By using this website, you consent to our use of cookies. For more information on cookies see our privacy policy page.

Text Size: a a
Home A-Z Index Subscribe/RSS Contact Us Twitter logo small white bird

Treochtaí agus Dúshláin Reatha do Limistéir Thuaithe

Tá athrú tagtha go tapa ar shochaí agus ar gheilleagar na héireann le linn bhlianta na 1990-idí. Tugtar achoimre san fhorléargas gearr seo a leanas ar threochtaí eacnamaíochta agus sóisialta le déanaí ar na riachtanais athraitheacha agus ar na dúshláin atá ann do phobail tuaithe amach anseo.

a) Déimeagrafaíocht

De réir shonraí Dhaonáireamh 1996 tá cónaí ar thuairim is 58% de dhaonra na héireann i mbailte agus i bhfobhailte ina bhfuil os cionn 1 500 áitritheoir; tá cónaí ar an 42% eile i sráidbhailte beaga agus amuigh faoin tuath. Má fhágtar Contae Bhaile átha Cliath ar lár tá cónaí ar 58% den daonra náisiúnta i limistéir thuaithe (de réir mhíniú an daonáirimh ar 'tuaithe'). Dá nglacfaí leis an míniú ar 'tuaithe' atá leagtha amach sa Pháipéar Bán bheadh an céatadán sin i bhfad níos airde. Tá an figiúr do dhlús daonra in éirinn ar na figiúirí is ísle san Eoraip is é sin le rá 52 dhuine in aghaidh an chiliméadair chearnaigh sa bhliain 1996 i gcomórtas le meánráta 115 san Eoraip.

Tá an daonra tuaithe foriomlán arna mhíniú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh measartha cobhsaí is é sin tuairim is 1.5 milliún le tamall anuas agus tháinig méadú air sa tréimhse idirdhaonáirimh is déanaí 1991 D'ainneoin méadú áirithe a bheith ann i ngach réigiún ní hionann leibhéal an mhéadaithe i ngach uile cheantar tuaithe. Is i mór-réigiún Bhaile átha Cliath agus sna hionaid bheaga uirbeacha amháin a tharla fás suntasach ar dhaonra. Idir na blianta 1971 agus 1996 tháinig méadú 7% ar an daonra tuaithe agus os a choinne sin tháinig méadú 36% ar an daonra uirbeach.

Taispeántar i léarscáileanna 1 agus 2 na dlúis choibhneasta daonra ar fud na tíre de réir dhaonáireamh 1996 agus an t-athrú daonra sa tréimhse 1991 go 1996 faoi seach. Léiríonn na léarscáileanna sin i bhfoirm graf an tionchar tábhachtach a bhí ag uirbiú ar phatrúin lonnaíochta a ndearna an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Shóisialta tuairisc ina leith in "Population Distribution and Economic Distribution; Trends and Policy Implications" (1997). Deirtear sa Tuarascáil go gcoimeádann contaetha ina bhfuil ionaid láidre uirbeacha daonra ach gurb iad na contaetha ina bhfuil an leibhéal is ísle uirbithe a fhulaingíonn titim daonra ar scála mór leanúnach. Chomh maith le patrún lonnaíochta a shainaithint i dtaca le hathrú ó limistéir thuaithe go limistéir uirbeacha agus ón Iarthar go dtí an tOirthear deirtear sa Tuarascáil go bhfuil cion níos mó den Stát ag éirí níos baintí le Baile átha Cliath nó le ceann de na mórionaid uirbeacha eile. Ar an drochuair tá contaetha áirithe agus codanna de chontaetha áirithe tar éis titim lasmuigh de thionchar na n-ionad sin agus tá an titim daonra ag leanúint ar aghaidh iontu. Tá struchtúir aoise neamhfhabhracha sna limistéir sin ní fhaigheann siad rochtain ar scair dhóthanach d'infheistíocht nua agus is minic a tharlaíonn imeallú iontu de chineál an-olc ar fad.

Bíonn leibhéil spleáchais níos airde ná an meánleibhéal ann i limistéir thuaithe freisin go háirithe sna contaetha san iarthar agus in aice leis an teorainn áit inar cion an-ard den daonra iad na daoine san earnáil os cionn 65 bliana d'aois (Léarscáil 3).

