Athcheapadh an Dr John Killeen ina Chathaoirleach ar Fhoras na Mara fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Dr John Killeen athcheaptha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, ina Chathaoirleach ar Fhoras na Mara le haghaidh tréimhse cúig bliana le héifeacht ón 8 Eanáir 2019. Ceapadh an Dr Killeen le haghaidh tréimhse cúig bliana ar dtús in 2014.
Ghlac an tAire buíochas leis an Dr Killeen as an méid mhór atá curtha aige leis an bhForas le cúig bliana nuair a d'fhógair sé an t-athcheapachán:
"Tá áthas orm gur ghlac John leis an athcheapachán seo mar gheall go bhfuil an taithí agus an t-eolas aigesean atá riachtanach chun leanúint de Bhord Fhoras na Mara a threorú agus chun a chinntiú go bhfuil na scileanna aige atá de dhíth chun a phríomhról mar an ghníomhaireacht náisiúnta le haghaidh taighde, teicneolaíocht, forbairt agus nuálaíocht mara a chomhlíonadh."
Is innealtóir é an Dr John Killeen agus is as Co. Ros Comáin ó dhúchas é. Bronnadh Saoirse Oinigh ar Chathair na Gaillimhe air in 2012.
Le linn a shaol oibre fada agus éagsúil, bhí sé ag obair ar thionscadail mhóra Rialtais Áitiúil agus bhí sé ag obair chomh maith le comhlachtaí innealtóireachta go hidirnáisiúnta. Bhí an Dr Killeen ina Uachtarán ar Innealtóirí Éireann ó 1995-1996 agus ina Uachtarán bunaidh ar Acadamh Innealtóireachta na hÉireann ó 1996-1998. Bronnadh Gradam Saoil air in 2013 mar gheall ar an méid atá curtha aige le cúrsaí innealtóireachta sa tír seo. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Ghrúpa Colas in Éirinn agus ina stiúrthóir bainistíochta ar Cold Chon Galway Ltd tráth. Ceapadh an Dr Killeen ar Bhord Ghrúpa Ospidéal an Iarthair / an Iarthuaiscirt in 2013 agus is é Cathaoirleach Ghrúpa Ollscoile Cúram Sláinte Saolta i láthair na huaire é.
Bhí sé ina Chathaoirleach ar an imeacht Rás Aigéin Volvo a bhí ar siúl i nGaillimh in 2009 agus bhí sé ina Uachtarán ar bhabhta ceannais agus ar fhéile Rás Aigéin Volvo in 2012. Tá an Dr Killeen ina Uachtarán chomh maith ar Institiúid Ceannaireachta Timoney - carthanacht a chuireann oiliúint idirnáisiúnta i gceannaireacht chun cinn i measc Phríomhfheidhmeannaigh na hÉireann i gcomhar le hOllscoil IESE i Barcelona agus i gcomhar le hollaimh a thagann as Harvard, Notre Dame agus IPADE. Tá sé ag fónamh faoi láthair chomh maith ar Chomhairlí RNLI na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe.
CRÍOCH