Ráiteas maidir le Rialachas a Athbhreithniú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, in éineacht le hUachtarán Chomhairle Tréidliachta na hÉireann (VCI) Peadar Ó Scanaill, roimh 'Athbhreithniú ar na Socruithe Rialachais do Chomhairle Tréidliachta na hÉireann' a rinne Crowe ar bhonn neamhspleách.
Iarradh ar Crowe athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe rialachais do VCI, agus cuireadh san áireamh na hathruithe suntasacha atá tarlaithe i ngairmeacha na tréidliachta ó achtaíodh an tAcht um Chleachtadh Tréidliachta 2005. Ós rud é gur achtaíodh an reachtaíodh beagnach cúig bliana déag ó shin, agus mar gheall ar shíorathrú a bheith ag teacht ar réimse an rialachais chorparáidigh, choimisiúnaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM), i gcomhar le VCI, athbhreithniú neamhspleách ar chreat rialachais VCI, lena chinntiú go bhfuil sé sa riocht is fearr chun cleachtas an leighis tréidliachta a rialú ar mhaithe le leas an phobail agus muid ag tabhairt aghaidh ar an gcéad deich mbliana eile.
San athbhreithniú, rinneadh iniúchadh cuimsitheach ar shocruithe rialachais VCI agus is trí rannpháirtíocht fhorleathan ó pháirtithe leasmhara a rinneadh eolas dó. Cé go bhfuil comhaontú ginearálta ann go mbainfidh an Chomhairle tairbhe as athruithe suntasacha, aithnítear go forleathan freisin go bhfuil feabhas tagtha ar chleachtais rialachais agus ar fheidhmíocht sa Chomhairle Tréidliachta in 2019.
Déanfaidh VCI na fionnachtana agus na moltaí a bhreithniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs Straitéis Chorparáideach 2019-2023 agus tabharfaidh DAFM cúnamh di de réir mar is cuí.
Is éard a dúirt an tAire Creed maidir leis an Athbhreithniú:
“Fáiltím roimh fhoilsiú 'Athbhreithniú ar na Socruithe Rialachais do Chomhairle Tréidliachta na hÉireann'. Cuireadh é i gcrích i ndiaidh comhairliúchán iomlán le páirtithe leasmhara agus thug comhaltaí na Chomhairle tacaíocht ina leith. Ó 2005, is trí shocruithe rialachais laistigh de VCI a éascaíodh an Chomhairle chun tabhairt faoina cuid feidhmeanna reachtúla ar mhaithe le leas an phobail. Anois, táimid ag tabhairt aghaidh ar ré nua de réir mar a leag VCI amach an tseachtain seo caite le linn a Straitéis Chorparáideach 2019-2023 a sheoladh. Tabharfaidh mo Roinnse tacaíocht iomlán do VCI maidir le fionnachtana agus moltaí athbhreithniú Crowe a bhreithniú agus a chur i bhfeidhm d'fhonn a cumas chun cleachtas an leighis tréidliachta a rialú ar mhaithe le sláinte agus leas ainmhithe agus ar mhaithe le leas an phobail.”
Maidir leis an Athbhreithniú, dúirt Uachtarán VCI, Peadar Ó Scanaill: “D'fháiltigh Comhairle Tréidliachta na hÉireann roimh an athbhreithniú neamhspleách ar rialachas agus táimid ag súil leis na moltaí a bhreithniú i ndáil lenár straitéis chorparáideach a chur i bhfeidhm sna blianta amach romhainn.
Tá sé d'ádh ar an gComhairle leas a bhaint as réimse leathan saineolais agus eagna na bpróifíl éagsúil comhaltaí a shuíonn ag bord na Comhairle, agus is cleachtas stuama atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar na struchtúir agus ar an reachtaíocht rialachais atá againn ar bhonn tréimhsiúil lena chinntiú go gcuirtear an t-ardán is fearr ar fáil chun an rialú is éifeachtaí agus is éifeachtúla a dhéanamh ar sheirbhísí tréidliachta in Éirinn”.
Is féidir an tAthbhreithniú a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne agus ar láithreán gréasáin VCI.
CRÍOCH