Cúlchiste Náisiúnta do 2019 deimhnithe ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu go mbeidh an Cúlchiste Náisiúnta oscailte d'iarratais in 2019.
Dúirt an tAire Creed:
"Is acmhainn fíorthábhachtach atá sa Chúlchiste Náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí óga agus d'iontrálaithe nua san fheirmeoireacht sna blianta cinniúnacha i ndiaidh feirm a bhunú."
I ndiaidh comhairliúchán ar bhí ar siúl le gairid idir an Roinn agus an Coiste Comhairleach um Íocaíochtaí Díreacha, ina gcuimsítear baill ó na príomhchomhlachtaí feirmeoireachta agus ó na soláthraithe comhairleacha agus oideachais talmhaíochta, ghníomhaigh an tAire Creed ar mholtaí a d'eascair as an bpróiseas comhairliúcháin seo chun go mbeifear ábalta iarratais a dhéanamh ar an gCúlchiste Náisiúnta in 2019. Faoi Rialacháin an AE trína gcuirtear taca faoi oibriúchán an Chúlchiste Náisiúnta, tugtar rochtain tosaíochta do na catagóirí éigeantacha 'Feirmeoir Óg' agus 'Iontrálaí Nua san Fheirmeoireacht'. Is trí athlíonadh nádúrtha an chiste a mbainfear amach maoiniú don Chúlchiste Náisiúnta in 2019 gan gá a bheith le ciorrú líneach de réir luach na dteidlíochtaí ar fad faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí. Táthar ag súil gur thart ar €3 mhilliún an ciste a chuirfear ar bun don Chúlchiste Náisiúnta do 2019, a bheidh leordhóthanach de réir líon na n-iarratas a fuarthas le blianta beaga anuas chun an t-éileamh a shásamh.
Faigheann iarratasóirí a n-éiríonn lena n-iarratas don Chúlchiste Náisiúnta leithdháileadh teidlíochtaí de réir luach an Mheáin Náisiúnta a fháil nó breisiú suas chuig luach an Mheáin Náisiúnta ar theidlíochtaí atá faoi bhun an mheáin náisiúnta.
Cuirfear na sonraí ar fad maidir le hoibriú na scéime, na Téarmaí agus Coinníollacha san áireamh, ar fáil nuair a osclófar an scéim d'iarratais ar líne go luath i mí Feabhra 2019 an tráth céanna a mbeifear ag oscailt na n-iarratas ar líne do Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí. Is an 15 Bealtaine 2019 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais faoin Scéim.
Osclófar Scéim an Fheirmeora Óig 2019 d'iarratais ar líne in éineacht leis an gCúlchiste Náisiúnta agus le Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí go luath i mí Feabhra chomh maith. Tá maoiniú €24 mhilliún ar fáil do Scéim an Fheirmeora Óig 2019.
Cé nach gcuirfear Téarmaí agus Coinníollacha mionsonraithe an Chúlchiste Náisiúnta agus Scéim an Fheirmeora Óig 2019 ar fáil go dtí go seolfar na scéimeanna d'iarratais ar líne i mí Feabhra, táthar ag súil go mbeidh na téarmaí agus coinníollacha ag teacht leis na cinn a cuireadh i bhfeidhm in 2017 agus in 2018.
Dúirt an tAire ar deireadh:
"Ó 2015, tá breis is 7,700 duine óg agus a bhfuil oideachas maith orthu a dhul isteach sa phobal feirmeoireachta éascaithe ag an gCúlchiste Náisiúnta trí níos mó ná €31 mhilliún a chur ar fáil i dteidlíochtaí íocaíochta. Faoi Chúlchiste Náisiúnta 2019, leanfar d'fhorbairt a dhéanamh ar an dul chun cinn sin tacú le talmhaíocht a athnuachan in Éirinn agus bunús láidir a chur ar fáil don tionscal amach anseo."
CRÍOCH
Ní mór d'iarratasóir na coinníollacha seo a leanas a shásamh le bheith cáilithe mar 'feirmeoir óg':
Sainmhínítear 'Iontrálaí Nua san Fheirmeoireacht' mar:
De réir na riachtanas faoi na scéimeanna Cúlchiste Náisiúnta ó tugadh isteach Scéim na hÍocaíochta Aonair in 2005, beidh ar iarratasóirí cáilíocht chuí oideachais sa talmhaíochta a bheith bainte amach acu.
Chomh maith leis sin, beidh ar iarratasóirí a n-éireoidh leo ioncam comhlán lasmuigh den fheirm atá níos lú ná €40,000 a bheith acu i gceann amháin de na blianta cánach 2017 nó 2018. Níl aon teorainn ar ioncam lasmuigh den fheirm ag baint le Scéim an Fheirmeora Óig.