By using this website, you consent to our use of cookies. For more information on cookies see our privacy policy page.

Text Size: a a
Home A-Z Index Subscribe/RSS Contact Us Twitter logo small white bird

An Timpeallacht

Tá fís an Rialtais maidir le todhchaí sochaí tuaithe mar atá leagtha amach sa Pháipéar Bán bunaithe ar chothabháil pobal tuaithe scaipthe bríomhar. Brathann sroicheadh an chuspóra sin ar chur chuige maidir le forbairt tuaithe atá inchothaithe i dtéarmaí timpeallachta.

Tá an timpeallacht tuaithe ina mórshócmhainn agus soláthraíonn sí tairbhí agus deiseanna eacnamaíochta áineasa sóisialta agus cultúrtha. Ach ní fhaigheann limistéir thuaithe fáltas cóir ón úsáid a bhaineann an tsochaí as na hacmhainní timpeallachta cultúrtha agus oidhreachta. Ag an am céanna tá méadú ag teacht ar an éileamh ar na hacmhainní seo de réir mar a thagann méadú ar leibhéal na n-ioncam.

Ní mór don fhorbairt inchothaithe i measc nithe eile díriú ar laghdú a dhéanamh ar an truailliú agus ar an bplódú a éiríonn as comaitéireacht i ngluaisteáin agus is é is cuspóir di ná poist a lonnú chomh gar agus is féidir do cheantair chónaithe. Ceist inchothaitheachta atá i bpatrún lonnaíochta optamach ar aidhm fhíorthábhachtach í den straitéis atá leagtha amach sa Pháipéar Bán. Is é an cuspóir atá ann ná ionaid bheaga uirbeacha a spreagadh chun bheith níos féinchothaithí i dtéarmaí eacnamaíochta agus sóisialta agus i dtéarmaí timpeallachta freisin. Caithfidh an polasaí pleanála do limistéir thuaithe díriú ar fhorbairt eacnamaíochta a spreagadh agus ag an am céanna díriú ar chaomhnú timpeallachtaí nádúrtha áitiúla. Leis an mBille Pleanála agus Forbartha 1999 atá le hachtú go luath déanfar na forálacha láithreacha i dtaca leis an ábhar seo a uasdátú agus a fheabhsú.

D'fhéadfadh sé go mbeidh coimhlint ann idir grúpaí leasmhara éagsúla ag an leibhéal náisiúnta ag an leibhéal réigiúnach agus ag an leibhéal áitiúil. Ní mór don tsochaí cothromú a dhéanamh idir an gá le forbairt eacnamaíochta agus cruthú fostaíochta i limistéir thuaithe agus an mhian chun taitneamhachtaí agus oidhreacht chultúrtha na tuaithe a chosaint. Tá ról mór ag údaráis áitiúla i dtaca leis an gcóras pleanála agus forbartha is é sin le rá iarracht a dhéanamh forbairt ordúil a chur chun cinn agus cothromú a dhéanamh idir na riachtanais iomaíocha. Le himeacht aimsire tabharfar aird ar an dearcadh réigiúnach trí obair na dTionól Réigiúnach agus na núdarás Réigiúnach.

Beidh leas fadtéarmach pobal tuaithe ag brath ach go háirithe ar úsáid inchothaithe acmhainní áitiúla. Chun leas a bhaint as sócmhainní timpeallachta mar shampla aer agus uisce glan tírdhreach gan mhilleadh acmhainní nádúrtha líon mór uiscebhealaí intíre gnáthóga etc. agus iad a cosaint ag an am céanna ní mór cur chuige comhordaithe a bheith ann agus ní mór an t-ábhar imní faoin timpeallacht a chur san áireamh i ngach polasaí agus i ngach clár le haghaidh forbairt tuaithe.

Tá tacaíocht tugtha ag an Rialtas do "Sustainable Development: A Strategy for Ireland" (1997) ina ndéileáiltear le gach gné de pholasaí a fhearann ar an timpeallacht.

Sa chomhthéacs sin tá an Rialtas tiomanta do chur i bhfeidhm polasaithe forbartha tuaithe a cheaptar laistigh de chreat forbartha inchothaithe agus agus cinnteoidh sé go ndéanfar polasaí forbartha tuaithe a chur i bhfeidhm ar bhonn na hinchothaitheachta go gcosnófar an timpeallacht go saothrófar acmhainní nádúrtha i slí inchothaithe agus go réiteofar coimhlint i gcomhairle le leasanna tuaithe.