Mar gheall ar ardspleáchas ar thalmhaíocht ar easpa boinn éagsúlaithe fostaíochta chun ioncam as-feirme agus deiseanna fostaíochta a chothú agus a ghiniúint (go háirithe easpa post ardchaighdeáin) agus ar imirce amach na ndaoine a bhfuil ardleibhéal oideachais acu tá an bonn bainte de struchtúr eacnamaíochta a lán limistéar. Taispeántar i Léarscáil 4 dáileadh an athraithe daonra san earnáil 18 go 25 bliana d'aois le linn na tréimhse 1991 go 1996. Nuair a chailltear daoine óga atá oilte dinimiciúil agus uaillmhianach déantar laghdú ar an bhfoinse fiontraíochta agus téitear i bhfeidhm ar mheanma an phobail agus freisin ar chaighdeán cultúrtha agus sóisialta na beatha. Ina theannta sin mar gheall ar neamhchothroime i struchtúr an daonra i bhfoirm cóimheas ard spleáchais baintear de chumas pobail gníomhú i gcomhpháirt thar a cheann féin agus cuirtear le himeallú.

Tá impleachtaí ag an staid déimeagrafaíochta do sheachadadh seirbhísí idir phoiblí agus phríobháideach agus tá claonadh ann i dtreo seirbhísí a chomhchruinniú in ionaid uirbeacha. Mar gheall ar laghdú daonra i limistéir ina bhfuil an daonra tearc cheana féin méadaítear an costas aonaid a ghabhann le seachadadh seirbhíse chuig limistéir den sórt sin agus lagaítear an poitéinseal infheistíochta atá ann le haghaidh forbairt eacnamaíochta ag an earnáil phríobháideach.

b) Talmhaíocht

Cé nach feirmeoirí anois tromlach na ndaoine a chónaíonn faoin tuath nó nach bhfuil siad spleách ar thalmhaíocht tá an tionscal talmhaíochta ar cheann de na hearnálacha is tábhachtaí sa gheilleagar tuaithe agus sa gheilleagar náisiúnta araon agus leanfaidh sé mar sin.

B'ionann talmhaíocht phríomha agus 5.2% de GDP sa bhliain 1998 i gcomórtas le beagnach 17% nuair a chuaigh éire isteach san AE sa bhliain 1973. Dá ainneoin sin leanann sí de bheith níos tábhachtaí do gheilleagar na héireann ná mar atá an talmhaíocht i 13 cinn de na 14 Bhallstát eile den AE; agus tá an cion den GDP in éirinn dhá oiread mheánráta an AE. Ina hiomláine b'ionann an earnáil talmhaíochta/bia (lena n-áirítear talmhaíocht bia deochanna agus tobac) agus 12.7% den GDP sa bhliain 1998. Tá líon iomlán na bhfeirmeacha tar éis titim ó 228 0 sa bhliain 1975 go dtí 146 300 i 1998. Sa tréimhse chéanna tháinig méadú ar mheánmhéid na bhfeirmeacha ó 22 heicteár go 29.5 heicteár i gcomórtas le meánmhéid AE 17.5 heicteár. Tá beagnach an leathchuid de na gabháltais go léir faoi bhun 20 heicteár agus tá corradh beag le 14% díobh os cionn 50 heicteár. Tá an titim ar líon na bhfeirmeacha tar éis tarlú i bhfeirmeacha faoi bhun 20 heicteár ach go háirithe agus tá líon na bhfeirmeacha os cionn 30 heicteár tar éis méadú. Tá éagsúlacht mhór ann i dtaca le méid feirmeacha ar bhonn réigiúnach - ar an meán tá feirmeacha sa Mheán-Oirthear agus san Oirdheisceart dhá oiread mhéid na bhfeirmeacha san Iarthar agus sna réigiúin teorann (Léarscáil 5). Tagann méadú freisin ón iarthuaisceart go dtí an t-oirdheisceart den tír i dtaca le leibhéal an dlúis táirgeachta.

