Béim leagtha ag an Aire Creed ar chomhairliúchán Ag-Climatise ag Coiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise inniu
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba é an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., a bhí ina chathaoirleach ar an 24ú cruinniú de chuid Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise 2025 (HLIC) inniu. Pléadh an Breatimeacht agus Inbhuanaitheacht Chomhshaoil, lena n-áirítear Tuairisc 2013-2018 ón EPA maidir le Cáilíocht Uisce in Éirinn a foilsíodh le gairid.
Mar gheall go bhfuiltear ag díriú ar inbhuanaitheacht chomhshaoil le linn HLIC an lae inniu, ghlac an tAire an deis chun a mheabhrú don phobal feirmeoireachta agus don phobal i gcoitinne faoin gcomhairliúchán poiblí leanúnach atá ar siúl i ndáil le Plean Oibre Náisiúnta Aeir & Aeráide don Earnáil Talmhaíochta go dtí an bhliain 2030 agus ina dhiaidh - dar teideal Ag-Climatise.
Dúirt an tAire, “ Tá go leor freagraí fiúntacha faighte ag mo Roinn cheana féin ó cuireadh tús leis an gcomhairliúchán roinnt seachtainí ó shin”. Ach mar sin féin, ba mhaith liom cloisteáil ó go leor ionadaithe feirmeoireachta agus tionscail eile sula gcuirfear deireadh leis an gcomhairliúchán an 10 Eanáir.
Chomh maith leis sin, dúirt an tAire go dtacóidh an obair chomhoibríoch thábhachtach seo atá ar bun ar fud na Ranna agus gníomhaireachtaí i leith an chomhshaoil leis an Straitéis Agraibhia nua do 2030. Tá an Straitéis á forbairt ag coiste páirtithe leasmhara ó ar fud na hearnála faoi chathaoirleacht an Uasail Tom Arnold.
Nótaí d'Eagarthóirí
Dé hAoine an 10 Eanáir 2020 an dáta a mbeidh deiridh leis an gcomhairliúchán.
Tá dhá ghné ag baint leis an gcomhairliúchán, mar seo a leanas:
Cuirtear fáilte chomh maith roimh thuairimí ar ríomhphost chuig Agclimatise@agriculture.gov.ie agus tríd an bpost chuig:
Is féidir an Plean Gníomhaithe Uile-Rialtais ar son na hAeráide a fháil anseo.
CRÍOCH