By using this website, you consent to our use of cookies. For more information on cookies see our privacy policy page.

Text Size: a a
Home A-Z Index Subscribe/RSS Contact Us Twitter logo small white bird

9. SLÁINTE AGUS LEAS AINMHITHE - 1

GALAIR INFHÓGARTHA

Forálann an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1966 an bhunreachtaíocht do rialú agus dhíothú ghalar ainmhithe. Má tá amhras faoi na galair seo a leanas a bheith ann, nó má tá sé cinnte go bhfuil, caithfear fógra a thabhairt don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia de réir an Achta nó de réir na nOrduithe um Eitinn agus um Brúsalóis.

GINEARÁLTA

Antrasc, Galar Gormtheanga, Brúsalóis in ainmhithe athchogantacha agus i muca, Campalabaictéaróis, Liomfadainíteas Cáise, Agalaicse Thógálach, Galar Crúibe is Béil, Galar Johne, Peste des Petits Ruminants, Adenomatosis Scamhógach, Confadh, Heipitíteas Eansótach, Salmonellis (a bhfuil Salmonella Enteriditis nó Salmonella Typhimurium mar chúis leis nó a bhfuil baint acu leis), Einceifileapaite Spúinseach Intarchurtha (seachas BSE/Scráibeach), Eitinn in ainmhithe athchogantacha.

EALLACH

Brúsalóis Bhuaibheach, Eitinn Bhuaibheach, Liúcóis Bhuaibheach, Einceifileapaite Spúinseach Bhólachta, Plá na mBó (Rinderpest), Pliúrainiúmóine Tógálach Bólachta, Galar Craicinn Ghambaigh, Péarslaí.

MUCA

Fiabhras Afracach na Muc, Galar Aujeszky, Fiabhras Clasaiceach Muc, Buinneach Muice Eipidéimigh, Víreas Corónach Muice, Siondróm Atáirgthe agus Riospráide Muc, Fliú Muc, Galar Saicíneach Muc, Einceifilimiailíteas Eintrivíreasach Muc (Galar Teschen), Gaistreintríteas Intarchurtha, Stómaitíteas Saicíneach.

CAOIRIGH

Ginmhilleadh Eansótach Caorach, Maedi Visna, an Scráibeach, Bolgach Caoirigh, Galar Scrathach.

ÉANLAITH CHLÓIS

Galar Arizona, Fliú Éanúil (Lagphataigineach agus Ardphataigineach), Galar na gCearc (seachas fliú éanúil agus Galar Newcastle), Laraingeatraicéíteas Tógálach, Mycoplasmosis (a bhfuil Mycoplasma Gallisepticum, Mycoplasma Meleagridis nó Mycoplamsa Synovia mar chúis leis nó a bhfuil baint acu leis), Galar Newcastle, Psittacosis, Salmonella gallinarum agus pullorum, Rineatraicéíteas Turcaí, galair a bhfuil fospeicis Yersinia mar chúis leo nó a bhfuil baint aige leo.

CAPAILL AGUS EACHAITHE EILE

Tinneas Afracach Capall, Meitríteas Eachaí Gabhálach, Dourine, Liomfainagíteas Eipeasótach, Ainéime Thógálach Eachaí, Artairíteas Víreasach Eachaí, Fothach, Einceifilíteas Eachaí, Víreas Hendra, Pireaplasmóis, Surra, Víreas na Níle Thiar.

GABHAIR

Airtríteas-Einceifilíteas Víreasach Gabhar, Bolgach Gabhair.

FIANNA

Galar Fuilreatha Eipeasótach.

BEACHA

Ciaróg Choirceoige Bheag, Fíneog Tropilaelaps, Galar Bréanlarbhaí Meiriceánach, Galar Bréanlarbhaí Eorpach.

SCÉIMEANNA DÍOTHAITHE EITINNE AGUS BRÚSALÓISE

Tá sé riachtanach Eitinn Bhólachta agus Brúsalóis a rialú (agus iad a dhíothú faoi dheireadh) ar mhaithe le folláine ár dtáirgthe beostoic ar mhargaí baile agus onnmhairithe araon agus ar mhaithe lena fhorbairt sa todhchaí.

SOCRUITHE REATHA

Is iad seo a leanas príomhghnéithe na Scéimeanna Díothaithe Eitinne agus Brúsalóise:

  • an tréad náisiúnta a thástáil (An tástáil "Bhabhta") maidir le hEitinn Bhólachta agus tréada ainmnithe a thástáil maidir le Brúsalóis gach bliain;
  • tástálacha leantacha agus tástálacha breise straitéiseacha dírithe ar chúrsaí faoi leith, lena n-áirítear tástálacha fola i gcúinsí áirithe;
  • imoibreoirí a chur go tapa chuig monarchana feola a n-íocann an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia as;
  • réimse beartas cúitimh d'fheirmeoirí a bhfuil tionchar ag an ngalar ar a dtréada;
  • eipidéimeolaíocht mhionsonraithe agus aiseolas a chur ar fáil d'fheirmeoirí;
  • clár cuimsitheach taighde dírithe ar chosc a chur ar an bhfiadhúlra eitinn a fhorleathnú mar aon le taighde ar fhorbairt tástálacha fola, vacsaíní agus gléasra teicneolaíochta eile chun feabhas a chur ar éifeachtacht chláir.

Is iad na feirmeoirí atá freagrach as na chéad tástálacha tréada a shocrú gach bliain agus as íoc astu. Lena chois sin, is ar na feirmeoirí féin atá an phríomhfhreagracht a dtréada a chosaint agus moltar dóibh gach cúnamh a thabhairt d'Oifigí Tréidliachta Dúiche na Roinne maidir lena mbearta taighde, de réir mar a bhíonn sé sin riachtanach.

EITINN BHUAIBHEACH

Is galar ainsealach an-tógálach í Eitinn Bhuaibheach a bhíonn ar eallaí agus is é an Mycobacterium bovis is cúis leis. Is féidir leis an mbaictéar galar a thionscnamh in ainmhithe fiáine nó in ainmhithe clóis agus i ndaoine chomh maith.

Ceanglais Tástála d'Eitinn
Ní mór gach ainmhí ar an ngabháltas seachas laonna faoi bhun sé seachtaine d'aois a rugadh ar an ngabháltas a thástáil gach bliain. Mura ndéantar an tástáil faoin dáta sonraithe agus laistigh den tréimhse shonraithe is dócha go gcuirfear cosc ar aistriú ainmhithe ón tréad chuig feirmeacha eile, margaí, gléasraí feoil, agus ionaid onnmhairithe agus, más ábhartha, go dtarraingeofar deimhniúchán sláinte an tréada siar faoi na rialacháin sláinteachais déiríochta.

Níor chóir bainne amh neamhchóireáilte ó imoibreoirí a thomhailt choíche.

Cúiseanna galraithe in eallaí.

  • Análú aeir atá fabhtach cheana féin ag ainmhithe galracha;
  • Tomhailt bia nó uisce fabhtach;
  • Aistriú ainmhithe agus teagmháil le hainmhithe galracha m.sh. thar fálta;
  • Roinnt meaisíní idir fheirmeacha (leantóirí eallaigh, leatóirí aoiligh/sciodair, srl.) nó áiseanna feirme (gabhlaigh eallaí);
  • Úsáid leoraithe salacha chun ainmhithe a iompar;
  • Is féidir le fiadhúlra, broic ach go háirithe, atá galraithe le Mycobacterium Bovis a bheith ina fhachtóir suntasach maidir le heitinn bhuaibheach fanacht go buan i gceantair áirithe.

