Íocaíochtaí aonuaire le feirmeoirí caorach atá ag ceannach clibeanna EID fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD go bhfuil tús curtha leis an gcéad bhabhta íocaíochtaí faoin scéim fóirdheontais clibe caorach EID. Tá íocaíochtaí arb ionann iad agus €365,000 eisithe anois ar 5,300 coimeádaí caorach. Eiseofar tuilleadh íocaíochtaí de réir mar a bheidh tuilleadh feirmeoirí ag ceannach a gcuid clibeanna den chéad uair i rith na bliana.
Faoin scéim nua seo, a dheimhnigh an tAire i mí Lúnasa 2018, beidh suim suas le €100 ar a mhéad iníoctha i leith chéad ordú clibeanna EID na bhfeirmeoirí tar éis an 01 Deireadh Fómhair 2018.
D'fhonn simplíocht an phróisis a chinntiú, ní gá d'fheirmeoirí caorach iarratas a dhéanamh i leith na híocaíochta seo. Ina áit sin, ríomhfaidh an Roinn an tsuim atá dlite do gach feirmeoir faoin scéim agus eiseofar na híocaíochtaí ansin go ráithiúil de réir mar a bheidh feirmeoirí ag déanamh ceannaigh incháilithe ar chlibeanna.
Tá an scéim fóirdheontais clibe caorach EID leagtha amach chun cuidiú le feirmeoirí caorach leis an aistriú chuig EID éigeantach ar gach caorach a bheith á thabhairt isteach ón 1 Meitheamh 2019. Tá EID éigeantach a thabhairt isteach, mar a bhí fógartha ag an Aire roimhe seo, ag teastáil mar go meastar go forleathan an córas náisiúnta reatha sainaitheanta caorach a bheith an-chasta agus go bhfuiltear ag brath an iomarca ar thras-scríobh de lámh ar uimhreacha sainaitheanta aonair caorach. Simpleoidh an córas sainaitheanta leictreonach an córas clibeála caorach, laghdófar go mór an gá a bheidh d'fheirmeoirí taifid a choinneáil nuair a bheifear ag athrú caorach go dtí marglanna beostoic agus ionaid tionóil easpórtála agus beidh córas rianaithe níos láidre agus níos cruinne ann chun tacú le cuspóirí sláinte ainmhithe agus sláinte an phobail agus cuideoidh sé sin ansin arís leis an tionscal caorach a fhorbairt agus le hinmharthanacht an tionscail.
Déanfaidh an t-athrú seo go dtí córas iomlán EID cosaint ar cháil na hÉireann mar fhoinse shábháilte agus shlán bia agus ainmhithe agus beidh córas rianaithe caorach na hÉireann ar chomhchéim le mórthíortha easpórtála iomaíocha eile i dtaobh margaí nua idirnáisiúnta a bhaint amach do chaoireoil na hÉireann agus iad a choinneáil.
Dúirt an tAire:
"Simpleoidh leathadh amach an chórais sainaitheantais leictreonaigh an córas clibeála caorach d'fheirmeoirí, agus tá fáil a bheith ar an íocaíocht aonuaire seo leagtha amach chun dul i ngleic le roinnt de na nithe atá ag déanamh imní d'fheirmeoirí caorach maidir leis an aistriú a dhéanamh chuig córas iomlán EID."
CRÍOCH