Tá meath tagtha ar fhostaíocht i dtalmhaíocht de réir an laghdaithe ar líon na bhfeirmeacha. Dá ainneoin sin is ionann fostaíocht i dtalmhaíocht fós agus 8.7% den fhostaíocht iomlán agus ina iomláine is ionann fostaíocht san earnáil talmhaíochta/bia agus 11.8% den fhostaíocht iomlán.

Sa bhliain 1997 b'ionann méid na n-onnmhairí ó earnáil talmhaíochta/bia na héireann agus 12% agus meastar go dtagann 33% den ghlantuilleamh coigríche ó thrádáil san earnáil sin. Cé gur dócha go leanfaidh scair na hearnála talmhaíochta/bia den GDP agus fostaíocht san earnáil de bheith ag titim mar a fhásann earnálacha nua den gheilleagar go barr a gcumais leanfaidh an earnáil de bheith ina foinse shuntasach saibhris náisiúnta.

Mórlaige struchtúrach de chuid thalmhaíocht na héireann is ea dáileadh aoise feirmeoirí. Faoi láthair níl ach 12% d'fheirmeoirí faoi bhun 35 bliana d'aois agus tá 22% díobh os cionn 65 bliana d'aois. Tá tuairim is an tríú cuid d'fheirmeoirí atá os cionn aois 65 in Iarthar na tíre agus tá gabháltais ag ceathrú cuid eile i gceantar na Teorann. Bhí rath áirithe ag baint leis an Scéim Luathscoir ó Fheirmeoireacht i dtaca le (i) aistriú níos luaithe feirmeacha agus (ii) éascaíocht a dhéanamh maidir le meánmhéid na bhfeirmeacha a mhéadú.

Dá bhrí sin mar gheall ar threochtaí eacnamaíochta agus fórsaí margaí in éineacht leis an gComhbheartas Talmhaíochta tá aschur acmhainní agus ioncam comhchruinnithe i measc líon feirmeoirí atá ag éirí níos lú. Is é an éifeacht a bhí le polasaithe go feadh méid áirithe ná méadú a dhéanamh ar an mbearna ioncaim idir feirmeoirí mórscála agus feirmeoirí beagscála. Tá comhchoibhneas réasúnach idir méid feirmeacha agus ollchorrlach soiléir má bhreathnaítear ar Léarscáil 6.

Tá méid measartha mór tearcfhostaíochta ann ar fheirmeacha i limistéir áirithe rud a bhfuil baint dhíreach aige le hinmharthanacht agus méid eacnamaíochta gabháltas. San anailís ar an National Farm Survey (1992 - 1994) níor chuir Teagasc ach 30% nó tuairim is 50 0 feirm as 159 0 feirm theaghlaigh san aicme 'inmharthana go heacnamaíoch'. Measadh go raibh 33 0 feirm neamh-inmharthana ar bhonn déimeagrafaíochta nach raibh acu ach acmhainní teoranta go raibh aoisphróifíl ard iontu gan aon oidhre chun an fheirm a ghlacadh agus ina lán cásanna go raibh pinsean amháin ar a laghad á fháil iontu. Thaispeáin an anailís go raibh déiríocht ag tromlach na bhfeirmeacha inmharthana (70%) mar phríomhghníomhaíocht agus gurbh é an ghníomhaíocht ba choitianta ar fheirmeacha neamh-inmharthana ná táirgeadh stoic thirim. Mheas an Fóram Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta ina thuarascáil dar teideal "Rural Renewal - Combatting Social Exclusion" (1997) go bhféadfadh laghdú os cionn 40 0 a bheith ann faoin mbliain 2005 i gcás líon na bhfeirmeacha agus go dtarlódh an méadú is mó san earnáil a aicmítear anois mar fheirmeacha neamh-inmharthana.

