Slatiascairí na hÉireann le bheith páirteach i mbailiú sonraí ar an Tuinnín Gorm Atlantach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu go bhfuil cead faighte aige ag leibhéal an AE agus ag leibhéal idirnáisiúnta chun iascach 'gabh, clibeáil agus scaoil' eolaíocht-bhunaithe a thabhairt isteach don Tuinnín Gorm Atlantach (BFT) do shlatiascairí na hÉireann. Cuideoidh an scéim leis an obair atá ar bun ag Foras na Mara chun clibeáil satailíte a dhéanamh ar an tuinnín gorm Atlantach.
Dúirt an tAire Creed:
“Mar chuid de na hidirbheartaíochtaí ar an bplean bainistithe idirnáisiúnta nua ar an tuinnín gorm Atlantach san Atlantach Thoir, d'éirigh leis an tír seo comhaontú a fháil a ligfidh do thíortha mar Éire, tír nach bhfuil aon chuóta tráchtála aici i leith an tuinnín ghoirm Atlantaigh, iascach 'gabh, clibeáil agus scaoil' a chur i bhfeidhm chun sonraí eolaíochta a bhailiú.”
Glacadh leis an bplean bainistithe nua seo ag Cruinniú Bliantúil 2018 an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT).
Dúirt an tAire Creed chomh maith:
“Tá mo Roinnse ag obair faoi láthair ar thionscadal píolótach in éineacht le Foras na Mara agus leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara a ligfidh do suas le 15 árthach slatiascaireachta ar a mbeidh oibreoirí clibeála traenáilte díriú ar an tuinnín gorm Atlantach in 2019. Is é an aidhm atá leis an tionscadal ná cur leis an obair atá déanta go dtí seo agus cur leis an méid atá ar eolas againn maidir le hiompar agus flúirse an BFT san fharraige amach ó chósta na hÉireann. Cuirfidh sin leas coimhdeach ar fáil chomh maith mar go dtacóidh sé leis an turasóireacht slatiascaireachta sna pobail imeallacha cois cósta, lena n-áirítear Dún na nGall go háirithe."
Roimhe seo, faoi rialacha ICCAT, níorbh fhéidir slatiascaireacht spriocdhírithe ar an tuinnín gorm Atlantach a dhéanamh in Éirinn mar nach raibh cuóta don tuinnín gorm Atlantach againn. Beidh cead anois, faoi na hathruithe nua seo atá faighte ag Éirinn, ag slatiascairí áineasa, díriú ar an tuinnín gorm Atlantach chun críocha clibeála agus sin amháin.
Dúirt an tAire Creed:
“Tá ábhar imní léirithe ag an tionscal iascaireachta maidir leis an líon tuinníní gorma Atlantacha atá i gcrios 200 míle na hÉireann, líon atá ag ardú, agus beifear ábalta faoin gclár seo tuiscint níos fearr a fháil ar an tuinnín gorm Atlantach - ar a ngnáthóg, ar an bpátrún imirce atá acu agus ar an méid acu atá sa bhfarraige thart timpeall na hÉireann."
Déanfar mionsonraí beachta na scéime píolótaí a fhorbairt sa tréimhse amach romhainn i gcomhar leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil mar gurb í sin an Roinn atá freagrach as slatiascaireacht.
CRÍOCH
Is é an tuinnín gorm Atlantach an tuinnín is mó atá ann agus tá sé ar cheann de na héisc is mó dá bhfuil ann. Is speiceas peiligeach é a itheann iasc, agus is féidir teacht air ar dhromchla na farraige síos go dtí doimhneacht timpeall is 1,000 m agus in uisce a bhfuil teocht idir 3o agus 30o Celsius aige.
Is féidir teacht ar an BFT in uiscí peiligeacha an Atlantaigh Thuaidh agus sna farraigí cóngaracha ón mBrasaíl go dtí Talamh an Éisc san Atlantach Thiar agus ó na hOileán Chanáracha go dtí Tuaisceart na hIorua san Atlantach Thoir.
Déanann an BFT sceitheadh i Murascaill Mheicsiceo agus sa Mheánmhuir san earrach agus tugann siad a n-aghaidh ansin ar an Aigéan Atlantach le haghaidh beathaithe. Leanann siad an fhána ilchríochach ansin agus isteach leo san fharraige mhór. Tá príomhbhealaí an Atlantaigh Thoir feadh Leithinis na hIbéire isteach i mBá na Bioscáine agus níos faide ó thuaidh feadh chósta thiar an hÉireann agus chomh fada ó thuaidh leis an Iorua.