Réamhchúraimí in aghaidh Galrú Eitinne

  • Bíodh fálta teorann stocdhíonach agat;
  • Seachain teagmháil le tréada eile agus stoc de stádas neamhaithnid;
  • Bí cúramach agus tú ag ceannach isteach eallaí. Déan cinnte nach gceadaítear aon eallaí isteach ar d'fheirm le bheith in éineacht le do stoc ach amháin eallaí ar tástáladh le déanaí iad;
  • Seachain úsáid a bhaint as trealamh ar conradh atá salach m.sh. iompróirí eallaí, leatóirí sciodair. Ba chóir a leithéid de threalamh a bheith sciomartha agus díghalraithe sula mbaintear úsáid as.

Is féidir an baol maidir le galair ó fhiadhúlra a laghdú ach na heallaí agus an fiadhúlra a choinneáil ó chéile agus na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

  • Fálta a chur idir an eallach agus uiscebhealaí coiteann, locháin mharbhánta, brocairí agus láithreáin leithris na mbroc;
  • Trachanna uisce agus bia a ardú níos mó ná 84 cm (32 orlach) os cionn na talún agus iad a choinneáil amach ó bhallaí agus ó chlaíocha chun nach mbeifear in ann ithe ná ól astu;
  • Gan beatha láimhe a thabhairt d'eallach áit ar féidir le fianna é a roinnt leo - i mbeathaitheoirí ciorclacha, mar shampla, nó i dtrachanna mine;
  • Ionaid stórála beatha, sciobóil eallaigh agus clóis a choinneáil iata chun nach mbeidh an fiadhúlra in ann teacht isteach;
  • Na páirceanna a sheiceáil go rialta le féachaint an bhfuil conablaigh bhroc iontu agus go mór mór sula gcuirtear eallaí amach ar fhéarach nua. Tabhair faoi deara gur féidir le broic dul isteach i mbloic láimhe a choimeádtar i bpáirceanna;
  • Tabhair aire má bhíonn aon rud neamhghnách i gceist nuair a bhíonn broic le feiceáil, iad a fheiceáil i rith an lae, mar shampla. D'fhéadfadh eitinn a bheith orthu - téigh i dteagmháil leis an Oifig Tréidliachta Dúiche.

Is é an freagra fadtréimhseach is fearr ar eitinn bhuaibheach ná í a dhíothú. Trí chur chuige comhordaithe iomchuí i dteannta leis an teicneolaíocht nua, is féidir le hÉirinn bearta a dhéanamh chun Eitinn Bhuaibheach a dhíothú.

BRÚSALÓIS BHUAIBHEACH

Is galar an-tógálach é brúsalóis in eallaí. Scaiptear í trí ábhar galraithe nuair a bheirtear lao nó nuair a tharlaíonn forlao agus is féidir le bó a bheith seasc nó galrach dá bharr nó táirge bainne laghdaithe a bheith aici. Maraítear an t-orgánach go héasca trí dhíghalrú. Tá baol ann do shláinte an duine chomh maith os rud é gur féidir an galar a tharchur trí bhainne neamhphaistéartha ó bha galraithe a ól, trí íon-análú, trí ghearrthacha agus scráibeacha, nó trí ghalrú i bhfoirm braonáin. Is é forlao an t-aon chomhartha cliniciúil go bhfuil brúsalóis ar eallach agus tá sé riachtanach go dtuairiscítear gach forlao chuig Oifig Tréidliachta Dúiche áitiúil na Roinne (DVO) (féach liosta na nOifigí in Aguisín 1B).

Ceanglais Tástála do Bhrúsalóis
Dearbhaíodh go raibh Éire saor go hoifigiúil ó Bhrúsalóis in 2009. I bhfianaise an éachta seo, cuireadh tús le laghdú rialaithe ar cheanglais tástála an chláir dhíothaithe brúsalóise. Cuirtear sonraí na gceanglas tástála chuig feirmeoirí le linn an phróisis tástála babhta bhliantúil agus tá siad ar fáil ó na hOifigí Tréidliachta Dúiche agus féadfaidh an Roinn iad athrú ó am go ham. Is mar seo a leanas atá na socruithe do thástáil Bhrúsalóise in 2010:

(i) Tástáil "bhabhta" bhliantúil ar an tréad: ní gá ach ainmhithe atá 24 mhí nó níos mó a thabhairt i láthair lena dtástáil. Lena chois sin, ní dhéantar tréada déiríochta a thástáil anois ach gach dara bliain;

(ii) Tástáil réamhaistrithe - Tairseach aoise: Méadaíodh an tairseach aoise do thástáil réamhaistrithe le haghaidh ainmhithe baineanna go 18 mí nó níos mó agus go 24 mí le haghaidh tarbh. Anuas air sin, méadaíodh an tréimhse don cheanglas tástála réamhaistrithe ó 30 lá go 60 lá. Tabhair faoi deara, áfach, go gcaithfear tástáil iar-aistrithe a dhéanamh ar ainmhithe áirithe laistigh de 30 lá tar éis dóibh teacht ar an ngabháltas, má mheastar, i gcás ráig brúsalóise, go bhfuil siad incháilithe don Ráta Caighdeánach Dídhaonraithe Móide Deontas Dídhaonraithe;

(iii) Aistriú amháin in aghaidh na tástála: Is í an tairseach aoise le haghaidh ainmhithe baineanna ná 18 mí nó níos mó. Ardaíodh an tairseach 12 mhí le haghaidh tarbh do 24 mí nó níos mó .i. ní féidir eallach baineann atá 18 mí d'aois nó níos sine ná tairbh atá 24 mí d'aois nó níos sine a dhíol níos mó ná uair amháin, is cuma más díol poiblí nó príobháideach é, de bhun tástáil brúsalóise, agus ní mór a leithéid d'eallach atá á dhíol a aistriú díreach ón ngabháltas ina ndéantar na tástálacha chuig gabháltas an cheannaitheora nó díreach chuig margadh agus díreach chuig gabháltas an cheannaitheora ón margadh;

(iv) Coinníonn an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia de cheart aici féin a iarradh go gcuirfear aon ainmhí ar fáil lena t(h)ástáil má mheastar go mbeadh sé sin oiriúnach ar fháthanna tréidliachta.

Réamhchúraimí in aghaidh Brúsalóise in eallaí

  • Ainmhithe athsholáthair a bheith de phór na feirme féin más féidir;
  • Má tá ainmhithe baineanna nó tairbh á gceannach le dul in ionad ainmhithe eile nó mar ainmhithe breise:
    • cinntigh go dtagann siad ó áit iontaofa agus go ndearnadh an tástáil réamhaistrithe orthu laistigh de 60 lá sular aistríodh iad;
    • coinnigh ainmhithe nua-cheannaithe ar leithlis ó eallaí baineanna agus ó thairbh. Má thugtar aon ainmhí torrach isteach ní mór í a choinneáil ar leithlis go dtí go ndéantar tástáil iarbhreithe uirthi;
    • Déan deimhin de go ndéantar gach tástáil fola go pras, lena n-áirítear an tástáil dheonach iarghluaiseachta laistigh de 30 lá i ndiaidh teacht chun na feirme. Mura ndéantar é seo agus má tharlaíonn ráig den ghalar ní íocfar ach rátaí laghdaithe cúitimh;
  • Glac réamhchúraimí lena chinntiú nach bhfaigheann do thréad galar ó thréad comharsan. Féach chuige go bhfuil fálta maithe teorainn agat agus coinnigh ainmhithe a d'fhéadfadh an galar sin a tholgadh amach ó na fálta sin - bíodh bulláin nó ainmhithe neamhbhuaibheacha sna hionaid taobh leo nó cuir fodar ag fás ann.
  • tabhair agus ná faigh trealamh ar nós gléas breithe, leantóir eallaigh, leatóir sciodair is araile ar iasacht;
  • Coinnigh na hainmhithe go léir atá torrach amach ó fhálta teorann agus bí ag faire go géar ar eagla breitheanna neamhaibí;
  • Cuir saoráidí leordhóthanacha breithe ar fáil.

