Scéim Deontas GLAS d'Fhoirgnimh Thraidisiúnta Feirme 2019 seolta ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD go bhfuil Scéim na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme oscailte don bhliain 2019 anois. Cuirtear maoiniú ar fáil faoin scéim seo chun foirgnimh thraidisiúnta feirme agus struchtúir a bhfuil luach oidhreachta mór leo, a chaomhnaítear ar mhaithe le húsáid talmhaíochta, a athchóiriú agus a chaomhnú. Is í an Chomhairle Oidhreachta a riarann an scéim thar ceann na Roinne.
Dúirt an tAire Creed:
"is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht iad na foirgnimh agus na struchtúir seo a bhí riamh ina gcuid de thírdhreach na tuaithe. Is cuid thábhachtach de Chlár Forbartha Tuaithe mo Roinne í an Scéim seo trína maoineofar caomhnú na struchtúr seo do na glúnta atá le teacht. Baintear úsáid chomh maith as foirgnimh atá ann cheana féin agus baintear úsáid as bunábhar agus ceirdeanna a bhaineann leis an áit. Tá foirgnimh a athchóiríodh le linn bhlianta eile na scéime ag cur go mór cheana féin le tírdhreach na tuaithe."
Féachtar leis an Scéim seo tacú le hathchóiriú foirgneamh traidisiúnta feirme agus struchtúr bainteach eile - dromchlaí clóis, ballaí, piléir geataí agus geataí ar fheirmeacha stairiúla mar shampla chomh maith le húsáid phraiticiúil na bhfoirgneamh seo ar fheirmeacha a éascú ag an am céanna. Is féidir le haon duine a bhí rannpháirteach i bpríomhscéim agra-chomhshaoil na Roinne roimhe seo cur isteach ar an scéim, agus is díreach faoi 50,000 rannpháirtí atá i gceist.
Scéim í seo arna cómhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann 2014-2020. Is ionann leithdháileadh airgeadais na Scéime agus €6 mhilliún. Tá deontais idir €4,000 agus €25,000 ar fáil agus d'fhéadfadh suas le 75% de chostas na hoibre teacht faoin scéim.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Creed:
"tá níos mó i gceist leis an scéim seo ná ár n-oidhreacht thógtha a athchóiriú, d'fhéadfadh buntáistí bithéagsúlachta a bheith i gceist chomh maith. Tá na foirgnimh is lú in ann a bheith thar a bheith úsáideach fiú - téann go leor ialtóg ar an bhfara i bhfoirgnimh feirme agus i gclóis feirme gan trácht ar éin a bheith ag neadú iontu. Tá ríméad orm go bhfuil mo Roinn ag tacú leis an scéim seo agus mholfainn do rannpháirtithe uile GLAS smaoineamh iarratas a dhéanamh uirthi."
CRÍOCH
Déantar iarratasóirí atá incháilithe don scéim a roghnú ar bhonn iomaíoch agus tacaítear le tuairim is 50-70 tionscadal gach bliain.
5pm Dé Máirt an 19 Feabhra 2019 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Déanfar na hiarratais ar fad a mheas ina n-aonar chun na tionscadail is fearr agus na tionscadail ardtosaíochta a aithint.
Is féidir foirmeacha iarratais agus téarmaí agus coinníollacha na scéime a íoslódáil ó www.heritagecouncil.ie.