Bunaíodh an Chomhpháirtíocht Náisiúnta Forbartha Inchothaithe 'Comhar' i mí Feabhra 1999. Is iad na téarmaí tagartha atá aige ná an clár oibre náisiúnta maidir le forbairt inchothaithe a thabhairt chun cinn measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtaca leis sin cabhair a thabhairt maidir le sásraí oiriúnacha a cheapadh agus comhairle a thabhairt i leith iad a chur i bhfeidhm agus cabhrú leis an obair a ghabhann le teacht ar chomhthoil náisiúnta maidir le forbairt inchothaithe. Comhlacht comhairleach tábhachtach atá i gComhar agus tá ionadaithe air ó réimse leathan earnálacha de chuid shochaí na héireann.

Le dhá bhliain anuas tá pacáiste cuimsitheach beart tugtha isteach ag an Rialtas chun feabhas a chur ar an mbonneagar timpeallachta is é sin:

  • an Clár Uisce Tuaithe; mar gheall ar phatrúin lonnaíochta agus topagrafaíocht limistéar tuaithe leanfaidh grúpscéimeanna uisce de bheith ina soláthróirí uisce do thithe agus d'fheirmeacha lasmuigh de limistéir fhoirgnithe. Bíonn grúpscéimeanna ag brath ach go háirithe ar iarrachtaí pobal tuaithe chun na sruthchúrsaí atá mar fhoinsí acu a chosaint. Beidh ar na grúpaí féin ardtosaíocht a thabhairt do shuiteáil trealaimh cóireála d'fhonn feabhas a chur ar chaighdeán an táirge a chuirtear ar fáil dá mbaill. Beidh sé níos tábhachtaí ná riamh amach anseo go saothrófar cur chuige pleanáilte i dtaobh forbartha i ngach gné de bhainistíocht agus d'oibriú soláthairtí uisce tuaithe agus go ndéanfar líonraí poiblí agus líonraí príobháideacha a lánpháirtiú chun a chinntiú go mbeidh an éifeachtúlacht agus an caighdeán is airde ann. Déantar iarracht tríd an gClár Uisce Tuaithe chun comhthoil a fháil tríd an gCoiste Náisiúnta Faireacháin Uisce Tuaithe idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach i dtaobh na straitéisí atá le cur i bhfeidhm i dtaca leis an ábhar seo. Tá an Rialtas ag soláthar na ndeontas agus na fóirdheontas is gá chun tacú le cuspóirí an Chláir Grúp-Uisce
  • Tionscnamh na mBailte agus na Sráidbhailte Tuaithe a dhéanfaidh thar na ceithre bliana atá romhainn infheistíocht shubstainteach a chur ar fáil le haghaidh seirbhísí riachtanacha uisce phoiblí agus séarachais in ionaid bheaga uirbeacha chun cur i gcoinne an laghdaithe ar an daonra agus chun forbairt a spreagadh
  • an Scéim Tuaithe um Athnuachan Bailte trína méadófar tarraingteacht bailte beaga mar áiteanna chun cónaí a dhéanamh iontu agus trína bhfeabhsófar a dtimpeallacht agus a dtaitneamhachtaí.

Tá dóchúlacht ann freisin go dtiocfaidh méadú ar an mbéim atá ar fhorbairt spásúil agus ar impleachtaí úsáide talún i gcomhthéacs Dhearcadh Forbartha Spásúla na hEorpa ar ghlac Airí an AE ar a bhfuil freagracht i leith Pleanála Spásúla leis i mí Bhealtaine 1999 agus ar faoi a chuirtear ar aghaidh roinnt roghanna polasaí le haghaidh caidreamh nua uirbeach-tuaithe.

Faoi Phrotacal Kyoto tá ceangal dlí ar éirinn sprioc a bhaint amach trína ndéanfar sé cinn de na gáis teascheaptha a theorannú do 13% os cionn leibhéil 1990 faoin tréimhse 2008 - 2012. I láthair na huaire tá straitéis náisiúnta laghdaithe gás teascheaptha á hullmhú ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais áitiúil lena chinntiú go gcomhlíonfaidh éire a hoibleagáidí faoi Phrotacal Kyoto sa tslí is inchothaithe is féidir i dtéarmaí timpeallachta agus eacnamaíochta. Cinnteoidh an straitéis go n-iompraítear an t-ualach ar shlí chomh cothrom agus is féidir thar gach earnáil den tsochaí lena n-áirítear an earnáil talmhaíochta. Mar atá ráite ag an ESRI in "National Investment Priorities for the Period 2000 - 2006" (1999) tig le foraoisiú cabhair dhearfach a thabhairt i dtaca le comhlíonadh na spriocanna a bhaineann le Kyoto.