CLÁR CÚITIMH I LEITH EITINNE AGUS I LEITH BRÚSALÓISE

Riachtanais

  • Fiú má tá tréad glan, nó murar gá é a thástáil i mbliana, ba chóir do gach úinéir/coimeádaí téarmaí na gcóras cúitimh le haghaidh Eitinne agus Brúsalóise a beith ar eolas aige/aici;
  • Is iad príomheilimintí na gcóras cúitimh atá ann ná Scéim Luachála Margaidh ar an bhFeirm, Scéim Fhorlíontach Ioncaim, Scéim Deontais Dídhaonraithe agus Scéim Deontais Cruatain. Ionas go mbeidh siad incháilithe chun íocaíocht a fháil, ní mór don úinéir/choimeádaí coinníollacha incháilithe áirithe a shásamh faoi gach aon Scéim;
  • Braitheann teidlíocht maidir le híocaíocht cúitimh a fháil ar fhorálacha an Achta um Ghalair Ainmhithe, 1966 a chomhlíonadh freisin mar aon le horduithe ar bith a rinneadh faoi agus rialaithe ar bith eile a leagadh síos faoi na Scéimeanna Díothaithe Galair, le rialacháin aitheantais agus riachtanais reachtúla náisiúnta/an AE eile atá á riaradh ag an Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia agus a bhaineann le buaibhigh. Is féidir leis an Aire diúltú cúiteamh a íoc, go hiomlán nó i bpáirt, mura sásaíonn an t-úinéir/coimeádaí na forálacha thuasluaite nó má tá an tAire sásta nár chomhoibrigh an t-úinéir/coimeádaí leis na hoifigigh údaraithe nó le Cigirí Tréidliachta na Roinne Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia ó thaobh chur i gcrích a gcuid dualgas faoi na Scéimeanna;
  • Bíonn íocaíochtaí cúitimh struchtúrtha chun tairbhe a thabhairt don úinéir/choimeádaí, a chabhraíonn a c(h)leachtas feirme le sláinte an tréada a chosaint. Tá faisnéis úsáideach faoi na riachtanais incháilithe, rátaí, srl. i leith na Scéime Luachála Margaidh ar an bhFeirm, an Scéim Fhorlíontach Ioncaim, Scéim Deontais Dídhaonraithe agus Scéim Deontais Cruatain le fáil i leabhrán na Roinne "Socruithe Cúitimh maidir le hEitinn agus Brúsalóis - Eolas Tábhachtach d'Fheirmeoirí". Tá an leabhrán le fáil ón Oifig Tréidliachta Dúiche ach é a iarraidh;
  • Ní mór gach ainmhí incháilithe a thástáil de réir na rialacha thuas faoin Scéim Díothaithe Brúsalóise. Lena chois sin, má tharlaíonn ráig Brúsalóise i dtréad ní mór do gach ainmhí incháilithe a chaithfear tástáil Bhrúsalóise iar-aistrithe a dhéanamh air a thástáil laistigh de 30 lá tar éis dóibh teacht ar an ngabháltas ionas gur féidir iad a áireamh chun íocaíocht chúitimh uasmhéide a fháil;
  • I gcás ráige Brúsalóise, cuirfidh an Oifig Tréidliachta Dúiche (DVO) tús le comhlánú na Foirme ER 111 ag baint leasa as gach faisnéis atá ar fáil faoi ainmhithe incháilithe a d'fhéadfadh a bheith tar éis teacht isteach chuig an tréad le linn na tréimhse faoi athbhreithniú, d'fhonn cinneadh a dhéanamh faoi íocaíocht chúitimh. Cuirfear an Fhoirm ER 111 ar aghaidh go dtí an t-úinéir/coimeádaí agus beidh sé riachtanach dó/di dearbhú a shíniú agus b'fhéidir go mbeidh sé riachtanach dó/di faisnéis bhreise a sholáthar. Beidh tréimhse athbhreithnithe uathúil ag gach úinéir/coimeádaí a bhraithfidh ar, inter alia, dháta tástála na ráige agus ar dháta na tástála deireanaí a rinneadh ar an tréad go léir roimh an ráig;
  • Seachas an riachtanas dlíthiúil chun clár tréada a choinneáil faoi aistrithe uile ainmhithe, tá sé fíor-riachtanach ar mhaithe le socrúcháin chúitimh Brúsalóise go gcoinníonn an t-úinéir/coimeádaí taifid faoi aistrithe ainmhithe incháilithe go léir isteach/amach as a t(h)réad trí chlár tréada a úsáid agus faisnéis ábhartha eile a choinneáil mar chruthúnas ceannacháin nó díolacháin. I gcás ráige Brúsalóise, beidh an t-úinéir/coimeádaí in ann faisnéis bhreise atá riachtanach a thabhairt go tapa chun an luacháil agus na próisis chúitimh eile a chríochnú m.sh. dáta an cheannacháin. Ní féidir leis an DVO cinneadh a dhéanamh faoin méid atá iníoctha maidir leis an luacháil Brúsalóise agus catagóir an Deontais Dídhaonraithe gan comhoibriú iomlán an úinéara/choimeádaithe maidir le comhlánú na Foirme ER 111 chomh luath agus is féidir i ndiaidh na ráige agus an fhaisnéis go léir atá á lorg a sholáthar. Tá dualgas ar an úinéir/gcoimeádaí an fhaisnéis go léir a sholáthar don luachálaí agus don DVO. D'fhéadfadh an luachálaí agus/nó an DVO an clár tréada agus/nó doiciméad bundíolachán nó doiciméad ábhartha eile a iarraidh ón úinéir/gcoimeádaí.

LUACHÁIL MHARGAIDH AR AN bhFEIRM

Is faoin Scéim Luachála Margaidh ar an bhFeirm a íoctar cúiteamh i leith eallaigh a thógtar mar imoibreoirí. Faoin scéim sin, beidh lánluachanna margaidh faoi réir na dteorainneacha a dtagraítear dóibh thíos iníoctha nuair atá tréada na ráige cobhsaí (.i. nach tréada neamhbhuana nó tréada ceannaithe iad) agus nuair atá na ceanglais dhlíthiúla agus eile a bhaineann leis na scéimeanna díothaithe galar agus le céannú/clárú eallaigh agus ceanglais tréidliachta comhlíonta ag an úinéir/ag an gcoimeádaí. I gcás na dtréad déileálaí/neambhuan, ní sháróidh an cúiteamh, in aon chás, na teorainneacha atá i bhfeidhm faoi Chóras Cúitimh Imoibreora an 27 Aibreán 1998.

