Ríthábhachtach go mbeadh Buiséad Láidir ann do CAP tar éis na bliana 2020 - An tAire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil inniu (Dé Luain), leag an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD béim ar an tábhacht atá le Comhbheartas Talmhaíochta (CAP) a mbeidh an tacaíocht chuí aige tar éis na bliana 2020.
Dúirt an tAire Creed leis an gComhairle gurb í príomhthosaíocht na hÉireann a chinntiú go mbeidh buiséad CAP leordhóthanach ann don earnáil agraibhia:
"Tá Buiséad CAP thar a bheith tábhachtach d'fheirmeoirí na hÉireann, go háirithe anois nuair atá neamhchinnteacht ann maidir leis an mBreatimeacht agus i gcomhthéacs a bheith ag dul i ngleic le hoibleagáidí agus le dúshláin athraithe aeráide an-tromchúiseacha amach anseo. Ní mór dúinn maoiniú leordhóthanach a chur ar fáil d'fhonn a chinntiú go dtugtar tacaíocht d'fheirmeoirí chun na dúshláin sin a shárú tar éis na bliana 2020."
Dhírigh an Chomhairle chomh maith ar ábhair a bhain le Pleananna Straitéiseacha CAP, an cúlchiste talamhaíochta, próitéin plandaí agus an leagan amach glas atá beartaithe ar an CAP nua.
Bhí cruinniú déthaobhach tráthnóna ag an Aire Creed leis an gCoimisinéir Hogan chun an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag Breatimeacht mí-eagraithe ar earnálacha agraibhia agus iascaigh na hÉireann a phlé.
Dúirt an tAire Creed:
"Tá a fhios ag an gCoimisinéir Hogan go maith faoin neamhchosaint ar leith atá i gceist d'earnálacha agraibhia agus iascaigh na hÉireann maidir leis an mbaol atá ann go dtarlódh Breatimeacht mí-ordaithe agus ar an dúshláin a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis sin. Bhí deis againn tráthnóna inniu na hábhair sin a phlé go mion. Leag mé béim ar an ngá atá le húsáid a bhaint as bearta freagartha margaidh faoi CAP, lena n-áirítear cúnamh eisceachtúil, chun tacaíochtaí riachtanacha a chur ar fáil d'earnálacha agraibhia na hÉireann, agus dúirt an tAire Hogan arís go bhfuil an tAE réidh chun freagra a thabhairt agus chun tacú le hÉirinn, go háirithe i ndáil leis na dúshláin atá roimh fheirmeoirí agus roimh earnáil agraibhia na hÉireann, i bhfianaise an dlúthbhaint atá againn le margadh na Ríochta Aontaithe. Tá sé socraithe againn fanacht i dteagmháil lena chéile de réir mar a bheidh an cás seo ag dul ar aghaidh agus de réir mar a bheidh eolas níos soiléire againn maidir le himeacht na Ríochta Aontaithe as an AE."
Mar aon le cruinniú an lae inniu, chas oifigigh ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le hoifigigh ón gCoimisiún Eorpach ar maidin agus tá tuilleadh cruinnithe beartaithe.
CRÍOCH