Scéim nua faoi stiúir na hÁite seolta ag an Aire Doyle i Loch Garman
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, Andrew Doyle TD Scéim Pobal agus Feirmeoireachta Brataí Goirme Dhún Canann, Tionscadal Nuálaíochta Eorpach (EIP) inniu arna mhaoiniú ag an Roinn. Is é aidhm an tionscadail stádas na Brataí Goirme ag trá Dhún Canann a fháil arís agus í a choinneáil trí dul i ngleic le truailliú ó fhoinsí talmhaíochta agus tithe araon. Tá an tionscadal ar cheann de 23 EIP nó scéimeanna faoi threoir áitiúil atá á gcur i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara mar chuid dá Clár Forbartha Tuaithe.
Is tionscnamh i gcomhar an scéim pobalbhunaithe a mbeidh páirtithe leasmhara ar fud Dhún Canann i gceist ann.
Ag an seoladh dúirt an tAire:
"Ceann de chuspóirí na scéime seo ná go mbeadh tuiscint níos fearr i measc an phobail gur leosan an t-uisce i gceantar Dhún Canann agus gurb iadsan atá freagrach as. Is é an toradh a bheidh ar fheidhmiú na scéime seo, trí chomhoibriú le páirtithe leasmhara san áit, go mbeidh feabhas ar chaighdeán an uisce agus go mbeidh an timpeallacht níos fearr sa cheantar seo."
Tá €550,000 leithroinnte do Scéim Pobal agus Feirmeoireachta Brataí Goirme Dhún Canann faoin scéim chun cáilíocht baictéir an dá shrutha cósta atá ag dul le sruth ar thrá Dhún Canann a fheabhsú. Tá an Grúpa Oibríochta don tionscadal ionadaíoch ar roinnt páirtithe leasmhara agus faoi stiúir Chomhairle Chontae Loch Garman. Áirítear ar an gCoiste freisin pearsanra ó Teagasc, comhairleoirí talmhaíochta áitiúil, Glanbia, Bord Bia agus an pobal áitiúil feirmeoireachta agus an IFA.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
"Seo í go díreach an cineál scéime a samhlaíodh nuair a shocraigh mo Roinnse an tionscnamh EIP a bhrú chun cinn faoin gClár Forbartha Tuaithe reatha. Tá sí ag teacht go han-mhaith le go leor tionscadal eile um fheabhsú cáilíochta uisce a dtacaíonn mo Roinn leo. Mar aon le gach tionscadal EIP, roinnfear gach eolas ón tionscadal seo, tríd an líonra EIP, le pobail den chineál céanna ar fud na hÉireann agus cuideoidh sin caighdeán uisce a fheabhsú i ndobharcheantair íogaireacha eile."
CRÍOCH
Beart comhoibre é Tionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP) faoi Chlár Forbartha Tuaithe 2014-2020 (RDP) Faoi na scéimeanna faoi threoir áitiúil seo, cuirtear réitigh áitiúla ar shaincheisteanna áirithe chun cinn agus déantar Grúpaí Oibríochta a bhunú chun smaointe a fhorbairt, nó smaointe/taighde atá ann cheana agus iad a chur i bhfeidhm trí a bheith praiticiúil maidir le hoibriú i dtreo réiteach a fháil ar fhadhb phraiticiúil.
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le €59 milliún ar an iomlán a chur ar fáil do Thionscadail EIP; €24m de sin le leithroinnt ar thionscadail EIP níos lú arna roghnú trí phróiseas iomaíoch Glao Oscailte. Tá €35m eile le bheith ar fáil do thionscadail Chromán na gCearc agus an Diúilicín Péarla Fionnuisce.
Is é an príomhaidhm atá le Scéim Pobal agus Feirmeoireachta Brataí Goirme Dhún Canann cáilíocht baictéir an dá shrutha cósta atá ag dul le sruth ar thrá Dhún Canann a fheabhsú tríd an truailliú ó fhoinsí talmhaíochta agus tithe a laghdú. Ba chóir go gcuirfeadh sin le stádas na Brataí Goirme ag trá Dhún Canann a fháil arís agus í a choinneáil. Is faoin scéim seo a chuirtear prionsabail na Creat-Treorach Uisce i ndáil le Dobharcheantair Chomhtháite a Bhainistiú i bhfeidhm ina ndéantar réimse d'fhoinsí truaillithe a mheas in éineacht ar mhaithe le go leor buntáistí ar bhealach atá comhtháite agus iomlánaíoch.
Is faoi stiúir Chomhairle Chontae Loch Garman átá an Grúpa Oibríochta agus áirítear ann foireann taighde agus chomhairleach Teagasc, comhairleoirí talmhaíochta áitiúla, foireann inbhuanaitheachta Glanbia agus Bord Bia agus feirmeoirí áitiúla.
Is féidir eolas faoi thionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa a fháil ar láithreán gréasán na Roinne DAFM - European Innovation Partnership nó trí theagmháil a dhéanamh ar eip@agriculture.gov.ie