Chun críocha na luachálacha, is é is brí le "Luach Margaidh" ná an praghas coibhéiseach a d'fhéadfaí le réasún a fháil don ainmhí an tráth a chinntear an cúiteamh ó cheannaitheoir ar an margadh oscailte mura mbeadh Eitinn nó Brúsalóis ar an ainmhí nó mura mbeadh sé á dhíláithriú mar chuid de dhídhaonrú faoin gclár díothaithe galar.

Nóta: Éilíonn rialacha an AE maidir le státchabhair freisin nach bhfaighidh úinéirí tréada an iomarca cúitimh le haghaidh caillteanas dáiríre de bharr eallach a bhaint mar imoibreoirí. Dá bharr sin, éilítear ar úinéirí tréada a chur in iúl don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia maidir le haon íocaíochtaí a fhaightear ó árachas príobháideach maidir le haon ainmhí a bhaintear mar imoibreoir. Nuair a dhéantar na híocaíochtaí sin, déantar an méid atá iníoctha ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia a laghdú dá réir.

Is iad seo a leanas príomhghnéithe an chórais luachála bheo:

  • Déantar luachálacha laistigh d'amscálaí atá leagtha síos agus de réir treoirlínte a cheapann foireann na Roinne;
  • Is é €2,800 an méid is mó a íoctar i gcás ainmhí aonair ar bith (agus íocaíocht na monarchan feola san áireamh san fhigiúr seo), ach amháin i gcás tairbh amháin de stoc folúil ar fheirm ar bith nuair is féidir suas le €3,500 a íoc (agus íocaíocht na monarchan feola san áireamh san fhigiúr seo freisin);
  • I gcás nach nglacann an t-úinéir/coimeádaí nó an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia leis an luacháil thosaigh, is féidir leo an luacháil a achomharc;
  • Nuair atá an próiseas luachála ar an bhfeirm críochnaithe (.i. an chéad luacháil nó an t-achomharc), tógann an tSeirbhís Bhailithe Imoibreoirí an t-imreoir/na himoibreoirí ó na feirmeacha;
  • Mura bhfuil comhaontú ann i ndiaidh achomhairc, is féidir an cheist a tharchur chuig Painéal Eadrána a mbeidh a chinneadh ina chinneadh críochnaitheach agus ina cheangal ar an dá pháirtí;
  • Baineann pionóis ghrádaithe leis an íocaíocht chúitimh dheireanach a déantar leis an úinéir/gcoimeádaí má dhéanann sé/sí moill mhíréasúnta maidir le na himoibreoirí a chur ón bhfeirm nó de bharr sháruithe eile na rialachán;
  • Ní íocfar íocaíochtaí luachála maidir le hainmhí nua (seachas tarbh stoic, lao diúil ionaid nó i gcás tréada nuabhunaithe) a meastar gur imoibreoir é a tugadh isteach ar an ngabháltas le linn na tréimhse srianta;
  • Ba cheart go dtuigfeadh feirmeoirí go bhfuil cosc ar ainmhí ar bith a aistriú chuig gabháltas srianta, ach amháin le cead scríofa an DVO agus de bhun cead aistrithe.
  • Nuair a thugtar cead d'fheirmeoirí ainmhithe a aistriú isteach i ngabháltas le linn tréimhse shrianta, ba chóir go dtuigfidís nach mbeidís incháilithe, ach amháin i mbeagán cásanna eisceachtúla, don Deontas Cruatain agus/nó do Scéimeanna Forlíonta Ioncaim, nó go bhféadfaidís gan a bheith incháilithe don íocaíocht iomlán faoin Scéim Deontais Dídhaonraithe de bharr na heallaí sin a aistriú.

DEONTAS DÍDHAONRAITHE

Is féidir go gcáileofaí úinéir/coimeádaí a bhfuil a thréad dídhaonraithe (go hiomlán nó i bpáirt) ar mhaithe le rialú galair le haghaidh Deontas Dídhaonraithe. Íoctar Deontais Dídhaonraithe i gcás gach ainmhí a bhaintear mar chuid den bheart dídhaonraithe agus ina gcás siúd a bhaintear mar imoibreoirí ón am a bhí an gabháltas srianta, ar an gcoinníoll go n-aontaíonn an t-úinéir/coimeádaí le dídhaonrú ag am a shonraíonn an DVO. Mura n-aontaítear leis, agus má tharlaíonn dídhaonrú ina dhiaidh sin, ní bheidh an t-úinéir/coimeádaí incháilithe chun Deontais Dídhaonraithe a fháil maidir le himoibreoirí san am atá caite, láithreach nó le teacht le linn na tréimhse srianta. Is é sin le rá, ní íocfar Deontais Dídhaonraithe ach amháin i gcás ainmhithe i dtadhall a bhainfear den fheirm le linn dídhaonrú eile a dhéanfar ina dhiaidh sin. Anuas air sin, níl Deontais Dídhaonraithe iníoctha i leith ainmhithe (ach amháin i gcás eisceachtaí áirithe) a aistrítear chuig an ngabháltas le linn na tréimhse srianta. (Tá sonraí iomlána ar fáil ón Oifig Tréidliachta Dúiche (DVO)). Íoctar Deontais Dídhaonraithe maidir le gach mí den tréimhse sosa atá sonraithe ag an DVO. Is iad seo a leanas na huasrátaí iníoctha atá i bhfeidhm faoi láthair in aghaidh an ainmhí do thréimhse iomlán 4 mhí.

 Ainmhí Cobhsaí  Neamhbhuan/Ceannaí/Eile
  Eitinn Brúsalóis Eitinn agus Brúsalóis
  Ráta (€) Ráta caighdeánach (€)

Ráta caighdeánach breise
(€)

 
(i) Ba Déirí /Bodóga Ionlao/Tairbh Fholúla > 12 mhí 228.52 126.97 228.55  Tada
(ii) Ba Eile / Bodóga Ionlao 126.96 126.97 126.97 Tada
(iii) Ainmhithe Eile 76.16 38.09 76.18 Tada

FORLÍONADH IONCAIM

Bíonn Forlíonadh Ioncaim iníoctha i gcásanna ina dtógtar breis agus 10% de na hainmhithe i dtréad de thoradh ráige agus nach gceaptar go mbeadh dídhaonrú oiriúnach. Déantar íocaíocht maidir le gach ainmhí a thógtar mar imoibreoir ó thréad, ach gan ach 100 ainmhí ar a mhéid a bheith incháilithe.

Ní bheidh úinéir tréada incháilithe d'Fhorlíonadh Ioncaim le héifeacht ón dáta a thugtar eallach (seachas tarbh stoic, lao diúil ionaid nó i gcás tréada nuabhunaithe) isteach i dtréad srianta (fiú má tá cead tugtha ag an DVO an t-aistriú sin a dhéanamh). Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil cosc ar aon ainmhí a aistriú chuig tréad srianta, ach amháin le cead scríofa an DVO agus de bhun cead aistrithe, más iomchuí. I gcás gur cinneadh go bhfuiltear i dteideal íocaíocht a fháil roimh na hainmhithe a thabhairt isteach, beidh deireadh leis an bhForlíonadh Ioncaim a íoc don chuid eile den tréimhse shrianta sin ó dháta an aistrithe chuig an tréad.

