Béim leagtha ag Doyle ar an ról atá ag agrafhoraoiseacht ar fheirmeacha in Éirinn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
“Cuir crainn agus coinnigh ag feirmeoireacht” - b'in an teachtaireacht ón Aire Stáit a bhfuil freagracht air i leith na Foraoiseachta Andrew Doyle TD, inniu le linn Lá Oscailte ag laithreán agrafhoraoiseachta ar fheirm i gCill Choca, Co Chill Dara. Is éard is agrafhoraiseacht ann crainn a chur ar thalamh feirme ag dlús níos ísle ná gnáthchoillearnach ionas gur féidir leanúint de ghníomhaíocht feirmeoireachta ar an talamh chéanna. Cuirtear maoiniú ar fáil dó trí dheontais fhlaithiúla faoin gClár Náisiúnta Foraoiseachta agus cuireadh méadú suntasach ar na préimheanna seo anuraidh ó €260 go dtí €645 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ar feadh tréimhse cúig bliana.
Dúirt an tAire Doyle:
"tá lá oscailte á reáchtáil anseo ar fheirm Leo Murphy chun cuidiú le daoine eile tuiscint a fháil ar agrafhoraoiseacht mar aon leis na tairbhí a bhaineann leis an gcineál seo curadóireachta a chur san áireamh. Trí bhreathnú ar na caora ag innilt go sona i measc na gcrann darach, silíní agus seiceamar a cuireadh, léirítear go mór na tairbhí a bhaineann leis an gcur chuige seo don chomhshaol, do bheostoc agus don talamh. Mar gheall ar an méadú suntasach a tugadh isteach anuraidh maidir leis na deontais agus préimheanna, ba chóir do gach feirmeoir é seo a bhreithniú go dáiríre. Is í an Roinn a d'íoc as na crainn sin a chur agus íocann sí préimh bhliantúil leis an bhfeirmeoir ar feadh 5 bliana. Is cuid de thiomantas an Rialtais í seo chun torthaí a bhaint amach faoi Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2019 a foilsíodh le gairid agus an ról atá ag an earnáil talmhaíochta agus úsáide talún chun na spriocanna sin a bhaint amach."
Bhí freastal maith ar an Lá Oscailte agus thug na daoine a bhí i láthair cluas don méid a bhí le rá ag an úinéir, an foraoiseoir agus an Roinn ar an mbealach is fearr le tionscadal agrafhoraoiseachta a thabhairt san áireamh. Chomh maith leis sin, déanadh cur síos freisin ar na tairbhí breise a bhaineann leis an tírdhreach a fheabhsú trí agrafhoraoiseacht maidir le leas ainmhithe, bithéagsúlacht níos fearr, draenáil talún, gnéithe dearfacha do cháilíocht an uisce agus acmhainneacht chun adhmad a tháirgeadh.
Mar chuid den lá oscailte inniu, d'fhógair an tAire freisin go raibh a Roinnse tagtha ar chomhaontú leis an EPA maidir le rialacha nua trína gceadófar agrafhoraoiseacht a chur i limistéir atá ainmnithe ina dtailte atá íogair ó thaobh aigéid. Cuireann sé sin roghanna cearta ar fáil d'fheirmeoirí chun crainn a chur in thart ar 150,000 heicteár atá ainmnithe ina limistéir atá íogair ó thaobh aigéid.
Chuir an tAire Doyle fáilte roimh an bhforbairt seo:
"Cruthaíonn sé seo acmhainn chun go nglacfaidh tuilleadh feirmeoirí le hagrafhoraoiseacht agus speicis dhúchasacha i limistéir atá ainmnithe ina limistéir atá íogair ó thaobh aigéid agus ar mian leo agrafhoraoiseacht a fhorbairt mar chuid dá bhfiontar feirmeoireachta."
