Glao ar thograí fógartha ag Doyle chun an fhoraoiseacht a chur chun cinn in Éirinn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá glao poiblí ar thograí fógartha inniu ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD, chun foraoiseacht a chur chun cinn. Tá an glao á fhógairt chun tograí nuálacha a spreagadh trína léireofar na leasanna ilfheidhmeacha a bhainfidh le foraoiseacht in Éirinn le linn an dá bhliain atá romhainn.
Maidir leis na nGlao, dúirt an tAire Doyle:
"Tá a fhios againn go bhfuil go leor leasanna ag baint leis an bhforaoiseacht in Éirinn, leasanna geilleagracha, sóisialta agus comhshaoil ach go háirithe. Cé nach bhfuil an oiread foraoise againn in Éirinn i gcomparáid le tíortha san Eoraip, tá acmhainneacht ollmhór ann chun foraoiseacht a fhorbairt agus a mhéadú in Éirinn le go mbeimid féin agus na glúnta atá le teacht in ann tairbhe a bhaint as na leasanna sin. Leanann an Rialtas de thacaíocht agus cúnamh réamhghníomhach a thabhairt d'fhoraoiseacht in Éirinn tríd an gClár Náisiúnta Foraoiseachta. Tríd an nglao seo ar thograí spreagfar smaointí atá cruthaitheach agus nuálach, a ardóidh feasacht an phobail maidir leis na leasanna ilfheidhmeacha a bhaineann le foraoiseacht, a chuirfidh leibhéal níos airde plandaithe crann chun cinn agus a spreagfaidh úinéirí foraoise chun an leas is fearr agus is féidir a bhaint as an acmhainn atá acu."
Ní mór do thograí, a deir an Roinn, a léiriú go bhfuil leibhéal áirithe comhairliúcháin, plé agus teagmhála i gceist le grúpaí eile a bhfuil an dearcadh céanna acu. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh féachaint le gníomhartha a chomhordú le heintitis eile ar nós grúpaí pobail, mar shampla, chun comhpháirtíochtaí a chruthú a mbeidh gníomhartha mar thoradh orthu ag a mbeidh tionchar níos leithne.
Dúirt an tAire freisin:
"Tá ról tábhachtach ag an bhforaoiseacht ag an leibhéal náisiúnta agus ag an leibhéal domhanda maidir le hathrú aeráide a mhaolú trí charbón a ghabháil. Ach mar sin féin, níor cheart dúinn neamhaird a dhéanamh ar na leasanna a bhaineann le foraoiseacht dúinn sa lá atá inniu ann. Baineann leasanna leis an bhforaoiseacht ó thaobh ioncaim agus fostaíochta de ach tá deiseanna fóillíochta ag baint léi freisin, chomh maith leis an méid a chuirtear le bithéagsúlacht mar gheall uirthi. Mar shampla, is cuid lárnach dár n-oidhreacht dúlra, staire agus cultúir iad coillearnacha dúchasacha na hÉireann, atá uathúil ó thaobh na bithéagsúlachta de. Tríd an nglao seo, spreagfar smaointe nua agus nuálacha a ardóidh feasacht mhuintir na tíre seo ar an bhforaoiseacht in Éirinn, ar acmhainn iontach í."
CRÍOCH
Is féidir cóip den doiciméad sonraíochta a íoslódáil anseo.
Is féidir tograí a sheoladh trí ríomhphost chuig Christine.smith@agriculture.gov.ie faoin 1pm, Dé hAoine an 1 Márta 2019.
Is é 1pm an 1 Márta 2019 an sprioc chun tograí a chur isteach mar fhreagra ar an nGlao agus déanfar na gníomhartha atá beartaithe a sheachadadh/a chur i gcrích laistigh den tréimhse idir Márta 2019 - Nollaig 2020. D'fhéadfaí gníomhartha beaga gearrthéarmacha aonuaire nó tionscadail níos mó a bheith san áireamh. Ba chóir aird a tharraingt ar thionscadail a bhféadfaí ábhar an tionscadail bheartaithe a úsáid i ndiaidh an imeachta bolscaireachta nó a úsáid níos faide anonn e.g. uirlisí oideachais agus acmhainní eile bolscaireachta.