Meabhrú tugtha ag an Roinn Talmhaíochta , Bia agus Mara do dhaoine faoin riosca a bhaineann le fliú na n-éan (AI) don earnáil éanlaithe in Éirinn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba mhaith leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara meabhrú a thabhairt do dhaoine faoin riosca a bhaineann le Fliú na nÉan (AI) don earnáil éanlaithe in Éirinn i ndiaidh fógra a fháil faoi ráig de AI lagphaitigineach i Sasana, agus béim a leagan ar na bearta is féidir le lucht coinnithe éanlaithe a ghlacadh chun an baol go dtiocfadh an galar tromchúiseach seo go hÉirinn a laghdú.
Molann an Roinn do gach úinéir éanlaithe a bheith ar an airdeall le linn na tréimhse ardriosca seo. Is ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh an tréimhse ardriosca do fhliú na n-éan mar gheall ar éin fhiáine imirceacha ag teacht isteach. Ardaítear an fhéidearthacht maidir leis an ngalar a aistriú agus truailliú timpeallachta nuair a mheascann siad le héin fhiáine na tíre seo. Tá sé an-tábhachtach do lucht coinnithe éanlaithe a bheith ar an airdeall maidir le bithshlándáil, teagmháil le héin fiáine a chosc agus aon chomharthaí cliniciúla a bhfuiltear in amhras fúthu a thuairisciú chuig an tréidlia atá acu nó chuig an Roinn.
Deimhníodh go bhfuarthas ráig LPAI de thréithchineál H5 inné san RA (an 10 Nollaig) in ealta 27,000 sicín tráchtála i Suffolk. Tá na héin ar fad á gciondíothú go daonnachtúil agus tá limistéar srianta 1km curtha i bhfeidhm timpeall ar an bhfeirm ionfhabhtaithe chun srian a chur ar an mbaol go scaipfidh an galar.
Cé go bhfuil fliú na n-éan lagphaitigineach ina thréithchineál de fhliú na n-éan H5 nach bhfuil chomh tromchúiseach, baineann tábhacht leis toisc go bhféadfadh sé athrú go dtí AI ardphaitigineach. Féadann LPAI a bheith ina chúis le fadhbanna éadroma anála ach ní i gcónaí a bhíonn comharthaí an ionfhabhtaithe le feiceáil ar éin atá buailte. Is i nDùn Phàrlain i mí Eanáir 2016 a bhí an cás deiridh de LPAI a deimhníodh sa RA.
Le hais blianta beaga anuas, ní raibh ach líon beag ráigeanna fliú infhógartha san Eoraip go dtí seo le linn 2019, ach mar sin féin tá baol ann fós. Go luath i mí Dheireadh Fómhair, aimsíodh ráig de LPAI H5 in ealta lachan mallaird saor-raoin i lár na Fraince mar chuid de chlár faireachais náisiúnta maidir le fliú na n-éan.
Nótaí d'Eagarthóirí
Cad is fliú na n-éan ann?
Galar víreasach an-tógálach is ea fliú na n-éan a chuireann isteach ar éin a tháirgtear lena n-ithe, ar pheataí éin agus ar éin fhiáine. Aimsíodh an galar freisin i muca, cait agus madraí. Víreas fliú de Chineál A is cúis leis. Tá dhá chineál de víreas fliú na n-éan ann. Tugtar lagphaitigineach (LPAI) agus ardphaitigineach (HPAI) orthu, ag brath ar chomh tromchúiseach is atá an galar a bhuaileann na héin.
Cén riosca a bhaineann leis don phobal?
Cuireann víris fliú na n-éan isteach ar dhaoine ó am go chéile - tarlaíonn sé seo den chuid is mó i ndiaidh teagmháil le héanlaith ionfhabhtaithe.
Cén áit a mbíonn an galar le fáil?
Bíonn fliú na n-éan le fáil ar fud an domhain agus bíonn tréithchineálacha éagsúla níos forleithne in áiteanna áirithe.
Conas a dhéantar an galar a tharchur agus a scaipeadh?
Meastar éin fhiáine a bheith ar an bhfoinse is mó ó thaobh an galar a thabhairt isteach agus iad ag cur an víreas díobh trí tháil riospráide agus faecas. Mar gheall ar uisce, bia agus trealamh a bheith truaillithe ina dhiaidh sin, tugtar faill don víreas ealta éanlaithe a ionfhabhtú. Chomh luath is atá an galar tolgtha ag an éan, d'fhéadfadh daoine, feithiclí agus trealamh atá ag bogadh ó áit go háit an galar a scaipeadh idir ealtaí.
Is ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh atá an tréimhse ardriosca do fhliú na n-éan in Éirinn toisc go mbíonn éin fiáine imirceacha, atá ina n-óstaigh nádúrtha do go leor víreas fliú na n-éan, ag teacht go líonmhar chun an geimhreadh a chaitheamh.
Nuair a bhaineann siad an tír seo amach, tagann siad le chéile in go leor limistéar bogaigh, áit a meascann siad le speicis d'éin fiáine cónaitheacha, rud a chuireann an seans ar fáil chun an galar a tharchur chuig éin chónaitheacha agus an timpeallacht a éilliú. Chomh maith leis sin, mar gheall ar an aimsir ag éirí níos fuaire agus uaireanta solais an lae ag laghdú ón bpointe seo ar aghaidh, d'fhéadfadh an víreas maireachtáil ar feadh tréimhsí níos faide sa timpeallacht freisin.
Tá réimse leathan acmhainní bithshlándála ag DAFM maidir le fliú na n-éan – féach anseo.
Chun ealta éanlaithe a chlárú, féach anseo.
[external-link https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/animalhealthwelfare/diseasecontrols/avia ninfluenzabirdflu/informationonwildbirds/ListOfWildBirdSpeciesForTargetedAIsurveillance1 70118.pdf | Liosta na spriocspeiceas éan fiáin maidir le faireachas AI ]
CRÍOCH