By using this website, you consent to our use of cookies. For more information on cookies see our privacy policy page.

Text Size: a a
Home A-Z Index Subscribe/RSS Contact Us Twitter logo small white bird

Réamhrá

Tá tionchar á imirt fós ag Limistéar Tuaithe na héireann ar shochaí na héireann i dtéarmaí eacnamaíochta sóisialta agus cultúir. Ach dála na sochaí uirbí tá próiseas mearathraithe ar siúl i bpobail tuaithe.

Déantar iarracht sa Pháipéar Bán straitéis chomhleanúnach a cheapadh le haghaidh forbairt tuaithe agus na freagraí polasaí a shainaithint ag an leibhéal náisiúnta ag an leibhéal réigiúnach agus ag an leibhéal áitiúil ar freagraí polasaí iad a thabharfaidh aghaidh ar an mbealach is éifeachtaí ar nithe a bhaineann le tearcfhorbairt eacnamaíochta agus shóisialta i limistéir thuaithe. Is é an cuspóir atá ann ná straitéis a shainaithint agus a chur i bhfeidhm ar straitéis í (i) a dhéanfaidh deiseanna dóthanacha fostaíochta a chur ar fáil chun cúiteamh a dhéanamh ar an bpatrún athraitheach i bhfostaíocht sa talmhaíocht (ii) a chuirfidh i gcoinne imirce agus bánú na tuaithe ina lán limistéar agus (iii) a fhreastalóidh ar na riachtanais maidir le soláthar seirbhíse poiblí i dtéarmaí rochtana ar réimse seirbhísí atá ag teastáil chun pobail tuaithe inmharthana a chothú.

Ní hionann feasta forbairt eacnamaíochta agus shóisialta limistéar tuaithe agus forbairt talmhaíochta. Dá bhrí sin meastar anois go bhfuil feabhsú comhtháite an gheilleagair leathain tuaithe riachtanach i dtaca lena lán feirmeacha teaghlaigh a choimeád ar bun. Tá fócas méadaithe ar fhorbairt tuaithe le fáil sa chomhaontú Agenda 2000 ón Aontas Eorpach le déanaí agus aithnítear é sin mar an dara colún den Chomhbheartas Talmhaíochta (CAP).

Tá maolú déanta ar leathnú sa talmhaíocht trí ghlacadh polasaithe AE chun laghdú a dhéanamh ar rótháirgeadh chun gluaiseacht chuig praghsanna margaí domhanda agus chun cosaint na timpeallachta a chomhtháthú isteach i dtacaíochtaí feirme. Mar gheall ar mheicniú agus ar theicneolaíochtaí nua tá meath tagtha ar fhostaíocht ní hamháin sa talmhaíocht ach freisin in earnálacha eile táirgeachta príomha. Is minic gurb é a lean as athruithe den sórt sin ná ghluaisteacht saothair agus daonra isteach in ionaid uirbeacha. Tá athruithe móra tagtha ar a lán limistéar tuaithe mar gheall ar imirce agus ar thitim sa daonra.

Tá éagsúlú an gheilleagair tuaithe tar éis teacht chun bheith ina bhunchuspóir de pholasaí poiblí. Ach tá srianta praiticiúla ann i gcás cur chuige polasaí den sórt sin. Mar shampla fulaingíonn limistéir thuaithe ina lán cásanna mar gheall ar a n-iargúltacht i dtéarmaí rochtana fisiciúla agus mar gheall ar mhíbharainneachtaí scála. Ina theannta sin de thoradh na dtreochtaí i dtaca le comhchruinniú agus réasúnú tionscail agus i dtaca leis na hearnálacha tráchtála agus seirbhísí i gcoitinne bíonn deacrachtaí ag limistéir thuaithe infheistíocht isteach a mhealladh nó fostaíocht láithreach a choimeád fiú.

Tá fás tapa nach raibh a leithéid ann roimhe tar éis teacht ar an ngeilleagar le blianta beaga anuas ach níor tharla an fás sin go cothrom ar fud shochaí na héireann. Leagann fórsaí eacnamaíochta próiseas oiriúnaithe síos ar próiseas é nach dtéann i bhfeidhm go cothrom i ngach limistéar ná ní bhíonn na tairbhí nó na deiseanna le fáil ar shlí aonchineálach ar fud na sochaí. Is fadhbanna suntasacha fós iad ina lán limistéar tuaithe an míbhuntáiste agus an t-imeallú. Dá bharr sin is mór an chodarsnacht atá ann idir an meath sóisialta i roinnt limistéar tuaithe agus na fadhbanna a bhaineann le bainistíocht a dhéanamh ar fhorbairt mhear leanúnach in áiteanna eile.

