By using this website, you consent to our use of cookies. For more information on cookies see our privacy policy page.

Text Size: a a
Home A-Z Index Subscribe/RSS Contact Us Twitter logo small white bird

Toscaireacht na hÉireann ag Móraonach Bia Mara i Qingdao faoi stiúir an Aire Doyle

Chuir an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D., clabhsúr inniu le sraith imeachtaí polaitiúla agus bolscaireachta sa tSín nuair a d'fhreastail toscaireacht na hÉireann, faoina stiúir féin, ar an Móraonach Bia Mara is mó ar domhan.

Dúirt an tAire Doyle atá i Qingdao i gCeantar Shandong: “Deis thábhachtach a bhí sa Mhóraonach seo chun ardchaighdeán agus inbhuanaitheacht tháirgí bia mara na hÉireann a chur os comhair an domhain.  Is deis trádála an-tábhachtach atá anseo agus ghlac 14 chomhlacht bia mara de chuid na hÉireann páirt i mbliana faoin scáth Origin Green.”

Labhair an tAire Doyle chomh maith le Yu Kanzheng, an Leas-Aire Talmhaíochta agus Cúrsaí Tuaithe ag searmanas oscailte an Mhóraonaigh.

“Ba dheis ,mhaith eile í seo le teagmháil a dhéanamh lenár gcomhghleacaithe sa tSín faoi shaincheisteanna a bhaineann le trádáil agus comhoibriú” a dúirt an tAire Doyle:   “Leanann sé sin ón bpáirt a ghlac mé san CIIE (Móraonach Allmhairithe agus Onnmhairithe na Síne) i Shang-hai, in éineacht le roinnt de chomhlachtaí móra bia na hÉireann.” Ba í an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta Heather Humphries T.D. a stiúir toscaireacht na hÉireann ag an CIIE. “Is í an tSín an tríú margadh is mó atá againn d'onnmhairí agraibhia”  a dúirt an tAire Doyle. “Ní mór teagmháil leanúnach Rialtas le Rialtas, agus Gnó le Gnó a bheith ann le go n-éireoidh leis an onnmhairiú seo.”

Thug an tAire Doyle cuairt trádála ar Shang-hai agus ar Quingdao i ndiaidh cruinnithe teicniúla ag an leibhéal oifigiúil i mBéising, agus i ndiaidh an chéad mhisin thrádála agraibhia chun na hIndinéise agus na Malaeisia faoi stiúir an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD an tseachtain seo caite.

“De réir théamaí forbartha margaidh Food Wise 2025, is tosaíocht de chuid mo Roinne í teacht a bheith againn ar mhargaí barrthábhachtacha san Áise agus iad a fhorbairt agus a mhéadú, i gcomhar le Bord Bia, le líonra Ambasáidí na hÉireann agus le tionscail an bhia” a dúirt an tAire Doyle ar deireadh.

 

CRÍOCH

Date Released: 07 November 2018