Béim leagtha ag Creed ar an dúshlán a bhaineann le sprioc SDG 2 Deireadh an chur le hOcras faoi 2030 a bhaint amach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá aitheasc tugtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu ag an séú cruinniú de chuid Fhóram Páirtithe Leasmhara na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Náisiúnta (SDGanna), a bhí ar siúl i gCaisleáin Bhaile Átha Cliath.
Leag an tAire Creed béim ar an tacaíocht atá a Roinnse a chur ar fáil d'Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na NA agus don Chlár Bia Domhanda (WFP) d'fhonn SDG 2 “Deireadh an chur le hOcras” a chur chun cinn. Dúirt sé, ‘Tá Éire ina ball de Bhord Feidhmiúcháin an WFP le dhá bhliain anuas'. Luaigh sé go raibh comhpháirtíocht straitéiseach sínithe aige leis an WFP le linn na tréimhse sin agus dúirt, ‘Tríd an gcomhpháirtíocht seo, gealltar maoiniú €70m ó mo Roinnse don WFP le linn na tréimhse 2019-2021, mar ranníocaíocht na hÉireann i leith a gcuid oibre maidir le SDG2 Deireadh a chur le hOcras, a bhaint amach. In 2018, fágadh breis agus 800 milliún duine i mbaol ó thaobh leibhéil arda éiginnteachta bia ar fud an domhain. Léiríonn sin an dúshlán ollmhór a bhaineann le SDG 2 Deireadh a chur le hOcras, a bhaint amach faoin mbliain 2030.’’
Chomh maith leis sin, thagair an tAire Creed do fhreagra na hÉireann ar thuarascáil ón Tascfhórsa ar Cheantair Thuaithe na hAfraice. Dúirt sé ‘Tá sé beartaithe den chéad uair go mbeidh cur chuige comhroinnte ag na páirtithe leasmhara ar fad, chun forbairt tuaithe agus athrú córais bia a chur chun cinn ar fud mhór-roinn na hAfraice; ar cur chuige é atá ag teacht le 'Domhan Níos Fearr' straitéis idirnáisiúnta na hÉireann maidir le comhar um fhorbairt.
Nótaí d'Eagarthóirí
Bunaíodh an Fóram Páirtithe Leasmhara SDG chun daoine atá ag cur SDGanna chun cinn ar fud na hÉireann agus thar lear a thabhairt le chéile. Cuireann sé deis ar leith ar fáil do lucht déanta beartas, an tsochaí shibhialta, gnó agus páirtithe leasmhara eile teacht le chéile agus taithí agus eolas a roinnt maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le SDG a bheidh páirteach ag an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
]