Cuirfear deireadh le hincháilitheacht maidir le Forlíonadh Ioncaim freisin más rud é go mbíonn na nithe seo a leanas i gceist:

  • Ní chomhoibríonn an t-úinéir/coimeádaí leis na Cigirí Tréidliachta nó leis na hoifigigh údaraithe agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoi na Scéimeanna Díothaithe Galar, lena n-áirítear moilleanna ar thástáil;
  • Measann an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia gurb é dídhaonrú an tréada (go hiomlán nó i bpáirt) an beart cuí;
  • Déantar an gabháltas a dhíshrianadh (nó níos luaithe ná sin má chuirtear moill le díshrianadh de bharr cóireáil tréidliachta a bheith á cur ar an imoibreoir).

Is iad seo a leanas na rátaí míosúla atá i bhfeidhm faoi láthair in aghaidh an ainmhí:

Rátaí Míosúla Forlíonta Ioncaim

Ainmhí  Cobhsaí Neamhbhuan/Ceannaí/Eile
  Eitinn Brúsalóis  
  Ráta (€)  Ráta (€) Ráta (€)
(i) Ba Eile 38.09 38.09 NIL
(ii) Ba Déiríochta agus Ainmhithe Eile 25.39 25.39 NIL

Nóta: Tá coinníollacha faoi leith ann le bheith incháilithe ar íocaíocht d'Fhorlíonadh Ioncaim agus chun deireadh a chur leis. Go háirithe, déantar an íocaíocht seo i leith míonna iomlána, agus sin amháin (m.sh. ón 13 Meán Fómhair go dtí an 12 Deireadh Fómhair) agus, dá réir sin, nuair a chuirtear deireadh le hincháilitheacht, ní eiseofar íocaíocht pro rata maidir le haon chuid eile de mhí a bheidh fágtha.

DEONTAS CRUATAIN

Maireann an tréimhse incháilithe don Deontas Cruatain ó 1 Samhain go 30 Aibreán. Tá an Scéim seo ceaptha chun deacracht chostas a mhaolú i dtaobh roinnt úinéirí/coimeádaithe a bhfuil a gcuid gabháltas srianta de bhun atástáil tréada agus nuair a choinnítear ainmhithe agus cothaítear iad le linn tréimhsí srianta. Caithfidh úinéirí/coimeádaithe a d'fhéadfadh a bheith incháilithe coinníollacha áirithe a chomhlíonadh lena n-áirítear ceanglais (i) nach mbeidh aon ioncam acu ó bhainne a dhíol agus (ii) nach mbeidh aon ioncam lasmuigh den bhfeirm acu. Lena chois sin, is é an riail ghinearálta atá ann ná go mbíonn deireadh le hincháilitheacht maidir le deontas cruatain má aistrítear ainmhithe isteach ar ghabháltas le linn na tréimhse srianta (cé go bhfuil eisceachtaí faoi leith ann) agus go leanann an scéal amhlaidh ar feadh na tréimhse.

D'fhéadfadh an Deontas íocaíocht suas le €250.00 sa mhí a chur ar fáil d'úinéirí/choimeádaithe incháilithe ar feadh tréimhse nach faide ná 4 mhí sa tréimhse ó 1 Samhain go 30 Aibreán.

Tá sé de dhualgas ar na húinéirí/coimeádaithe a d'fhéadfadh a bheith incháilithe a chinntiú go bhfaigheann siad an doiciméad faoi théarmaí agus choinníollacha an Deontais agus go bhfoghlaimíonn siad a bhfuil ann agus go bhfaigheann siad an fhoirm iarratais ER97. Eisíonn an DVO doiciméad faoi na téarmaí agus na coinníollacha, fógra tábhachtach agus an fhoirm iarratais ER 97 chuig na húinéirí/coimeádaithe a d'fhéadfadh a bheith incháilithe. Bíonn na cáipéisí ábhartha ar fáil chomh maith ag na hOifigí Tréidliachta Dúiche. Is ar an úinéir/gcoimeádaí atá an dualgas iarratas a dhéanamh ar an Deontas Cruatain.

SEIRBHÍS BHAILIITHE IMOIBREOIRÍ

Tá sé ar cheann de na príomhchoinníollacha le bheith incháilithe chun íocaíocht chúitimh a fháil ná go dtógtar gach imoibreoir láithreach lena m(h)arú de réir socruithe na Seirbhíse Bailithe Imoibreoirí/Thairiscint Monarchana Feola. Nuair a mheastar go bhfuil dídhaonrú tréada iomchuí agus go n-aontaíonn an t-úinéir/coimeádaí go ndéanfaidh sé dídhaonrú ar a thréad, caithfear an tréad iomlán a chur go pras lena mharú agus é sin a dhéanamh i gcomhairle leis an DVO.

ILCHINEÁLACH

  • Ní mór uimhir thagartha chánach (PSP) a sholáthar sula ndéanfaidh an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia aon íocaíocht. Bíonn Deimhniú Imréitigh Cánach riachtanach má bhíonn an íocaíocht chúitimh faoin scéim níos mó ná €10,000 i dtréimhse 12 mhí;
  • Is coinníoll le bheith i dteideal íocaíocht chúitimh a fháil go gcomhlíonfaidh úinéirí/caomhnóirí forálacha an Achta um Ghalair Ainmhithe, 1966, aon Orduithe a dhéantar faoi agus aon rialuithe aistrithe, céannaithe agus eile a leagadh síos faoi na Scéimeanna Díothaithe Galar, agus ceanglais agus rialuithe reachtúla náisiúnta/an AE eile a bhaineann le buaibhigh arna riar ag an Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia. Is féidir leis an Aire diúltú cúiteamh a íoc, go hiomlán nó i bpáirt, mura sásaíonn an t-úinéir/coimeádaí na forálacha thuasluaite nó má tá an tAire sásta nár chomhoibrigh an t-úinéir/coimeádaí leis na hoifigigh údaraithe nó le Cigirí Tréidliachta na Roinne Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia ó thaobh chur i gcrích a gcuid dualgas faoi na Scéimeanna;
  • De réir spriocanna íocaíochta arna gcomhaontú maidir le hÍocaíochtaí Díreacha le Feirmeoirí faoin gCairt um Chearta le haghaidh Feirmeoirí, íocfar cúiteamh Eitinne agus Brúsalóise de ghnáth laistigh de 3 seachtaine ó dháta fála na ndoiciméad cúltaca riachtanach ón úinéir/gcoimeádaí agus ón monarcha feola. Tá cuntas ar na doiciméid chúltaca atá riachtanach le haghaidh íocaíocht luachála sa Leabhrán "Socruithe Cúitimh maidir le hEitinn agus Brúsalóis - Eolas Tábhachtach d'Fheirmeoirí.";
  • Íocfaidh an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia cúiteamh de réir fhorálacha an chórais chúitimh agus de réir spriocanna íocaíochta sainithe. Ní bhaineann sé seo an bonn ón úinéir/gcoimeádaí maidir le hachomharc ar bith is ní chuirfidh sé i mbaol é. I gcás achomharc rathúil, íocfar an méid atá éilithe mar íocaíocht faoi leith;
  • Déantar leasú ar na socrúcháin chúitimh agus ar na rátaí ó am go ham i gcomhairle le heagraíochtaí na bhfeirmeoirí. Ba chóir go mbeadh ceisteanna ar bith maidir le hábhair chúitimh a chur ar an DVO iomchuí ar an gcéad dul síos.