Tábla 1

Torthaí an tSuirbhé Náisiúnta Feirmeacha de réir Córais 1997

Gach Córas Déiríocht Déiríocht + Eile Eallach Tógáil Eallach Eile Caoirigh go príomha Curaíocht go príomha
% d'fheirmeacha sa suirbhé 100% 19% 14% 21% 27% 14% 5%
Ioncam Feirme Teaghlaigh (IFT) (£) 10 798 19 980 17 519 5 594 5 572 7 738 14 676
íocaíocht Dhíreach mar % de IFT 62% 22% 50% 105% 98% 94% 107%
Sealbhóir Poist AS-Feirme/Céile % 43% 30% 26% 56% 42% 55% 43%

Foinse: Teagasc National Farm Survey 1997 '92

Tábla 2

Ioncam Feirme agus Íocaíochtaí Díreacha 1992/98

'92

'93

'94

'95

'96

'97

'98

£m 500 1000 1500 2000 2500

Íocaíochtaí Díreacha

Ioncam Feirme

Foinse: An Roinn Talmhaíochta agus Bia

Thaispeáin Suirbhé Buiséid Teaghlaigh na Príomh-Oifige Staidrimh 1994-95 nach raibh ach 53% ar an meán d'ioncam teaghlaigh feirme inchurtha i leith gníomhaíochtaí feirmeoireachta. Tháinig an t-iarmhéid ó fhostaíocht as-feirme (31%) ó aistrithe stáit (12%) agus ó fhoinsí eile (4%). Ní raibh mórán de dhifríocht ann thar na grúpaí ioncaim i dtaca le leibhéal an spleáchais ar fheirmeoireacht. Ach i gcoitinne bhí teaghlaigh íseal-ioncaim ag brath níos mó ar aistrithe stáit (agus ba phinsinéirí seanaoise níos mó ná a leath díobh sin) agus fuair teaghlaigh ard-ioncaim cion níos airde dá n-ioncam as fostaíocht as-feirme. Dá bhrí sin is ionann an fás ar fheirmeoireacht pháirtaimseartha agus athrú struchtúrach tábhachtach i dtalmhaíocht na héireann. Sa bhliain 1997 mar shampla bhí foinse ioncaim as-feirme ag feirmeoirí agus/nó ag céilí ar 43% de na feirmeacha.

Tá difríocht mhór ann idir ioncaim feirme ar bhonn méide agus chóras na feirmeoireachta. Taispeánann Tábla 1 trí leas a bhaint as na torthaí ón Suirbhé Náisiúnta Feirme 1997 go bhfuil ioncaim i bhfad níos ísle ar an meán ag feirmeoirí tirim-stoic (córais eallaigh agus caorach) ná mar atá ag feirmeoirí déiríochta agus curaíochta. Tá íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí arna maoiniú nó arna gcómhaoiniú ag an AE ag éirí níos mó i dtaca le hioncam feirme - méadú ó 22% sa bhliain 1992 go 56% sa bhliain 1998 - agus leanfaidh an treocht sin faoi Agenda 2000. Taispeánann Tábla 2 méid méadaitheach na n-íocaíochtaí díreacha mar chion d'ioncaim feirme. Tá feirmeoirí tirim-stoic beagnach spleách ar fad ar íocaíochtaí díreacha le haghaidh a n-ioncaim agus is dóichí na a mhalairt go mbeidh fostaíocht as-feirme acu.

Beidh an timpeallacht pholasaí ina mbeidh talmhaíocht ag feidhmiú tábhachtach ar ndóigh le linn cinntí a dhéanamh don todhchaí. Mar shampla tá socrú ann san athchóiriú atá le déanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta faoi Agenda 2000 agus a cinneadh go críochnaitheach níos túisce i 1999 go mbeidh laghdú ar thacaíocht phraghsanna agus go mbeidh méadú ar íocaíochtaí préimheanna. Mar an gcéanna le linn na gcaibidlí ar an gcéad chomhaontú eile de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) a thosóidh ag deireadh 1999 beidh éileamh ann ar tuilleadh léirscaoilte i dtaca le trádáil talmhaíochta.

Cuireann comhaontú Agenda 2000 bonn maith ar fáil maidir le forbairt na hearnála talmhaíochta-bia in éirinn amach anseo i gcomhthéacs an chéad bhabhta eile de chaibidlí EDT. Ach chun leas a bhaint as an deis seo ní mór éifeachtúlacht níos fearr a bheith ann ar fheirmeacha agus beidh gá le tionscal bia atá níos iomaíche agus níos dírithe ar an gcustaiméir. D'ainneoin go mbeidh fadhbanna ag roinnt teaghlach feirme i dtaca le hoiriúnú a dhéanamh beidh deiseanna nua ann mar gheall ar an timpeallacht nua. Tá seans maith ann freisin go mbeidh an treocht atá ann faoi láthair maidir le hioncaim mhéadaitheacha as-feirme ag leanúint ar aghaidh de réir mar a thagann fás ar an ngeilleagar.

