€1.2 milliún bronnta i ndeontais ar 93 tionscadal ag Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh EMFF
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Dara Calleary TD, go bhfuil luach €1.2 milliún i ndeontais bronnta ar 93 grúpa pobail áitiúla agus micrithionscadail ag sé cinn den seacht nGrúpa Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh atá bunaithe faoi Chlár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na roinne. Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a dhéanann cómhaoiniú ar na deontais.
Dúirt an tAire Calleary fad is a bhí sé ag fógairt na chéad trainse de dheontais atá bronnta don bhliain 2020:
"Tá Scéim FLAG, a thagann faoi Chlár Forbartha Bia Mara EMMF mo roinne ar leith de bharr gurb iad daoine a dhéanann ionadaíocht ar phobail traidisiúnta iascaireachta s'againne a dhéanann cinneadh i ndáil le maoiniú a bhronnadh agus ar an mbealach sin, faigheann go leor grúpaí agus imeachtaí forbartha pobail inár gcuid pobail iascaireachta maoiniú áitiúil a bhfuil géarghá leis, chomh maith le maoiniú forbartha tábhachtach a chur ar fáil do mhicrithionscadail a bhfuil baint acu le hiascaigh agus cúrsaí dobharshaothraithe, turasóireacht muirí agus gníomhaíochtaí fóillíochta mara. Rud amháin a cheanglaíonn na tionscadail seo uilig le chéile is ea an méid a chuireann siad le geilleagar agus le forbairt shóisialta na bpobal traidisiúnta iascaireacht, agus is lena haghaidh sin atá scéim FLAG ann."
Dúirt an tAire Calleary chomh maith:
"Níl Scéim Flag ar bun ach le cúpla bliain agus tá sí ag dul ó neart go neart a bhuíochas don leithroinnt €12 milliún a chuireann Clár EMFF mo Roinne ar fáil. Is léiriú é sin, ní hamháin ar an éileamh atá ann le haghaidh maoiniú forbartha áitiúil den chineál sin, ach ar an obair chrua atá déanta ag daoine deonacha sa cheantar le boird a chur le chéile i ngach ceann dár seacht FLAG."
Tá sonraí na scéime FLAG agus conas iarratas a dhéanamh uirthi le fáil ag www.bim.ie/schemes.
CRÍOCH
Seoladh Clár Oibríochta EMFF i mí Eanáir 2016. Cuirtear maoiniú €240m ar fáil faoin gClár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. An Státchiste agus an tAontas Eorpach a mhaoiníonn an Clár eatarthu.
Is straitéis forbartha do phobail le cósta í FLAG, an Bhuíon Gníomhaíochta Limistéir Áitiúil Iascaigh (2014 – 2020) a bhfuil ciste €12 milliún ar fáil le dáileadh ar 7 bpobal ainmnithe le cósta na hÉireann. Is iad na 7 réigiún FLAG - Deisceart, (Corcaigh), Iardheisceart (Ciarraí, Luimneach), Oirdheisceart (Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin), Iarthar (Gaillimh, An Clár), Iarthuaisceart (Maigh Eo, Sligeach, Liatroim), Tuaisceart (Dún na nGall) agus Oirthuaisceart (Baile Átha Cliath, Lú, An Mhí).
Cuidíonn Bord Iascaigh Mhara (BIM), an Ghníomhaireacht Forbartha Bia Mara, le grúpaí FLAG an scéim seo a sheachadadh trí thacaíocht a riaradh trí dheontais i gcabhair, oiliúint agus éascú i measc an phobail. Tá comhordaitheoirí FLAG ar fáil i ngach réigiún.
Seo a leanas mar a dámhadh na deontais:
FLAG | Líon na dtionscadal | Infheistíocht Iomlán | Deontais a Dámhadh |
Iarthuaisceart | 15 | €469,956 | €229,332 |
Deisceart | 11 | €370,998 | €200,465 |
Oirdheisceart | 11 | €395,837 | €200,398 |
Iardheisceart | 14 | €316,175 | €158,424 |
Iarthar | 6 | €477,193 | €237,641 |
Tuaisceart | 36 | €287,430 | €203,777 |
IOMLÁN | 93 | €2,317,592 | €1,230,040 |
Tá sonraí ar na deontais aonair go léir a bronnadh leagtha amach thíos maidir le gach ceann den sé FLAG.