trádála".
Labhair Jim O'Toole, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Iascaigh Mhara, ar riachtanais an tionscail bia mara, atá faoi threoir onnmhairithe den chuid is mó: "Tráth a bhfuil gnóthaí sa earnáil bia mara ag leanúint leis an ullmhúchán don Bhreatimeacht, tá an-fháilte roimh an scéim nua seo. Ní mór tuiscint níos doimhne a bheith ar na ceanglais atá de dhíth d'fhonn éagsúlú a dhéanamh i margaí nua chun go mbeidh cuideachtaí as Éirinn ábalta na táirgí atá acu a fhorbairt chomh maith is atá siad in ann chun leas a bhaint as deiseanna nua."
Dúirt Tara McCarthy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Bia "Cé gur margadh ríthábhachtach i gcónaí é an Ríocht Aontaithe don tionscal bia mara, tá deis an éagsúlaithe anois i lár an aonaigh de bharr cúinsí domhanda a bheith ag athrú. Tabharfar tuilleadh tacaíochta do ghnóthaí bia mara faoin scéim seo chun tabhairt faoi dheiseanna foráis a d'fhéadfadh a bheith ann i réigiúin nua agus cinnteofar go mbeidh gach a dteastaíonn uatha acu d'fhonn na dúshláin atá amach rompu ó thaobh an mhargaidh de a shárú.
Mheabhraigh an tAire Creed ag an seimineár don slua i gCorcaigh go mbeidh ceanglais nua i gceist i ndáil le seiceálacha cáipéisí, céannachta agus fisiciúla a dhéanamh ar allmhairithe ainmhithe, plandaí agus ar tháirgí de bhunús ainmhíoch agus plandaí - lena n-áirítear adhmad agus táirgí adhmaid, mar atá leagtha amach i reachtaíocht an AE, mar gheall ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an AE agus dúirt sé chomh maith "Níl ach cúig seachtaine fanta anois go dtí an 31 Deireadh Fómhair, agus táim ag moladh do ghnóthaí arís a bhíonn i mbun trádála ar earraí agraibhia eolas a chur ar na ceanglais shonracha a bheidh i gceist maidir leis na hearraí a mbíonn siad féin a thrádáil agus a chinntiú go bhfuil siad cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim agus le mo Roinnse."
Nótaí d'Eagarthóirí
Nótaí d'eagarthóirí
Tá sonraí na Scéime um Scálú Bia Mara agus Margaí Nua a Fhorbairt agus mar is féidir iarratas a dhéanamh uirthi le fáil ag www.bim.ie/schemes/
Tá an spriocdháta don Bhreatimeacht, an 31 Deireadh Fómhair, ag teannadh linn anois, agus tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chomh maith leis na Ranna agus Gníomhaireachtaí cuí ag leanúint de theagmháil a dhéanamh le gnóthaí d'fhonn an gá atá ann a bheith ullamh don Bhreatimeacht a chur i gcuimhne dóibh trí shraith d'imeachtaí teagmhála a chur ar fáil an mhí seo d'fhonn cuidiú le gnóthaí agraibhia de chuile mhéid agus lena gcuideachtaí lóistíochta, miondíoltóirí agus cuideachtaí iompair ullmhú do na gnáis nua custam agus rialála a bheidh ann i ndiaidh an Bhreatimeachta.
Seimineáir Brexit: Practical steps to keep agri-food trade moving
Tá "Seicliosta le bheith Ullmhaithe don Bhreatimeacht" foilsithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do ghnóthaí a bhíonn ag bogadh ainmhithe, plandaí agus táirgí de bhunús ainmhíoch agus plandaí. Is féidir teacht air ar https://www.agriculture.gov.ie/brexit/preparingforbrexit/
Tá leabhrán ullmhaithe ag an Rialtas chomh maith, Getting your Business Brexit Ready: Practical Steps, ina gcuirtear forléargas cuimsitheach ar fáil do ghnóthaí maidir leis na príomhchéimeanna is ceart dóibh a ghlacadh le bheith ullamh don Bhreatimeacht.
Is iad na príomhnósanna imeachta clárúcháin atá i gceist le haghaidh gnóthaí agraibhia ná:
Clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim chun Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíochta a fháil - EORI
Cláraigh leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara má tá tú chun bheith ag bogadh ainmhithe, plandaí, táirgí de bhunadh ainmhithe agus/nó táirgí de bhunadh plandaí (lena n-áirítear adhmad agus táirgí adhmaid) - BrexitRegistration@agriculture.gov.ie
Ina theannta sin, má tá tú ag allmhairiú ainmhithe nó táirgí ainmhithe ní mór duit clárú leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar an gcóras EU TRACES (córas TE atá ar fud an AE atá anseo) - BrexitRegistration@agriculture.gov.ie
Tacaíochtaí do Ghnóthaí Talmhaíochta - tá réimse leathan de chláir tacaíochta don earnáil agraibhia forbartha agus curtha i bhfeidhm, lena n-áirítear Scéim Iasachta €300 milliún an Bhreatimeachta, an Scéim Iasachta €300 milliún um Fhorás sa Todhchaí agus Baraiméadar Breatimeachta Bhord Bia. Cuireadh oiliúint speisialaithe ar fáil i roinnt réimsí lena n-áirítear éagsúlú margaidh agus custaim ar fud na tíre chomh maith. Is féidir teacht ar liosta iomlán de na tacaíochtaí atá ar fáil anseo www.gov.ie/Brexit
CRÍOCH