Mar gheilleagar beag oscailte tá éire agus a limistéir thuaithe ach go háirithe íogaireach agus soghonta a mhéid a bhaineann le forbairtí agus tionchair idirnáisiúnta eacnamaíochta agus cultúir. Téann domhandú na táirgeachta margaí athraitheacha iomaíocht níos déine athruithe meara sa teicneolaíocht agus éileamh athraitheach ó thomhaltóirí agus eolas méadaithe i measc an phobail ar shaincheisteanna timpeallachta i bhfeidhm go mór ar eagrú na gníomhaíochta eacnamaíochta agus ar phatrúin an chomhtháthaithe shóisialta agus na lonnaíochta. Dá bhrí sin tagann na fórsaí a rialaíonn cineál agus ráta an athraithe eacnamaíochta agus shóisialta go formhór ó ionaid lasmuigh de limistéir thuaithe.

Ach tig le forbairtí reatha deiseanna nua a chur ar fáil do phobail tuaithe ar choinníoll go bhfuil an creat cuí polasaí ann. D'ainneoin forbairt tuaithe a bheith tagtha chun cinn mar théama tábhachtach de pholasaí poiblí in éirinn níl aon sraitheanna comhleanúnacha de fhreagraí polasaí ceaptha nó curtha i bhfeidhm ag leibhéal an Aontais Eorpaigh agus i bhfóraim idirnáisiúnta eile ar nós an OECD. Tugadh aitheantas don riachtanas sin in "The Cork Declaration A Living Countryside" (1996) a d'éirigh as comhdháil thábhachtach idirnáisiúnta de chuid an AE ar fhorbairt tuaithe. D'iarr an Dearbhú ar dhéantóirí polasaí tacú le moltaí le haghaidh plean deich bpointe i gcomhair polasaí forbartha tuaithe inchothaithe. áiríodh orthu sin (i) cóimheá níos cothroime le haghaidh caiteachais phoiblí idir limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe (ii) cur chuige ilearnála maidir le forbairt (iii) éagsúlú gníomhaíochta eacnamaíochta agus sóisialta (iv) caighdeán agus taitneamhacht tírdhreach tuaithe a chothú (v) coimhdeacht agus (vi) béim ar chur chuige 'ón mbun aníos' agus clár aonair comhtháite i leith forbairt tuaithe. Cuireadh roinnt de na moltaí atá sa Dearbhú isteach sa chomhaontú ar Agenda 2000.

Ag féachaint don chúlra ginearálta sin tá cinneadh déanta ag an Rialtas an Páipéar Bán a chur chun cinn

  • d'fhonn na saincheisteanna a shainaithint atá thar a bheith tábhachtach maidir le forbairt pobal tuaithe in éirinn
  • d'fhonn fís a léiriú maidir le todhchaí fhadtéarmach shochaí thuaithe na héireann
  • d'fhonn straitéis pholasaí fhoriomlán a bhunú ina mbeidh bunchuspóirí maidir leis na haidhmeanna físe a bhaint amach agus na meicníochtaí institiúideacha cuí a bheith ann chun cur i bhfeidhm a chinntiú.

Addmhaítear sa Pháipéar Bán go bhfuil idirspleáchas agus idirchaidreamh dlúth ann idir limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe. Tá an straitéis fhoriomlán ceaptha chun forbairt chothromaithe agus inchothaithe agus comhtháthú sósialta feabhsaithe a chinntiú seachas cur leis an scoilt idir limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe in aon slí. Is é atá beartaithe ná creat straitéiseach a chur i bhfeidhm le haghaidh forbairt tuaithe seachas freagraí earnála a shainaithint ar fhadhbanna nó ar shaincheisteanna sonracha.

Sular ullmhaíodh an Páipéar Bán bhí próiseas comhchomhairliúcháin ann ina raibh an pobal tuaithe na comhpháirtithe sóisialta réimse leathan leasghrúpaí agus Ranna Rialtais páirteach. Fuarthas líon mór aighneachtaí scríofa ó eagraíochtaí agus grúpaí idir náisiúnta agus áitiúil agus ó dhaoine aonair a fheidhmíonn thar ceann réimse leathan leasanna i limistéir thuaithe. Bhí deis ag an bpobal tuaithe freisin a dtuairimí agus a n-ábhair imní a léiriú le linn seimineár réigiúnach a d'eagraigh an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia. Ina theannta sin bhuail an tAire Stáit agus a chuid oifigeach agus daoine den Choiste Idir-Roinne a bunaíodh chun an Páipéar Bán a ullmhú le grúpaí éagsúla le linn na bliana atá imithe tharainn. D'ainneoin gurbh é an Coiste Idir-Roinne faoi cheannas an Aire Stáit a d'ullmhaigh an Páipéar Bán bhí an próiseas comhchomhairliúcháin ina chuid thábhachtach d'fhorbairt na straitéise ina hiomláine.

Tagann foilsiú an Pháipéir Bháin ag an tráth céanna le hullmhú an Phlean Náisiúnta Forbartha 2000 - 2006 ag an Rialtas; leagfar amach sa phlean sin an straitéis náisiúnta agus na tosaíochtaí don tréimhse lena mbaineann. Tá rún daingean ag an Rialtas a chinntiú go ndéanfar na prionsabail agus na gealltanais ghinearálta polasaí atá sa Pháipéar Bán a chur san áireamh sa phlean sin.