Níl sé mall fós d'Áireamh Caorach agus Gabhar 2018 a chur ar aghaidh - Ach ní féidir sin a dhéanamh ach ar líne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
14 Feabhra 2019 an dáta deiridh chun sonraí don áireamh caorach agus gabhar 2018 a chur ar aghaidh ar líne. Ba é Déardaoin an 31 Eanáir 2019 an dáta deiridh chun glacadh le háirimh chomhlánaithe caorach agus gabhar 2018 ar pháipéar tríd an bpost.
Is féidir áirimh a chur ar aghaidh ar líne ag www.agfood.ie. Tugann an córas ar líne deimhniú nuair a chuirtear isteach sonraí áirimh go rathúil.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh seirbhísí ar líne é sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an rogha chun clárú. De bharr go n-eisítear na sonraí logáil isteach ar an bposta, ba chóir d'fheirmeoirí atá ag úsáid an chórais den chéad uair clárú ar an bpointe chun go mbeidh dóthain ama ann chun a gcuid sonraí logáil isteach a chur chucu in am.
Is cuid lárnach maidir le deimhniú a thabhairt go bhfuil na rátaí stocála atá riachtanach á gcomhlíonadh agus an t-áireamh comhlánaithe a sheoladh ar ais agus trí sin, éascaítear íocaíochtaí faoi scéimeanna mar Scéim Leasa na gCaorach, Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí, Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha, AOES, GLAS etc. a tharraingt anuas. Maidir leis na háirimh ar an bposta a thiocfaidh chomh fada leis an Roinn i ndiaidh an 31 Eanáir 2019, agus na háirimh ar líne a thiocfaidh chomh fada leis an Roinn i ndiaidh an 14 Feabhra 2019, tabhair ar aird go bhféadfadh impleachtaí a bheith i gceist maidir le hilcháilitheacht do scéimeanna áirithe de chuid an DAFM má bhíonn sonraí áireamh 2018 mall ag teacht chugainn.
CRÍOCH
Tá oibleagáid dhlíthiúil ar an gcoimeádaí foirmeacha Áireamh Bliantúil na gCaorach agus/nó Gabhar 2018 a chomhlánú agus a sheoladh ar ais. D'fhéadfadh mainneachtain foirm chomhlánaithe a chur ar ais in am tionchar a bheith aige ar d'incháilitheacht maidir le scéimeanna áirithe DAFM.
Is faoi choimeádaí an tréada atá sé a chinntiú go bhfaighfear foirmeacha comhlánaithe an áirimh a sheoltar ar ais ar an bpost in am.
Leagtar amach sonraí maidir leis na hathruithe a bhaineann le síneadh a chur le EID gach caora ar láithreán gréasáin DAFM faoi Sláinte & Leas Ainmhithe/Aithint & Gluaiseacht Ainmhithe / Caoirigh / Córas Náisiúnta Sainaitheanta Caorach / Síniú curtha le EID maidir le gach Caora.
Faoi na rialacha nua a bhaineann leis an gCóras Náisiúnta Sainaitheanta Caorach, ní mór caoirigh atá á mbogadh as aon ghabháltas a shainaithint go leictreonach, le héifeacht ón 1 Meitheamh 2019.
D'fhéadfaí uain atá 12 mí d'aois atá á mbogadh go díreach ón áit a rugadh iad chun iad a mharú a aithint le clib leictreonach aonair i gcluas dheas an ainmhí.
Ní mór na caoirigh eile ar fad tacar iomlán clibeanna EID a bheith orthu lena n-aithint (i.e. clib leictreonach ar a bhfuil uimhir aonair na caorach sa chluas dheas agus gnáthchlib a chomhfhreagraíonn leis agus a bhfuil an uimhir chéanna air sa chluas chlé).
Glacfar freisin le tacair bhólas leictreonach. Tríd is tríd, ní féidir ach clibeanna leictreonacha a cheannach do chaoirigh ón 1 Deireadh Fómhair 2018.