Is é a thagann as an idirspleáchas méadaitheach idir geilleagair feirme agus neamhfheirme ná béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le polasaí comhtháite forbartha tuaithe atá dírithe ar phobail tuaithe inmharthana a chothabháil.

c) Foraoiseacht

Is é atá sa chlúdach iomlán foraoiseachta in éirinn ná tuairim is 600 0 heicteár nó 8% d'achar talaimh na tíre. Is í éire an tír is lú foraoisithe de chuid an AE inarb é atá sa mheánráta ná 30%. Is é aidhm "Growing for the Future" is é sin an Plean Straitéiseach le haghaidh Fhorbairt na hEarnála Foraoiseachta in éirinn (1996) ná an clúdach foraoise a mhéadú go 17% den achar talaimh faoin mbliain 2030. Gníomhaíocht tuaithe atá san fhoraoiseacht ó nádúr agus gabhann tairbhí díreacha léi do phobail áitiúla (i) trí phlandálacha a bhunú (ii) mar gheall ar éifeachtaí iarmhartacha a éiríonn as seirbhísí tacaíochta trí thionscail ar nós ceirdeanna addhmaid agus próiseáil tionscail (iii) i dturasóireacht tuaithe agus (iv) tríd an timpeallacht a fheabhsú. Ina theannta sin feidhmíonn an fhoraoiseacht mar ghníomhaíocht luachmhar ionadach don talmhaíocht agus mar fhoinse ioncaim trí íocaíochtaí préimhe agus sa deireadh trí dhíol an addhmaid a tháirgtear. Tá páirteachas feirmeoirí i bhforaoiseacht ag méadú le blianta beaga anuas - agus os cionn 70% den phlandáil á dhéanamh ag feirmeoirí nó thar ceann feirmeoirí a fhaigheann tacaíocht ón AE - agus is dóigh go leanfaidh an méadú sin ar aghaidh amach anseo.

Ní le plandáil agus baint crann amháin a bhaineann an earnáil foraoiseachta ach baineann sí freisin le próiseáil addhmaid san earnáil tionscail agus san earnáil ceardaíochta araon agus le gníomhaíochtaí gaolmhara ar nós iompair saothrú crannlanna etc. ar nithe iad sin go léir a sholáthraíonn fostaíocht agus breisluach. Meastar go méadóidh an fhostaíocht san earnáil seo ó 16 0 go 27 0 faoin mbliain 2020.

d) Fostaíocht

Tá an fás san fhostaíocht in éirinn le deich mbliana anuas ar na leibhéil is airde dá bhfuil ann san AE. Mhéadaigh fostaíocht níos mó ná 25% idir 1993 agus 1998 (ó 1.183 milliún go 1.459 milliún). Tá an méadú sin tar éis dul i bhfeidhm ar limistéir thuaithe. Mar shampla in aghaidh gach poist a cailleadh sa talmhaíocht sa tréimhse 1991 go 1996 cruthaíodh 4.5 post in earnálacha eile i limistéir thuaithe (Tábla 3). Mná a líon tuairim is 51 0 ceann de na poist nua (os cionn 50 Tháinig fás suntasach ar féinfhostaíocht arbh ionann í agus 28% de na poist bhreise a líon fir agus 12.8% de na poist a líon mná.

Tábla 3

Athruithe ar na líonta daoine ag obair i gCeantair Thuaithe arna gcomhiomlánú de réir leibhéil réigiúnaigh 1991 - 1996

Iomlán (Fir agus Mná)
Réigiún (1) Talmhaíocht Earnálacha Eile
Teorainn - 3 324 + 13 897
Meán-Oirthear - 1 660 + 20 972
Lár na tíre - 1 815 + 8 321
Meán-Iarthar - 2 721 + 12 184
Oirdheisceart - 3 54 + 13 283
Iardheisceart - 4 154 + 18 707
Iarthar - 5 712 + 12 865
Gach réigiún - 22 440 + 100 229

(1) Réigiúin na núdarás Réigiúnach
Foinse: Daonáireamh 1991 agus 1996.

