Ráiteas ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le Fergal Leamy a bheith ag éirí as mar Phríomhfheidhmeannach ar Coillte
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fógra Fergal Leamy faoi é a bheith ag éirí as mar Phríomhfheidhmeannach ar Coillte le héifeacht ó dheireadh mhí an Mheithimh tugtha ar aird agam. Bhí tréimhse Fergal ar cheann de na tréimhsí ab fhearr a bhí ag an gCuideachta, mar a léirítear leis an bhfeabhas atá tagtha ar fheidhmíocht tráchtála na cuideachta ó rinneadh Príomhfheidhmeannach de ceithre bliana ó shin. Fágfaidh sé le hoidhreacht cuideachta seasmhach a bhfuil bonn tráchtála slán anois faoi agus guím gach rath air amach anseo.
Tá sé tábhachtach anois duine a cheapadh ina áit a bheidh ábalta Coillte a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad chéim foráis eile agus fógrófar socruithe an phróisis chun an duine sin a roghnú in am trátha.
Dúirt an tAire Doyle:
"Tá athrú ó bhun curtha ag an Uasal Leamy ar Coillte le linn a thréimhse. Aireoimid uainn go mór é. Guím gach rath air lena bhfuil beartaithe aige a dhéanamh ina dhiaidh seo. Táim ag tnúth le bheith ag obair le Gerry Britchfield, a ghlacfaidh dualgais an Uasail Leamy air féin i mí Aibreáin."
CRÍOCH