Is féidir tuilleadh faisnéise maidir leis na Scéimeanna Díothaithe Galar a fháil ón Rannóg Díothaithe Galar, an Roinn Talmhaíochta Iascaigh agus Bia, Campas Bhacastúin, Lána Steach Cuimne, Cill Droichid, Co. Chill Dara, nó ó Oifigí Tréidliachta Dúiche (DVOanna) na Roinne. (Féach Aguisín 1 B le haghaidh liosta iomlán na DVOanna).

GALAIR AINMHITHE EILE

CLÁR RIALAITHE AGUS DÍOTHAITHE GHALAR AUJESZKY (MUCA)

Seoladh clár náisiúnta rialaithe agus díothaithe ghalar Aujeszky i muca i ndeireadh na bliana 2002. Ba é cuspóir an chláir ná galar Aujeszky a dhíothú ón tréad náisiúnta muc.

I mí Bealtaine 2010 bhain Éire stádas Iarscríbhinn II AE i dtaobh Ghalar Aujeszky amach go hoifigiúil. Bhí sé ríthábhachtach stádas Iarscríbhinn II a fháil ar mhaithe le galar Aujeszky a dhíothú go hoifigiúil ó Éirinn, agus léiríonn sé seo go soiléir an dul chun cinn atá déanta againn agus díograis gach duine lena mbaineann - úinéirí tréada muc, na comhlachtaí ionadaíochta feirme agus cleachtóirí tréidliachta.

Seolfar Céim 3 den Chlár Rialaithe agus Díothaithe in 2010 agus beidh sampláil fola ag teastáil le haghaidh gach tréada a bhfuil 6 mhuc nó níos mó ann. Is é an sprioc dheiridh atá ann i ndiaidh shampláil Chéim 3 ná dul ar aghaidh chun stádas Iarscríbhinn I a bhaint amach - saor go hoifigiúil ón ngalar.

Rachaidh díothú oifigiúil Ghalar Aujeszky ó na tréada muc náisiúnta go mór chun tairbhe earnáil mhuc na hÉireann ina hiomláine trí chaighdeán sláinte an tréada náisiúnta a shainaithint, trínár dteacht ar mhargaí easpórtála a chosaint agus trí chur ar chumas na hÉireann leas a bhaint as deiseanna margaidh nua.

FLIÚ ÉANÚIL

Gabháltais agus Láithreáin ina gCoinnítear Éanlaith Chlóis nó Éin Ghafa a chlárú:

Coinníonn an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia taifead lárnach faoi na gabháltais nó na láithreáin go léir ina gcoinnítear éanlaith chlóis nó éin ghafa. Is cuid lárnach é an fhaisnéis seo de phleanáil theagmhasach na Roinne maidir le Fliú Éanúil. Is ceanglas reachtúil é go mbeidh gach gabháltas agus gach láithreán ina gcoinnítear éanlaith chlóis nó éin ghafa cláraithe leis an Roinn.

Mura bhfuil tú cláraithe leis an Roinn mar tháirgeoir nó mar phróiseálaí éanlaith thráchtála agus más dócha, faoi láthair nó go gairid, go mbainfidh na nithe seo a leanas leat;

  • go bhfuil nó go mbeidh éanlaith chlóis nó éin ghafa eile (mar phiasúin, cholúir, éin spóirt nó éin choimhthíocha, ach níl éin pheata i dteaghlaigh san áireamh) i do sheilbh nó á dtrádáil agat, nó
  • go gcoinníonn nó go gcoinneofá éanlaith chlóis (fiú líon beag sicíní, cearca, turcaithe, lachan nó géanna lena dtomhailt tú féin nó lena dtomhailt sa chomharsanacht),

Beidh sé riachtanach duit de réir an dlí clárú leis an Roinn. Ba chóir d'úinéirí éanlaith chlóis a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé go ndlífear iad a ionchúiseamh faoin Acht um Ghalair Ainmhithe 1966 mura gcláraíonn siad mar a cheanglaítear orthu le I.R. Uimh. 42 de 2008.

Is féidir leat clárú trí fhoirm iarratais a chomhlánú (ar fáil ó d'oifig áitiúil de chuid na Roinne Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia (féach an liosta ag Aguisín 1B) agus ar láithreán Gréasáin na Roinne: www.agriculture.gov.ie ). Ba chóir iarratais chomhlánaithe a chur thar n-ais chuig oifig áitiúil na Roinne.

GALAR GORMTHEANGA

Is galar é an gormtheanga a bhíonn ar gach cineál ainmhí athchogantach - eallaí, caoirigh, fianna, gabhair agus ainmhithe coimhthíocha éagsúla lena n-áirítear camaill, lámaí agus araile. Víreas is cúis leis agus is trí ghreamanna míoltóg a leathnaítear é. Ní féidir é a tharchur go díreach nó go hindíreach de bharr ainmhithe a bheith i dteagmháil lena chéile. Bíonn na míoltóga a leathann an galar gníomhach in Éirinn ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair agus bíonn siad le fáil go coitianta ar fheirmeacha. Bíonn na míoltóga níos coitianta go déanach sa samhradh agus san fhómhar agus is ag an am seo is minice a fheictear an galar.

Ní féidir le daoine an galar seo a tholgadh agus ní baol don tsláinte poiblí é. Ní féidir an víreas a tholgadh trí bhia a ithe.

Is é an phríomhéifeacht ná an víreas a bheith ina chúis le drochghalair agus uaireanta le galair mharfacha ar chaoirigh agus ar ghabhair (lena n-áirítear teanga ghorm, a bhfuil cur fola mar chúis leis) agus cé go n-iompraíonn eallach an galar, is iondúil nach mbíonn siad tinn. Féadfaidh ainmhithe a bhfuil galrú ainsealach orthu bás a fháil laistigh de 3 nó 5 seachtaine de bharr ionfhabhtuithe tánaisteacha baictéaracha, nó féadfaidh sé tamall fada a thógáil ortha teacht chucu féin agus caillteanas gruaige nó olla orthu dá bharr nó moill curtha ar a bhfás nó iad aimrid dá bharr. Féadfaidh ainmhithe a bhfuil galrú éadrom orthu teacht chucu féin go hiomlán.

Amhail ó Aibreán 2010 tá Éire saor ón ngalar Gormtheanga. I gcás ráige, bhunófaí criosanna rialaithe agus chuirfí srianta ar aistriú ainmhithe laistigh de na criosanna sin. Ní mheastar go ndéanfaí aon mharú forleathan ar ainmhithe. Meastar gurb é vacsaíniú an beart iomchuí le glacadh i gcás ráige.

Tá coinníollacha i bhfeidhm ar ainmhithe beo soghabhálacha a allmhairiú ó cheantair atá srianta ó thaobh an ghalair ghormtheanga agus ní cheadaítear allmhairiú ach de réir coinníollacha atá sainithe ag an AE. Tá sé éigeantach tástáil a dhéanamh ar na hainmhithe sin i leith an ghalair ghormtheanga tar éis iad a allmhairiú.

Galar infhógartha is ea an Galar Gormtheanga agus caithfear tuairisc a thabhairt don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia láithreach faoi aon chúis amhrais ina leith. Tá tuilleadh faisnéise faoin nGalar Gormtheanga le fáil ar láithreán Gréasáin na Roinne agus trí chuairt a thabhairt ar www.bluetongue.ie.