Mar a léirítear i Léarscáil 7 tugann an tAthrú Céatadánach i bhFostaíocht le fios gur cinnte go bhfuil an fás ar fhostaíocht daingnithe laistigh d'achair chomaitéireachta ó lárionaid ina bhfuil daonra uirbeach suntasach. Tharla an fás ar fhostaíocht i réigiúin Bhaile átha Cliath agus an Oirdheiscirt ach go háirithe.

Léiríonn na treochtaí sin an deacracht atá ann i limistéir thuaithe agus go háirithe sna limistéir is iargúlta i dtaca le sciar comhréireach de phoist nua i dtionscal agus san earnáil mhéadaitheach seirbhísí a mhealladh. Tá os cionn 60% den fhostaíocht iomlán in éirinn san earnáil seirbhísí anois agus meastar go dtiocfaidh méadú air sin go 66% faoin mbliain 2005. Faoi láthair tá 40% den fhostaíocht go léir san earnáil seirbhísí suite i limistéar Bhaile átha Cliath agus tá ardleibhéal cuideachtaí bogearraí ríomhaire ardteicneolaíochta suite ansin freisin.

Ní hionadh ar bith é b'fhéidir go léirítear na difríochtaí i bpatrún cruthaithe fostaíochta laistigh de réigiúin na tíre sna hathruithe comhghaolmhara ar leibhéil dífhostaíochta (Tábla 4

Tábla 4

An ráta dífhostaíochta de réir réigiúin Earrach 1998

Dífhostaíocht Ráta
Teorainn 10.4%
Oirdheisceart 9.7%
Lár na tíre 8.0%
Iardheisceart 7.9%
Baile átha Cliath 7.2%
Meán-Oirthear 7.1%
Meán-Iarthar 6.9%
Iarthar 6.6%
Gach réigiún 7.8%

Foinse: Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta Teaghlaigh na Príomh-Oifige Staidrimh Márta-Bealtaine 1998

Is léir nach mór le linn pleanáil a dhéanamh don todhchaí aitheantas a thabhairt don ghá le deiseanna méadaithe fostaíochta ar bhonn réigiúnach d'fhonn pobail tuaithe inmharthana a chothú. Léiríonn na bonneagair agus na seirbhísí atá ag teastáil chun tacú le cruthú post den sórt sin an gá le forbairt eacnamaíochta a dhíriú trí ghréasán de lonnaíochtaí uirbeacha idir bheag agus mhór.

e) Bochtaine agus Eisiamh Sóisialta

Tá gné thábhachtach ag baint le forbairt tuaithe i dtaca le cothroime shóisialta. Is nithe coitianta iad dífhostaíocht míbhuntáiste oideachasúil agus ioncam neamhdhóthanach i gcás daoine a bhfuil bochtaine ag bagairt orthu nó atá ag maireachtáil faoi bhochtaine i limistéir uirbeacha agus i limistéir thuaithe araon. Ach is minic a thagann fadhbanna na bochtaine agus an eisiaimh tuaithe chun cinn ar mhodh atá an-éagsúil leis na fadhbanna a bhíonn ann i limistéir uirbeacha.

Shainaithin an Fóram Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta (1997) na grúpaí seo a leanas mar ghrúpaí a bhfuil an baol is mó ag bagairt orthu: daoine dífhostaithe mná daoine faoi mhíchumas daoine sna haoisghrúpaí is airde imircigh tionóntaí údaráis áitiúil daoine den lucht siúil tuismitheoirí aonair pobail Ghaeltachta iascairí agus feirmeoirí ar ghabháltais bheaga.

Tá fianaise mhaith taighde ann gurb í an dífhostaíocht an ghné is mó is cúis le bochtaine. Cé go bhfuil laghdú mór tagtha ar dhífhostaíocht is fadhb í fós an dífhostaíocht fhadtéarmach agus b'ionann í sin agus 50% de na daoine dífhostaithe go léir i 1998 (i gcomórtas le 64 i 1987). Teaghlaigh ina bhfuil ceann an teaghlaigh dífhostaithe ar bhonn fadtéarmach atá i mbaol bochtaine ach go háirithe. Is minic a bhíonn leibhéal íseal gnóthacháin ann i measc daoine atá ag maireachtáil faoi bhochtaine agus eisiamh sóisialta. Le fírinne bíonn ardleibhéal dífhostaíochta ann i measc na ndaoine sin nach bhfuil oideachas dara leibhéal críochnaithe acu.

