Tuar Nematodirus 2019 na Roinne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag cur comhairle ar fheirmeoirí maidir leis an riosca ionfhabhtaithe in uain atáthar a thuar bunaithe ar an gcomhairle a fuarthas ón nGrúpa Comhairleach ar Nematodirus.
Dianghalar a bhíonn ar uain atá idir sé agus dhá sheachtainí déag d'aois é an Nematodirosis. Tolgann na huain an galar trí líon mór den larbha ionfhabhtaíoch atá i láthair ar fhéarach truaillithe a ionghabháil. Níl saolré an Nematodirus battus ar nós shaolré chruinnphéisteanna eile mar go nglacann sé beagnach bliain ar an ubh briseadh agus ar an larbha ionfhabhtaíoch teacht amach. Tagann go leor den larbha amach san earrach nuair a ardaíonn teocht na hithreach i ndiaidh tréimhse d'aimsir fhuar agus bíonn an galar i láthair go hiondúil i mí Aibreáin, na Bealtaine agus an Mheithimh.
Nuair atá larbha an Nematordirus slogtha, déanann sé ionradh ar an múcós stéigeach agus is comharthaí iad drochráigeanna buinní, díhiodráitiúchán agus cailleadh meáchain go bhfuil an galar ar an uan. I gcásanna go bhfuil an galar briste amach, bíonn na huain le feiceáil cruinnithe timpeall ar umair uisce mar gheall ar an tart ollmhór a thagann orthu. Ní bhíonn aon tionchar ag an ngalar ar chaoirigh agus leanann siad orthu ag innilt.
Is é an bealach is fearr chun an galar a chosc ná uain na bliana seo a choinneáil den fhéarach a raibh uain nó laonna óga ar féarach air anuraidh. Fiontair a bhfuil rátaí arda stoic acu is mó atá i mbaol. Tabhair ar aird gur mó an baol gur ar chúplaí nó ar uain aonair ó chaoirigh nach raibh mórán bainne acu a gheobhaidh an galar ó tharla iad ag ithe níos mó féir agus iad óg. Má tá féarach 'glan' ar fáil, ní mór na huain a bhogadh ansin ar dtús.
Táthar ag meas gurb í an tseachtain deiridh de Mhárta an tráth is mó a dtiocfaidh an larbha Nematodirus amach feadh chósta iardheisceart agus chósta iarthar na hÉireann. Is í an chéad choicís d'Aibreán an tréimhse a bheidh i gceist don chuid eile den tír. D'fhéadfadh uain comharthaí cliniciúla den ionfhabhtú a léiriú coicís nó trí seachtaine i ndiaidh na ndátaí seo den tráth is mó a dtiocfaidh an larbha amach.
Tá teocht na hithreach níos teo ná mar is gnáth don am seo den bhliain agus beidh an larbha ag teacht amach coicís nó trí seachtaine níos túisce ná mar a tháinig anuraidh dá bharr sin.
I gcás chósta iardheisceart na hÉireann agus iarthar na hÉireann, ba chóir dáileog díphéistithe chuí (frith-heilminteach) a thabhairt d'uain faoin dara seachtain d'Aibreán (coicís i ndiaidh na ndátaí is mó a mbeidh larbha ag teacht amach). Ba chóir dáileog a thabhairt d'uain sa chuid eile den tír i rith an tríú seachtain d'Aibreán.
Is Beinsimideasóil (droinsí bána) an roghchóireáil d'ionfhabhtuithe Nematodirus agus tá siad éifeachtach ag céim an larbha agus ag an gcéim lánfhásta. Cuideoidh an cineál frith-heilmintigh seo a úsáid mar an chéad rogha cóireála an teagmháil le péisteanna mar Trichostrongylus agus Teladorsagia chuig cinéalacha eile frith-heilmintigh a laghdú (e.g. lachtóin mhacrafháinneacha) ag tréimhse sa séasúr féaraigh ina bhféadfadh sé nach mbeadh gá le cóireáil ina leith sin. Cuideoidh sin le héifeachtacht na ndrugaí sin a choinneáil. Tá sin níos tábhachtaí fós ar fheirmeacha a raibh fadhbanna orthu cheana le frithsheasmhacht beinsimideasóil maidir leis na cruinnphéisteanna coitianta boilg/stéige.
Tabhair ar aird nach bhfuil aon droinsí ann faoi láthair a bhfuil gníomhaíocht iarmharach éifeachtach ag baint leo in aghaidh Nematodirus agus ciallaíonn sé sin go bhféadfadh na huain an larbha a thógáil arís nuair a bheidh siad ar féarach agus go bhféadfadh go gcaithfí an chóireáil a thabhairt dóibh cúpla babhta eile agus coicís nó trí seachtaine idir gach cóireáil.
Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeadh feirmeoirí ar an eolas maidir leis na seadáin eile atá ábalta ráigeanna buinní a chur ar uain óga agus ar na bearta rialaithe agus ar an gcóir leighis éagsúil a theastaíonn ina leith. Is féidir a mheas go mícheart gur Nematodirus is cúis le drochráigeanna buinní sna huain nuair is ionfhabhtú coiciodóise is cúis leo. Cuideoidh sé féarach a athrú agus umair bheathaithe agus uisce a bhogadh go dtí áiteanna níos tirime go minic chun coiciodóis a chosc in uain óga. Cuidíonn coinníollacha taise a bhfuil caitheamh ar an talamh leis na seadáin seo a scaipeadh. Cuideoidh na humair a bheith socraithe níos airde le truailliú na beatha le faecas chomh maith le haistriú coiciodóise a laghdú.
Moltar duit dul i gcomhairle le tréidlia chun diagnóis chruinn a fháil chomh maith le comhairle a fháil maidir leis an gcógas cuí má thugtar uain a bhfuil drochráigeanna buinní agus straidhneáil orthu faoi deara. Tá sin níos tábhachtaí fós nuair is léir nach bhfuil an chóireáil frith-heilmintigh a tugadh ar dtús ag obair nó gur léir nach bhfuil mórán maitheasa déanta aici. Is féidir le nematodirosis agus coiciodóis a bheith ar roinnt uan ag an am céanna, agus dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá an chóireáil a thabhairt don dá phataigin.
Moltar go gcuirfeadh do thréidlia príobháideach aon uan a chailltear go tobann ar aghaidh chuig saotharlann tréidliachta réigiúnach chun scrúdú iarbháis a dhéanamh air mar gur féidir le N. battus a bheith ina chúis bháis sula dtagann comharthaí cliniciúla chun cinn. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird gur mar thoradh ar chéimeanna an larbha is mó a tharlaíonn tionchair phataigineacha an tseadáin seo. Dá bharr sin, ní féidir a bheith ag brath ar mhonatóireacht a dhéanamh ar líon na n-uibheacha sa bhfaecas mar an t-aon treoir go bhfuil cóireáil ag teastáil.
CRÍOCH