BSE

Galar marfach eallaí is ea BSE (Einceifileapaite Spúinseach Bhólachta) agus d'fhéadfadh baint a bheith aige leis an ngalar marfach, athraitheach CJD (vCJD), i ndaoine. Is é an chaoi is coitianta a fhaigheann eallaí an galar ná beatha a ithe ina bhfuil min feola agus cnámh (MBM) ann déanta dá raibh fágtha d'ainmhithe a raibh an galar orthu nó beatha a ithe atá truaillithe lena leithéid.  Ní féidir a dhearbhú go bhfuil BSE orthu ach amháin trí scrúdú iarbháis na hinchinne.  Tá sé níos coitinne i measc bó atá 11 bhliain d'aois nó níos sine.  I measc na gcomharthaí cliniciúla tá imní agus eagla, gúngáil, crúbáil an talaimh nó lí leantach na sróine, táirge laghdaithe bainne, báiní nó forrán.  Déanann an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia ainmhithe faoi amhras a scriosadh (íoctar cúiteamh ina leith) agus cuirtear srian ar thréada agus torthaí an scrúdaithe iarbháis ar feitheamh.  Tá córas dídhaonraithe pháirtigh i bhfeidhm ag an Roinn faoina dtógtar cohóirt (faoi mar a shainmhínítear iad i reachtaíocht an AE) agus ainmhithe sleachta chun siúil agus íoctar cúiteamh ar luach an mhargaidh.

Ó 2009 i leith tá sé de dhualgas ar Éirinn agus ar roinnt Ballstát eile den AE tástáil a dhéanamh ar gach beithíoch sláintiúil maraithe os cionn 48 mí d'aois atá ceaptha mar bhia don duine agus ar gach ainmhí a fhaigheann bás agus ar ainmhithe taismeacha os cionn 48 mí d'aois.

LIÚCÓIS

Dearbhaíodh go hoifigiúil go raibh Éire saor ó liúcóis ón 1 Márta 1993 i ndiaidh babhta tástálacha náisiúnta a rinneadh in 1991/1992. Dearbhaíonn Cinneadh 1999/465/CE ón gCoimisiún an 13 Iúil 1999 (IO L181, 1999, leathanach 32) go bhfuil tréad eallaí na hÉireann saor ó liúcóis eansótach bhuaibheach go hoifigiúil. Déantar faireachas gach bliain chun an stádas saor ó ghalar atá ag Éirinn a choinneáil.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ón Rannóg Sláinte agus Leas Ainmhithe, An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2. Teil: 01 607 2407.

LEITH UISCE

Gach fómhar, eisíonn an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia réamhaisnéis maidir le teagmhas na leithe uisce agus tugtar cothrom le dáta í de réir mar is gá. Ba chóir d'úinéirí stoic an chomhairle a thugtar a leanúint.

AN SCRÁIBEACH

Is galar caorach é an scráibeach atá gaolmhar le BSE (Einceifileapaití Spúinseacha In-tarchurtha nó TSE). Ceaptar go bhfuil ráta réasúnta íseal den Scráibeach in Éirinn, le claonadh geografach i dtreo an Oirdheiscirt.  Lena chois sin níl an scráibeach cosúil le BSE sa mhéid is go bhfuil sé in-tarchurtha ó ainmhí go hainmhí, go háirithe nuair a bhíonn uain á mbreith.

Bearta Rialaithe agus Díothaithe
I mí Dheireadh Fómhair 2001, sula raibh bearta cothrománacha an AE i bhfeidhm, thug an Roinn córas iomlán dídhaonraithe isteach do na tréada galraithe, agus bhí cosc ar athstocáil le caoirigh ar feadh tréimhse dhá bhliain i ndiaidh an dídhaonraithe mar chuid den chóras sin.

Ón 1 Deireadh Fómhair 2003, rinneadh an beartas maidir le rialú agus díothú na Scráibe a fhorbairt i gcomhar le forbairt córais chomhoiriúnaithe ag leibhéal an AE. Is iad na príomheilimintí ná:

Faireachas Gníomhach
Déantar clár tástála cuimsitheach don ghalar ag seamlais agus ag cnioglanna.

Tréada Galraithe
Déantar géinitíopú ar thréada galraithe agus cuirtear de láimh na hainmhithe a d'fhéadfadh a bheith i mbaol an Scráibeach a tholgadh. Bíonn sé riachtanach d'úinéirí tréada as sin amach ainmhithe atá frithsheasmhach don Scráibeach, agus iad sin amháin, a bheidh á bpórú acu agus caithfidh siad géilleadh do shrianta eile atá leagtha síos i reachtaíocht an AE. Tá géinitíopú saor in aisce mar chuid de phacáiste na Roinne mar aon le luach margaidh a íoc i gcás ainmhithe soghabhálacha ar gá iad a dhiúscairt, agus íocaíocht "cruatain" de €84 in aghaidh gach caorach pórúcháin.

AN CLÁR NÁISIÚNTA GÉINITÍOPA (NGP) (SCÉIM DHEONACH)

Tugann an Clár Náisiúnta Géinitíopa cúnamh d'úinéirí tréada chun caoirigh phórúcháin a roghnú nach mbeidh baol chomh mór ann go dtolgfaidís an Scráibeach. Is é Orchid Cellmark Ltd. an tsaotharlann tráchtála atá formheasta ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia chun seirbhís tástála fola a chur ar fáil chun cinneadh a dhéanamh faoi ghéinitíopa na gcaorach.

Mar chuid de rannpháirtíocht sa Chlár Náisiúnta Géinitíopa caithfidh úinéir tréada iarratas a dhéanamh ar an Roinn chun géinitíopú a dhéanamh ar chaoirigh atá aitheanta ag an gCóras Náisiúnta Céannaithe Caorach (NSIS). Ceapann sé/sí Cleachtóir Tréidliachta Príobháideach chun samplaí fola a thógáil. Ginfear agus eiseofar "Foirm Saotharlainne" chuig an gCleachtóir Tréidliachta Príobháideach atá ceaptha, ina dtugtar sonraí a bhaineann leis an úinéir stoic, an Cleachtóir Tréidliachta Príobháideach atá ceaptha agus uimhreacha clibe na gcaorach atá le tástáil.

Roghnaíonn an Cleachtóir Tréidliachta Príobháideach i gcomhairle leis an úinéir tréada an tsaotharlann inar mhian leis/léi go ndéanfaí na samplaí a thástáil iontu ó liosta na saotharlann atá formheasta faoin gClár Náisiúnta Géinitíopa. Tá an tsaotharlann roghnaithe freagrach as na trealaimh samplála fola a sholáthar mar aon le treoracha lena n-úsáid. Is idir úinéir an tréada, an cleachtóir tréidliachta príobháideach agus an tsaotharlann ceaptha atá sé socruithe a dhéanamh faoi na samplaí fola a chur chuig an tsaotharlann roghnaithe.

Seolann an tsaotharlann toradh gach tástála faoi leith go leictreonach chun na Roinne agus ansin eisíonn an Roinn Teastas faoin gClár Náisiúnta Géinitíopa a insíonn géinitíopa gach caora a ndearnadh tástáil uirthi chuig an úinéir tréada.

Líne Chabhrach an Chláir Náisiúnta Géinitíopa 1890-441-250.