Déanann an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) an BFT a mheas. Bhí an stoc BFT an-íseal in 2006. Ghlac an ICCAT le plean atógála don BFT faoinar tugadh bearta caomhnaithe éagsúla isteach lena n-áirítear laghduithe TAC, amanna dúnta/limistéir dhúnta, agus íosdúnta. In 2008, laghdaíodh tuilleadh an TAC, tugadh rialú agus forfheidhmiú níos géire isteach sa Mheánmhuir, go háirithe maidir le héisc óga a bheith á ngabháil i gcásanna feirmeoireachta éisc.
Fásann an BFT go tapa agus téann siad chuig an iascach nuair a bhíonn sé bliain d'aois, nó ag uasaois 20 bliain ar a laghad. Bíonn an BFT lánfhásta ag 4 bliana d'aois. Ag an aois sin bíonn fad go gabhal an eireabaill aige de thuairim is 115 cm. Bíonn an BFT 400 cm ar a mhéad.
Tugann na héisc óga a n-aghaidh ó thuaidh go dtí Iardheisceart na hÉireann sa samhradh. Bíonn siad ag ithe nithe ar dhromchla an uisce.
Léiríonn torthaí chláir idirnáisiúnta clibeála le cúpla bliain anuas go mbogann siad trasna na teorann thoir-thiar san Atlantach. Tuigeann an ICCAT anois go bhfuil gá ann cur leis an eolas cainníochtúil atá againn ar rátaí measctha an BFT agus an t-eolas sin a úsáid sa phróiseas measúnaithe agus comhairleach
Go luath sna 2000í, bhí an BFT le feiceáil níos minice san fharraige timpeall na hÉireann. Ach de réir mar a bhí an stoc ag ísliú san Atlantach, is lú BFT a bhí le feiceáil. In 2014, bhí líon mór den BFT le feiceáil go minic arís de réir mar a bhí an stoc ag méadú arís. In 2018, fuarthas go leor tuairiscí go raibh líon mór den BFT le feiceáil i bhfarraigí na hÉireann. Níl aon mheasúnú eolaíochta ar an daonra. Níl ann ach eolas starógach ar níos mó díobh a bheith le feiceáil agus ar idirghníomhaíocht níos mó le hiascaigh tráchtála. Tá tuairiscí den chineál céanna maidir le huimhreacha níos airde den BFT a bheith in uiscí na Ríochta Aontaithe, in uiscí na hIorua agus in uiscí na Danmhairge idir na blianta 2016 agus 2018 faighte againn freisin.
Chuir an tír seo tús le clár clibeála BFT nua in 2016 agus clibeáladh 9 BFT. Leanadh den chlár sin in 2017 i gcomhar le comhpháirtithe as Meiriceá Thuaidh (Ollscoil Stanford sna Stáit Aontaithe agus Ollscoil Acadia NS, Ceanada) chomh maith le comhoibrí nua eile, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Cuireadh clibeanna PSAT i 9 n-iasc agus cuireadh clibeanna méadair luasghéaraithe i 3 cinn.
Leanadh den obair clibeála ar an BFT, i gcomhar leis an ICCAT, in 2018 agus cuireadh clibeanna satailíte i 24 iasc agus clibeanna méadair luasghéaraithe i 4 cinn.
Tá Foras na Mara agus comhpháirtithe ag déanamh anailíse i láthair na huaire ar torthaí chlibeanna satailíte BFT chlár na hÉireann (2016 go 2018). Léiríonn na torthaí go dtí seo go bhféadfadh an BFT a clibeáladh amach ó chósta Dhún na nGall i nDeireadh Fómhair aghaidh a thabhairt ar lár an Atlantaigh, Bá na Bioscáine agus ar an Meánmhuir agus filleadh arís ansin ar an bhfarraige amach ó Bhá Dhún na nGall.
Is é an tuinnín gorm Atlantach an tuinnín is mó atá ann agus tá sé ar cheann de na héisc is mó dá bhfuil ann. Is speiceas peiligeach é a itheann iasc, agus is féidir teacht air ar dhromchla na farraige síos go dtí doimhneacht timpeall is 1,000 m agus in uisce a bhfuil teocht idir 3o agus 30o Celsius aige.
Níl aon chuóta ag Éirinn don tuinnín gorm Atlantach agus dá réir d'fhéadfadh sé nach mbeadh iascach tráchtála aici don tuinnín gorm Atlantach. Tá cuóta beag seachghabhála ann d'Éirinn agus do Bhallstáit eile nach bhfuil aon chuóta acu.