Deimnithe ag an Aire Creed go bhfuiltear tosaithe ag déanamh íocaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM)
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D inniu go bhfuiltear tosaithe ag déanamh íocaíochtaí faoi Bheart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM) 2019 le 32,444 feirmeoir, iocaíochtaí ar fiú €75 milliún iad.
Dúirt an tAire, “Is ionann na híocaíochtaí breise seo, atá ar leibhéal suntasach, le feirmeoirí in earnáil na mairteola faoi BEAM is aitheantas soiléir ó mo Roinn, ón Rialtas agus ón AE go raibh na feimeoirí ag obair i dtimpeallacht dhúshlánach agus dheacair le roinnt blianta anuas. Is íocaíochtaí iad seo sa mbreis ar an €15.4 milliún atá íoctha amach faoi BEEP agus €34.4 milliún faoi BDGP le roinnt seachtainí. Is ionann sin is €125 milliún a bheith íoctha le feirmeoirí mairteola na hÉireann. Ó mhí Mheán Fómhair i leith, tá €1.72 billiún ar an iomlán íoctha amach faoi réimse scéimeanna atá á reáchtáil ag mo Roinnse.”
Leanfar d'íocaíochtaí BEAM a eisiúint ar bhonn leanúnach de réir mar a dheimhneofar go bhfuil feimeoirí ag comhlíonadh cheanglais an Bhirt.
CRÍOCH