3,000 Comhpháirtíocht Feirme cláraithe deimhnithe ag Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu go bhfuil líon na gComhpháirtíochta Feirme Cláraithe (RFPanna) bunaithe anois ag 3,000. Cláraíodh 343 chomhpháirtíocht nua i mbliana roimh an spriocdháta an 15 Bealtaine chun iarratais a dhéanamh ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS).
Dúirt an tAire:
"Táim sásta go bhfuil spéis sa tsamhail comhpháirtíochta feirme fós ag méadú agus go bhfuil 3,000 Comhpháirtíocht Feirme Cláraithe cláraithe le mo Roinn i láthair na huaire."
Seachas na buntáistí soiléire sóisialta a bhaineann le comhpháirtíocht feirme a bhunú e.g. cothromaíocht oibre is saoil níos fearr, athrú ó ghlúin go glúin níos réidhe agus úsáid talún níos éifeachtúla, go háirithe thart ar ardáin bhleáin, cuireann an Stát dreasachtaí ar fáil chun go spreagfar comhpháirtíochtaí feirme a shocrú suas agus a chothabháil. Áirítear ar na dreasachtaí sin faoiseamh stoic feabhsaithe 50% a bhronnadh ar bhaill de chomhpháirtíochtaí feirme cláraithe agus teorainneacha tairsí faoi chuid de Scéimeanna CAP Colún 1 agus Colún 2 mar BPS agus TAMS a cheadú.
Dúirt an tAire Creed:
"Aithnítear gur príomhdhúshláin don earnáil atá in athnuachan glúine laistigh den talmhaíocht. Tá beartais forbartha ag mo Roinn chomh maith le tacaíocht i leith na mbeartas sin chun an chéad ghlúin eile de theaghlaigh feirme a spreagadh agus páirt a ghlacadh i gComhpháirtíochtaí Feirme agus is léiriú é sin ar na dreasachtaí sin."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
"Tá an-iarracht déanta ag mo Roinn chun cuidiú le feirmeoirí lena gcuid iarratas agus léirigh foireann an Aonaid um Chomhpháirtíocht Feirme tiomantas, díograis agus solúbthacht chun an toradh dearfach seo a bhaint amach do chách lena mbaineann sé."
CRÍOCH
Is féidir Iarratais a dhéanamh ar Chomhpháirtíochtaí Feirme Cláraithe ar feadh na bliana agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/newfarmpartnershipregister.