Creed i mbun Cainteanna le Coimisinéir Iascaigh nua an AE maidir leis an mBreatimeacht
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Michael Creed TD le Virginijus Sinkevičius, Coimisinéir Iascaigh nua an AE sa Bhruiséil inniu chun an Breatimeacht a phlé.
Dúirt an tAire “Bhí ríméad orm casadh leis an gCoimisinéir Sinkevičius agus chuaigh an t-eolas agus an tuiscint atá aige ar na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag Breatimeacht ar fhlíteanna na hÉireann agus ar fhlíteanna an AE i gcoitinne i bhfeidhm go mór orm. Bhí plé iontach againn faoina ríthábhachtach is atá sé a chinntiú go mbeidh an idirbheartaíocht ar na hiascaigh fite fuaite go dlúth leis an idirbheartaíocht ghinearálta ar an gcaidreamh amach anseo i gcomhréir leis an Dearbhú Polaitiúil comhaontaithe.
Bhí cruinniú déthaobhach idir an tAire Creed agus an Coimisinéir Sinkevičius maidir leis an mBreatimeacht agus cúrsaí eile a bhaineann le hiascaigh le linn na hIdirbheartaíochta Bliantúla maidir le Cuótaí Iascaigh atá ar siúl sa Bhruiséil.
CRÍOCH