Staidéar ar fhoraoiseacht i gCo Liatroma fógartha ag Doyle
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Andrew Doyle TD go bhfuil coimisiúnú déanta aige ar staidéar neamhspleách ar earnáil na foraoiseachta i gCo Liatroma. Bhí éilimh á ndéanamh athbhreithniú a dhéanamh ar an tionchar atá ag foraoiseacht, atá á maoiniú le hairgead poiblí, ar an gContae agus is mar thoradh ar na héilimh sin atá an staidéar ar bun. An Dr. Áine Ní Dhubháin, léachtóir sinsearach le Talmhaíocht agus Foraoiseacht i Scoil Talmhaíochta agus Eolaíochta Bia UCD a bheidh i gceannas an staidéir. Beidh Téarmaí Tagartha beachta an Staidéir tugtha chun críche gan mhoill agus tabharfar an tuarascáil chun críche faoi dheireadh an tsamhraidh i mbliana.
Ag AGM Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, dúirt an tAire Doyle:
"Tá an t-ábhar pléite agam leis an IFA agus ghlac mé lena n-iarratas tabhairt faoi staidéar. Tá tuairiscí go leor ann, go leor díobh atá éagsúil agus ag bréagnú a chéile, faoin tionchar eacnamaíochta, sóisialta agus comhshaoil a bhíonn i gceist nuair a athraítear úsáid na talún go foraoiseacht. Tá sé tábhachtach go mbeadh na tuairiscí sin bunaithe ar fhianaise agus is é aidhm an staidéir seo roinnt dena bhfuil ráite agus tuairimíocht maidir le foraoiseacht i gCo Liatroma a scrúdú. Cuirfidh na torthaí eolas ar fáil do phobail áitiúla agus don earnáil tuaithe/talmhaíochta i gcoitinne le go mbeidh tuiscint acu ar an tionchar a bhaineann leis an earnáil foraoiseachta a bheith ag leathnú agus, ar ndóigh, cuideoidh sé le beartas Rialtais maidir le foraoiseacht, forbairt tuaithe agus úsáid talún a chur ar an eolas."
Dúirt an tAire Doyle freisin:
"Tá sé tábhachtach a rá nach bhfuil aon spriocanna ann ó thaobh na foraoiseachta in aghaidh an chontae ná an réigiúin. Chuamar i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus na pobail i dtaobh leagan amach agus feidhmiú an chláir reatha foraoiseachta agus tá cuairt tugtha agam féin ar Cho. Liatroma cúpla babhta ar ócáidí éagsúla chun bualadh leis na grúpaí ar fad. Rachfar, le linn an staidéir seo, i gcomhairle leis na pobail áitiúla agus déanfar measúnú ar an tionchar a bhíonn ag foraoiseacht, maith agus olc. Táim cinnte go dtapóidh na páirtithe leasmhara an deis seo a bheith páirteach agus iarraim orthu a bheith rannpháirteach go hiomlán ann."
CRÍOCH