An tAire Doyle ag freastal ar sheoladh na Bliana Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí ag an FAO, An Róimh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhreastail an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D. ar imeacht i gceanncheathrú an FAO sa Róimh inniu chun Bliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí (IYPH) na Náisiún Aontaithe a sheoladh.
Dúirt an tAire Doyle ag an ócáid “Thug Éire tacaíocht láidir don Bhliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí ó thús an phróisis seo ó thaobh coincheapa agus airgid de agus táimid ag súil leis na príomhtheachtaireachtaí a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach.”
Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún inar fógraíodh gurb í an bhliain 2020 an Bhliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí (IYPH) agus ina n-éileofar ar an FAO, i gcomhar leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cosaint Plandaí (IPPC), ceannasaíocht a ghlacadh chun an Bhliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí a chur i bhfeidhm i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.
Bhí an tAire Doyle in éineacht le hArd-Stiúrthóir nua an FAO, an tUasal QU Dongyu, agus in éineacht le cainteoirí eile ón bhFionlainn, Nicearagua, an Ríocht Aontaithe mar aon le hionadaithe Tionscail ag an imeacht inniu chun seoladh an IYPH a chomóradh. Is iad príomhchuspóirí an tionscnaimh bliana seo ar fud an domhain ná:
Dúirt an tAire Doyle freisin “An tseachtain seo caite, d'fhoilsigh mé Straitéis nua um Shláinte agus Plandaí d'Éirinn, ina nglactar na teachtaireachtaí sin ó IYPH 2020 san áireamh lena n-áirítear trádáil a éascú, bithshlándáil bia, mar aon le Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Gairneoireacht agus an timpeallacht i gcoitinne a chosaint ó bhagairtí ó lotnaidí agus galair plandaí atá ag teacht chun cinn.”
Mar fhocal scoir “Is léir go mbeidh tionchair shuntasacha ag baint leis an mBliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí 2020 maidir le roinnt Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA agus cuspóirí straitéiseacha an FAO a bhaint amach. Tá gealltanas follasach tugtha againn i ndáil leis sin.”
Nótaí d'eagarthóirí
Tá tuilleadh eolais le fáil ag: