Maoiniú €35.7 milliún fógartha ag an Aire Creed do thionscadail Chaipitil ag Lárionaid Cuain Iascaigh na hÉireann agus Líonra Cuanta faoi úinéireacht phoiblí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sonraí maidir le Pacáiste Infheistíochta Caipitil ar fiú €35.7m é i ndáil le forbairt leanúnach líonra cuanta na hÉireann atá faoi úinéireacht phoiblí fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD.
Dúirt an tAire nuair a d'fhógair sé an tionscnamh:
"Tá ríméad orm an pacáiste infheistíochta caipitil €35.7m inár sé Lárionad Cuain Iascaigh agus in infreastruchtúr mara eile a bhaineann le hiascaigh a fhógairt. Is ionann an infheistíocht seo agus ardú €9.4m ar an gcaiteachas deiridh ar an gclár in 2018 agus léirítear leis an infheistíocht seo an tábhacht a leagann an Rialtas ar an méid ollmhór a chuireann an earnáil Bia Mara níos leithne le geilleagar na hÉireann."
Cuirtear maoiniú ar fáil i ndáil le sábháilteacht, cothabháil agus oibreacha forbartha nua sna sé Lárionad Cuain Iascaigh i mBinn Éadair, sa Dún Mór, i mBaile Chaisleáin Bhéarra, sa Daingean, i Ros an Mhí agus sna Cealla Beaga faoin gClár Forbartha Caipitil Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta (féach Tábla 1 thíos). Is é príomhfheidhm na Lárionad Cuain Iascaigh bonn taca a chur faoi fhorbairt leanúnach iascaigh agus earnálacha próiseála bia mara chomh maith le gníomhaíochtaí ilchineálacha eile a bhaineann le cúrsaí mara a éascú.
Áirítear mar chuid de phríomhthionscadail Chlár Caipitil 2019 leanúint leis an síneadh atáthar a chur le cé Dhuínse i mBaile Chaisleáin Bhéarra (€17.5m in 2019), Céim 2 den síneadh Mínphointe sna Cealla Beaga (€4.0m in 2019) agus spás feistithe breise a chur ar fáil ag an gCé Láir i mBinn Éadair (€4.5m in 2019).
Dúirt an tAire:
"Le chéile, cuirfidh na tionscadail seo le síneadh a chur leis na céanna i mBaile Chaisleáin Bhéarra, sna Cealla Beaga agus i mBinn Éadair 460 méadar breise de spás feistithe ar fáil sna cuanta sin agus tugann sin aitheantas ní hamháin don ardú atá ag teacht ar leibhéil na ngníomhaíochtaí iascaireachta go háirithe ach don ardú atá ag teacht chomh maith ar an éileamh ó earnálacha eile lena n-áirítear lastas tráchtála, fóillíocht agus turasóireacht agus línéir turas mara. Táthar ag breithniú na dtionscadal seo chomh maith le haghaidh cómhaoinithe faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh."
Tá €2.48m curtha go leataobh ar mhaithe le hoibreacha sábháilteachta, cothabhála agus rochtana do dhaoine faoi mhíchumas sna sé Lárionad Cuain Iascaigh agus i gCuan Trá Chiaráin ar Chléire, ar leis an Roinn chomh maith é. Ina theannta sin, tá €2m curtha ar leataobh d'Fhorbairt Cuain Údarás Áitiúil agus do chlár Fóillíochta Mara chun cuidiú le hÚdaráis Áitiúla le cósta na céanna, cuanta agus fánáin a bhfuil úinéireacht acu orthu a dheisiú agus a fhorbairt.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
"Cuirfidh an infheistíocht €35.7m seo leis an €96m atá infheistithe sna Lárionaid Cuain Iascaigh ón mbliain 2010 agus leis an €27m a infheistíodh i mbonneagar na nÚdarás Áitiúil sa tréimhse chéanna. Trí chaighdeán na n-áiseanna sna Lárionaid Cuain Iascaigh agus ag cuanta poiblí ar fud an chósta a fheabhsú, mealltar tuilleadh gníomhaíochtaí eacnamaíochta a mbíonn tairbhe ag réimse leathan úsáideoirí reatha cuanta astu agus ag úsáideoirí amach anseo- an tionscal iascaireachta mar shampla chomh maith leis an earnáil próiseála bia mara, tionscail mara choimhdeacha eile, agus na pobail thuaithe níos leithne atá ina gcónaí le cósta."
CRÍOCH