Ceapacháin chuig Comhairle Tréidliachta na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu go bhfuil cúigear ball ceaptha chuig Comhairle Tréidliachta na hÉireann.
Is iad seo a leanas na daoine a ceapadh:
Dúirt an tAire agus é ag cur fáilte roimh na baill nuacheaptha, “Bítear ag brath ar an meascán ceart daoine agus scileanna a bhaint amach chun bord éifeachtach a chur i gcrích. Rachaidh an réimse leathan scileanna agus taithí atá ag na daoine nua-cheaptha chun tairbhe na Comhairle Tréidliachta trí phlé mór a dhéanamh d'fhonn cinnteoireacht láidir a bhaint amach. Guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí oifige.”
Nótaí d'Eagarthóirí
Toghadh ceathrar as an gcúigear ball atá ceaptha de réir Alt 18 den Acht um Chleachtadh Tréidliachta, 2005 agus den Acht um Chleachtadh Tréidliachta (Leasú), 2012. Tugadh toghcháin chun críche maidir le tréidlianna cláraithe a cheapadh i mí Dheireadh Fómhair 2019. Cuirfear tús le téarma ballraíochta na dtréidlianna tofa an 1 Eanáir 2020 agus beidh deireadh leis an téarma an 31 Nollaig 2023.
Roghnaíodh duine den chúigear ball a ceapadh (Muiris Ó Céidigh) faoi na socruithe ina bhfuil córas fógraíochta agus measúnaithe na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS) i gceist leis de bharr gur éirí duine as an mBord. Cuirfear tús láithreach lena dtéarmaí oifige, a leanfaidh go dtí an 31 Nollaig 2021. Cuireann PAS, a bunaíodh faoi reacht in 2004, seirbhís chomhroinnte neamhspleách ar fáil d'eagraíochtaí maidir le hearcaíocht, measúnú agus roghnú ar fud na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí. Chinn an Rialtas an 30 Meán Fómhair 2014 gur chóir freagracht a chur ar PAS freisin maidir le córas oscailte, inrochtana, dian agus trédhearcach a chur i bhfeidhm chun tacú le hAirí ceapacháin a dhéanamh chuig Boird Stáit.
CRÍOCH