Is ionann na fadhbanna atá ag daoine dífhostaithe agus ag a dteaghlaigh i suímh uirbeacha agus i suímh thuaithe agus bíonn a lán acu bainteach lena chéile. Go hiondúil áirítear ar na fadhbanna sin: ioncam an-íseal droch-thithíocht deacracht i dtaca le bunseirbhísí a fháil agus traenáil ardchaighdeáin a fháil. I gcomhréir le torthaí foilsithe taighde i ndáil le gnéithe contúirte le haghaidh bochtaine is dóichí go dtarlóidh dífhostaíocht agus eisiamh ón margadh saothair do mhná atá ag tabhairt aire do leanaí do dhaoine sna haoisghrúpaí is sine do dhaoine faoi mhíchumas agus do thuismitheoirí aonair. Is measa na fadhbanna a ghabhann le spleáchas eacnamaíochta le leithlisiú agus le héagothroime deiseanna mar gheall ar an achar ó sheirbhísí agus ó thaitneamhachtaí. ó tharla nach bhfuil seirbhís dhóthanach iompair ann ina lán limistéar bíonn deacrachtaí ann i gcás ban ach go háirithe maidir le traenáil agus oideachas a fháil. Dá bhrí sin is mórábhar tosaíochta í dóibh sin atá ina gcónaí i limistéir thuaithe iompar a chur ar fáil ach go háirithe i gcomhthéacs claonadh chun seirbhísí a bheith sna hionaid is mó.

Taispeánann taighde gur tháinig laghdú ar an mbaol bochtaine i gcás teaghlach amuigh faoin tuath sna blianta idir 1987 agus 1994 ach ó cheann ceann na tréimhse sin taispeántar go raibh an baol is mó bochtaine ann ar bhonn náisiúnta i gcás teaghlach i sráidbhailte agus i mbailte móra ar lú na 3 0 aitritheoir a ndaonra. Ba é ba chúis leis an staid amuigh faoin tuath tríd is tríd ná feabhsú ar ioncaim feirme thar an tréimhse lena mbaineann. Ní chuireann na sonraí san áireamh na fadhbanna ar leith a bhí ann i gcodanna den phobal feirmeoireachta le linn 1998 mar gheall ar an titim i bpraghsanna eallaigh agus mar gheall ar dhrochaimsir. Léiríonn Léarscáil 8 dáileadh an mhíbhuntáiste i bhfoirm ghrafach.

Sa chomhthéacs tuaithe is minic a bhíonn bochtaine agus míbhuntáiste dofheicthe de thairbhe an phatrúin scaipthe lonnaíochta agus mar gheall ar thírdhreach nach bhfuil cuma fhollasach an mhíbhuntáiste air. Dá bhrí sin níl an meascán sóisialta atá le fáil i bpobail tuaithe i gcomhréir le comhchruinniú nó leithscaradh cónaitheach pobal míbhuntáistiúla i limistéir uirbeacha. Is buntréith den struchtúr sóisialta faoin tuath é claonadh chun taithí an duine aonair nó an teaghlaigh ar bhochtaine a choimeád faoi rún. In éineacht leis an leibhéal íseal eolais ar bhochtaine thuaithe bíonn leibhéil ísle ann i dtaca le páirteachas i meicníochtaí forbartha áitiúla agus i ngníomhaíocht forbartha a bhfuil fócas frithbhochtaine ag baint leo.

Chun ceartas sóisialta a bhaint amach ní mór aitheantas a thabhairt i bpolasaí forbartha tuaithe do riachtanais na ndaoine sin is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus ní mór don pholasaí sin a chumasú dóibh páirt iomlán a ghlacadh i bhforbairt a limistéar.

f) An Timpeallacht

Tá méadú ag teacht go tapa ar an eolas agus ar an ábhar imní atá ann i dtaca le saincheisteanna timpeallachta agus forbairt inchothaitheach.

Tagann an patrún úsáide talún cruth an tírdhreacha agus caighdeán na n-aibhneacha agus na lochanna faoi thionchar a lán rudaí lena n-áirítear cleachtais talmhaíochta leathnú uirbeach tithíocht tuaithe agus patrúin lonnaíochta forbairt eacnamaíochta sa turasóireacht tionscal agus fiontraíocht creimeadh cósta teibiú mianraí agus úsáid mhéadaithe gluaisteán. Tá difear déanta do thaitneamhacht radharcach limistéar tuaithe i gcásanna áirithe mar gheall ar fhorbairtí ar nós foraoiseachta bonneagair saoráidí traseolta leictreachais crainn teileachumarsáide agus giniúint nua fuinnimh athnuaite ar nó feirmeacha gaoithe.

Is beag amhras atá ann gur féidir le modhanna nua-aimseartha dianfheirmeoireachta a bheith ina gcúis le damáiste don timpeallacht. Le fírinne aithnítear gur ag an talmhaíocht arb ionann í agus tuairim is 70% d'achar talún na tíre atá ceann de na réitigh i dtaca leis an timpeallacht a chaomhnú agus a fheabhsú i dtéarmaí éiceolaíochta agus caighdeáin uisce agus i dtaca leis an timpeallacht fhisiciúil a chruthú i gcoitinne. Léirítear an méid sin san fhócas méadaitheach leanúnach i bpolasaí timpeallachta ar chuspóirí timpeallachta. Tá ról an-tábhachtach ag Scéim Cosanta na Timpeallachta Tuaithe (SCTT) maidir le cur chun cinn cuspóirí caomhnaithe agus cosanta timpeallachta. D'ainneoin nach bhfuil sé i bhfeidhm ach ón mbliain 1994 i leith tá tuairim is 43 0 feirmeoir páirteach cheana féin i SCTT agus tá feirmeoireacht ar siúl faoi choinníollacha na Scéime ar níos mó ná 1.4 heicteár de thalamh thalmhaíochta.

Aithnítear go gcabhraíonn timpeallacht ghlan le forbairt eacnamaíochta agus go bhfeidhmíonn sí mar bhonn le forbairt den sórt sin. Tá tábhacht áirithe aici le haghaidh turasóireachta talmhaíochta táirgeadh bia muirshaothraithe agus tionscail eile atá bunaithe ar an timpeallacht nádúrtha. Tá cosaint uiscebhealaí intíre agus caighdeáin uisce i lochanna agus in aibhneacha thar a bheith tábhachtach i dtaca le tacaíocht a thabhairt don tionscal turasóireachta. I gcoitinne meastar gurb ionann timpeallacht ghlan tharraingteach agus buntáiste suntasach iomaíochta nuair a bhítear ag tagairt do ghné na gcaighdeán de tháirgí agus seirbhísí na héireann mar chuid de chláir mhargaíochta idirnáisiúnta na tíre.

Mar an gcéanna tá caighdeáin shásúla timpeallachta bunúsach i dtaca le cáilíocht na beatha i suímh uirbeacha agus i suímh thuaithe araon. Léirítear an tábhacht a ghabhann le híomhá ghlas sa chlaonadh méadaitheach atá ann i bpobail thuaithe cur i gcoinne forbairtí tionscail nó forbairtí eile a d'fhéadfadh an timpeallacht nádúrtha a chur i mbaol.

Achoimre

Dá bhrí sin is é an dúshlán atá ann do pholasaí forbartha tuaithe ná feabhas a chur ar chóimheá na ndeiseanna eacnamaíochta agus na ndálaí sóisialta idir pobail uirbeacha agus pobail tuaithe trí leas a bhaint as réimse meicníochtaí agus ag an am céanna an oidhreacht tuaithe a choimirciú agus an timpeallacht a chosaint. Más féidir pobail tuaithe agus go háirithe más féidir daoine atá ag fágáil na talmhaíochta a lánpháirtiú sa gheilleagar leathan gan díláithriú geografach do tharlú bainfear amach príomhaidhmeanna na forbartha tuaithe.