Is féidir le feirmeoirí a bhfuil suim acu dul isteach sa scéim sonraí a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne faoi dheontais foraoiseachta agus scéimeanna préimhe, nó féadfaidh siad teagmháil a dhéanamh le comhairleoir foraoiseachta de chuid Teagasc, foraoiseoir cláraithe nó lena gcomhairleoir talmhaíochta chun tuilleadh a fháil amach.
CRÍOCH
Tá an scéim agrafhoraoiseachta ar cheann de shraith scéimeanna foraoiseachta atá ar fáil faoi Chlár Foraoiseachta 2014-2019 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Is córas úsáide talún í agrafhoraoiseacht ina saothraítear crann in éineacht le talmhaíocht ar an talamh chéanna. Tríd an gcóras seo, tugtar solúbthacht d'úinéirí talún chun ainmhithe a chur ar féarach agus fiú sadhlas agus féar tirim a bhaint sa pháirc chéanna ina bhfuil crainn á saothrú le haghaidh adhmaid. Trí agrafhoraoiseacht is féidir adhmad ardchaighdeáin a shaothrú gan mórán de thionchar, nó tionchar ar bith, a imirt ar an táirgeadh talamhaíochta reatha. Feileann an córas seo d'fheirmeoirí a bhfuil suim acu san fhoraoiseacht ach nach bhfuil ag iarraidh táirgeadh talmhaíochta a gcuid talún a chur ó mhaith. Áirítear i measc na dtairbhí a bhaineann le hagrafhoraoiseacht an méid seo a leanas.
Cuirtear foinse fuinnimh inathnuaite ar fáil, trína laghdaítear an úsáid a bhaintear as
breoslaí iontaise:
Chomh maith leis sin, tá agrafhoraoiseacht incháilithe faoi Scéim feabhsúcháin Coillearnach na Roinne maidir le tanú, aire a thabhairt agus prúnáil a dhéanamh.
D'fhonn suim a mhúscailt sa scéim, méadaíodh na rátaí préimhe agus deontais d'agrafhoraoiseacht faoi Athbhreithniú Meántéarma an Chláir Foraoiseachta in 2018 inar méadaíodh an phréimh ó €260 go dtí €645 in aghaidh an heicteáir agus méadaíodh an deontas ó €4,450 go dtí €6,220 in aghaidh an heicteáir.
Tabharfar córas foraoiseachta/tréadaíochta san áireamh faoi agrafhoraoiseacht (féarach, innilt, sadhlas/féar tirim). D'fhéadfaí córais eile a bhreithniú ar bhonn cúinsí gach suímh faoi leith an fhad is a bheidh an ráta crann idir 400-1000 crann in aghaidh an heicteáir, go mbeidh sé 0.5 de heicteár agus 20 méadar ar leithead ar a laghad. Déanfar na crainn a thanú in imeacht ama chun uimhreacha a laghdú go dtí idir 160-250 crann in aghaidh an heicteáir, ciallaíonn sé sin go mbeidh go leor solais in ann dul tríd an gceannbhrat chun go mbeidh an féar in ann fás.
Ar na crainn a nglacfar leo faoin scéim tá crainn darach, seiceamair agus silíní. Déanfar crainn leathanduilleacha agus buaircíneacha eile a bhreithniú ar bhonn cúinsí gach suímh faoi leith. Is féidir crainn torthaí agus crainn cnónna a chur san áireamh i leith 15% de na crainn a chuirtear.
Ní mór na crainn a chosaint ó ainmhithe ag piocadh trí úsáid a bhaint as foscadáin crann nó fálú nó iad araon. Má tá an cheapach agrafhoraoiseachta ina cuid de phlandáil níos mó, ní mór fál a chur suas chun cosc a chur ar ainmhithe ó dhul isteach i gceapacha crann in aice láimhe. Nuair a éiríonn na crainn rómhór do na foscadáin déantar iad a bhaint agus cuirtear mogalra cosanta thart ar na crainn. Ní mór d'fheirmeoirí a chinntiú go mbainfear úsáid as innealra cuí nuair atá sadhlas nó féar tirim á dtáirgeadh ionas nach ndéanfar damáiste do na crainn.