GALAR SCRATHACH CAORACH

Tá galar scrathach caorach faoi réir rialuithe faoin Ordú fán Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 (Galair Ainmhithe a Fhógairt agus a Rialú) 2008 I.R. Uimh 101 de 2008 agus tá an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia freagrach as na rialuithe sin. Foráiltear leis an Ordú sin nach mór d'aon duine a bhfuil ainmhí ina s(h)eilbh a bhfuil an galar seo air a (h)Oifig Tréidliachta Dúiche áitiúil a chur ar an eolas faoi. Féadfaidh an Roinn srianta a chur leis an tréad ar feadh tréimhse áirithe nuair a fhaigheann siad an fhaisnéis seo.

PÉARSLA

Bíonn péarslaí le feiceáil mar chnapán ar dhromanna eallaí ó lár mhí Feabhra go dtí go dtagann an chuileog amach idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh. Caithfidh úinéirí tréada fógra a thabhairt i leith inmhíolú ar bith agus níl cead acu eallaí galraithe a bhogadh mura bhfuil teastas cóireála acu. Níl aon fhianaise ann go raibh péarslaí i dtréad na tíre le blianta beaga anuas, ach is féidir iad a fháil in eallaí allmhairithe. D'fhéadfaidís leathnú amach arís agus d'fhéadfadh cóireáil cheantair a bheith riachtanach. Is trí allmhairiú freagrach a chosnaítear an tréad: ná ceannaigh ach amháin ó fhoinse iontaofa agus cuir an DVO ar an eolas maidir le hallmhairí ar bith atá ar na bacáin.

SLÁINTE AINMHITHE ÉIREANN (AHI)

Is cuideachta phríobháideach faoi theorainn ráthaíochta a bunaíodh in 2009 í Sláinte Ainmhithe Éireann. Tá sé páirtchistithe ag an Roinn Talmhaíochta Iascaigh agus Bia. Is é is aidhm do AHI ná brabúsacht fhoriomlán d'fheirmeoirí ar leith agus don tionscal agraibhia a fheabhsú agus iomaíochas bheostoc agus bhia na hÉireann a fheabhsú sa mhargadh idirnáisiúnta trí leas agus sláinte sármhaith ainmhithe. Ní thagann galair ainmhithe atá faoi réir rialúcháin cheana féin (amhail Eitinn agus Brúsalóis) faoina chúram.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ó láithreán Gréasáin Shláinte Ainmhithe Éireann www.animalhealthireland.ie.

RIALÚ AR BHRAICHEAS

Reachtaíocht lena rialaítear braicheas idirnáisiúnta a dhiúscairt agus a aistriú .i. An tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 (arna leasú), (Beathú agus Braicheas a Úsáid) 1985, (I.R. Uimh 153 de 1985), an tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 (Beathú agus Braicheas a Úsáid) (Leasú) 1987 (I.R. Uimh 133 de 1987), an tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 (Toirmeasc ar Bhraicheas a Úsáid) 2001, (I.R. Uimh. 597 de 2001), Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Einceifileapaití Spúinseacha In-tarchurtha agus Seachtháirgí Ainmhithe) 2008, I.R. Uimh. 252 de 2008, an tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe 1966 (Toirmeasc ar bhraicheas a úsáid) (Leasú) 2009, I.R. Uimh. 12 de 2009, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Einceifileapaití Spúinseacha In-tarchurtha agus Seachtháirgí Ainmhithe) (Leasú) 2009 I.R. Uimh. 345 de 2009.

Le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002, ina leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine, cuirtear toirmeasc ar feadh tréimhse éiginnte ar bhraicheas a bhailiú agus a thabhairt mar bheatha d'ainmhithe ar chúiseanna sláinte ainmhithe, ach ceadaítear táirgí áirithe nach táirgí ainmhithe iad agus táirgí bainne a thabhairt mar bheatha dóibh. Tá ceadúnas ag teastáil chun braicheas idirnáisiúnta a thabhairt i dtír ag chalafoirt agus aerfoirt, nó é a aistriú amach uathu, faoi na hOrduithe Braichis thuasluaite. Níor chóir ach d'oibreoirí ceadúnaithe amháin braicheas idirnáisiúnta a thabhairt i dtír ag calafort nó ag aerfort nó a aistriú amach uathu. Bhí cosc i gcónaí ar a leithéid de bhraicheas nó de dhríodar bia idirnáisiúnta a thabhairt d'ainmhithe.

FÓIRDHEONTAS DON SCÉIM TÁSTÁLA TSE

Tá foráil sa Scéim um Fóirdheontas do Thástáil Einceifileapaití Spúinseacha In-tarchurtha (TSE) a tugadh isteach in Aibreán 2009 agus a ndeonaítear fóirdheontas ina leith chun buaibhigh os cionn 48 mí a bhailiú agus a scriosadh. Tá an scéim seo ar fáil i ngach ceann de na 26 contae. Caithfidh monarchana Idirmheánacha Chatagóir 2 (Cnioglanna) a thairgeann an tseirbhís seo d'fheirmeoirí a bheith ceadúnaithe de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Fotháirgí Ainmhithe), 2008 (I.R. Uimh. 252/2008) arna leasú.

Is iad seo a leanas na táillí atá iníoctha ag feirmeoir le bailitheoir maidir le buaibheach atá níos sine ná 48 mí d'aois a bhailítear faoin scéim:

€54.03 in aghaidh gach buaibhigh chlibeáilte atá níos sine ná 48 mí d'aois.

Is cion é ainmhithe marbha a adhlacadh ar an bhfeirm, ach amháin de réir ceadúnais eisithe ag an Roinn Talmhaíochta Iascaigh agus Bia.

Cuirtear in iúl d'fheirmeoirí freisin gur cion é conablach ainmhí os cionn 48 mí d'aois a bheith chomh meathlaithe sin nach féidir an sampla a thástáil gan dua. Ní mór dul i dteagmháil leis an gcnioglann áitiúil laistigh de 24 uaire ó bhás an ainmhí. Ba chóir taifead a dhéanamh den am agus den dáta ar cuireadh an chnioglann in iúl faoin mbás. Ní mór conablaigh atá le bailiú a choinneáil sa chaoi sin nach féidir le hainmhithe baile, lena n-áirítear stoc feirme, agus ainmhithe allta teacht orthu. Mura gcomhlíontar na coinníollacha sin is féidir ionchúiseamh a dhéanamh faoi I.R. Uimh. 252 de 2008 arna leasú.

Ní foláir an Fhoirm NBAS 31D a bheith comhlánaithe agus sínithe agus pas an ainmhí a bheith ar fáil nuair a bhailítear an t-ainmhí. Ní mór an fhoirm agus an pas a thabhairt don Bhailitheoir a thógann conablach an ainmhí ó d'fheirm. Mura bhfuil pas an ainmhí mhairbh agat, caithfidh tú ceadúnas ar a dtugtar FAL 1 a iarraidh ón DVO áitiúil sula mbailítear an conablach. Cuirfidh an DVO an ceadúnas díreach chuig an gcnioglann i bhfoirm facs.

Tá liosta de chnioglanna ceadúnaithe le fáil ar láithreán Gréasáin na Roinne ag www.agriculture.gov.ie.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ón Rannóg Fóirdheontais do Thástáil TSE, An Roinn Talmhaíochta Iascaigh agus Bia, Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. Teil: 053 9163437.