Íocaíochtaí faoin Scéim um Chúnamh Próitéine €3m fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin Scéim um Chúnamh Próitéine. Tugadh an Scéim isteach mar thacaíocht chúpláilte in 2015 mar chuid de chur i bhfeidhm phacáiste leasaithe CAP in Éirinn.
Dúirt an tAire Creed “Tá ríméad orm a dheimhniú go bhfuil íocaíochtaí á n-eisiúint faoi láthair faoin Scéim um Chúnamh Próitéine 2019. Ó 2015 i leith, b'ionann an cúnamh airgid a cuireadh ar fáil faoin scéim seo agus tacaíocht thábhachtach d'fheirmeoirí atá ag saothrú pónairí, piseanna agus lúipíní. Ní hamháin go bhfuil buntáiste tábhachtach ag baint leis na barra seo don timpeallacht, ach cuidíonn siad chun foinse dhúchasach próitéine a chur ar fáil le haghaidh bia ainmhithe.”
Dúirt an tAire freisin “Tá €3m curtha i leataobh arís i mbliana don Scéim um Chúnamh Próitéine, agus tá tús á chur le híocaíochtaí leis an tuairim is 740 iarratasóir. I mbliana, is é an ráta atá socraithe ná €365 an heicteár, agus léiríonn sé sin tacaíocht thábhachtach d'fheirmeoirí curaíochta ós rud é go raibh brú airgeadais ar an earnáil i mbliana.”
Cuireadh tús le híocaíochtaí faoi na príomhscéimeanna do 2019 i mí Mheán Fómhair leis an réamhíocaíocht faoi Scéim ANC. Ó shin i leith, tá suim iomlán €1.63 billiún íoctha amach faoi réimse scéimeanna atá á reáchtáil ag mo Roinnse.
CRÍOCH