Scéim Phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil ar fiú €20m í seolta ag an Aire Creed mar chuid de Phacáiste Agraibhia an Bhreatimeachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD seoladh na Scéime Píolótaí Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (BEEP) inniu a bhfuil soláthar maoinithe €20m ag dul léi don bhliain 2019. Díreoidh BEEP ar éifeachtúlacht na mbó diúil agus laonna a bhaint den diúl - tomhaisfear meáchan beo an lao nuair a bheidh sé á bhaint den diúl mar chéatadán de mheáchan beo na bó.
Dúirt an tAire nuair a bhí sé ag oscailt na scéime:
"Is tacaíocht spriocdhírithe í an Scéim Phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (BEEP) –d'fheirmeoirí bó diúil agus tá sí dírithe go sonrach ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht chomhshaoil i ndáil le táirgeadh mairteola a fheabhsú. Déantar sin trí éifeachtúlacht diúil na mbó diúil a thomhas. Gheobhaidh na feirmeoirí a bheidh páirteach aiseolas mionsonraithe ar fheidhmíocht ainmhithe aonair agus cuirfidh sin ar a gcumas na ba is táirgiúla sa tréad a aithint. D'éirigh go maith leis an gClár um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola agus beidh na sonraí a bhaileofar ina ábhar luachmhar breise don bhunachar sonraí um pórú beithíoch.
"Tá an feabhas atá tagtha ar phórú tríd an Innéacs Póraithe Eacnamaíoch ag aithint na n-ainmhithe is éifeachtúla do chórais táirgthe féarbhunaithe."
Fógraíodh an Scéim Phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil i mBuiséad 2019 mar chuid de phacáiste €78m an Bhreatimeachta don tionscal agraibhia. Mar aon leis na buntáistí soiléire atá inti ó thaobh na timpeallachta agus na haeráide de, cuirfidh BEEP infheistíocht ar fáil ag geata na feirme tráth a bhfuil luaineacht sa mhargadh agus neamhchinnteacht ann mar gheall ar an mBreatimeacht.
Dúirt an tAire:
"Is maith atá a fhios agam gur bliain dheacair a bhí sa bhliain 2018 d'fheirmeoirí mairteola ó thaobh na haimsire, fadhbanna fodair agus luaineacht sa mhargadh de. Is í an earnáil seo is mó a mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht uirthi de bharr chomh mór is atá sí ag brath ar mhargadh na Ríochta Aontaithe. Tá BEEP leagtha amach chun infheistíocht a chur ar fáil ag am thar a bheith tábhachtach d'fheirmeoirí atá ag iarraidh a bheith ag sárú na ndúshlán atá amach rompu agus maith a dhéanamh i dtéarmaí cearta ar na cuspóirí aeráide atá againn."
CRÍOCH
Is éard is éifeachtúlacht bó diúil a bhaint den diúl ná meáchan beo a lao nuair a bhaintear den diúl é mar chéatadán dá meáchan beo féin.
Bíonn dlús na n-astaíochtaí táirgeachta a bhíonn ag ba a bhfuil laonna níos troime acu nuair atá siad le baint den diúl mar chuid dá meáchan beo níos ísle ná mar a bhíonn ag ba a bhfuil laonna níos éadroime acu nuair atá siad le baint den diúl mar chuid dá meáchan beo. Tá sin bunaithe ar astaíochtaí na bó féin agus ar astaíochtaí a sliocht a bheidh le marú ag meáchan níos troime ag aois níos óige.
Faoin scéim phíolótach seo beidh feirmeoirí ábalta na ba sin a aithint ina dtréada féin.
Is scéim phíolótach atá maoinithe ag an Státchiste í seo atá dírithe ar tuilleadh feabhais a chur ar fheidhmíocht agus ar éifeachtúlacht thréad na mbó diúil.
Beidh gach úinéir ar thréad bó diúil ábalta iarratas a dhéanamh. Is féidir teacht ar shonraí maidir le foirm iarratais a fháil ar https://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/BEEP
Glacfar le hiarratais idir an 4 agus an 22 Feabhra 2019.
Cuirfidh feirmeoirí iarratas chuig an Roinn le bheith páirteach inti. Meáfaidh siad a gcuid ainmhithe ansin de réir na dtéarmaí agus coinníollacha (is féidir teacht orthu sin anseo) trí úsáid a bhaint as na scálaí is féidir a fháil ar cíos (faoi réir T&C cíosa) atá curtha ar fáil nó trí úsáid a bhaint as scálaí faoi úinéireacht phríobháideach atá cláraithe leis an ICBF chun críocha na scéime píolótaí. Cuirfear na meáchain a thaifeadfar ar aghaidh chuig an ICBF. Deimhneoidh an ICBF na sonraí a chuirtear ar aghaidh chuige a dheimhniú leis an DAFM agus déanfar na hiarratasóirí a n-éireoidh leo a íoc i mí na Nollag 2019. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird gur scéim phíolótach í seo a mhairfidh bliain amháin agus atá maoinithe ag an státchiste agus nach mór gach íocaíocht a dhéanamh sa bhliain 2019. Dá bhrí sin ní mór cloí go docht leis an sceideal atá leagtha amach sna téarmaí agus coinníollacha.
Beifear ábalta íocaíocht suas le €40 ar a mhéad an lao a íoc as an maoiniú €20 milliún atá ar fáil, bunaithe ar na costais a tabhaíodh agus ioncam a caitheadh. Má bhíonn an iomarca rannpháirtithe ar an scéim d'fhéadfaí ciorrú líneach a chur i bhfeidhm.
Is scéim phíolótach í seo a bhaineann leis an mbliain 2019 agus sin amháin. Tá sí maoinithe ag an Státchiste agus á cur i bhfeidhm faoi fhorálacha de minimis Chúnamh Stáit.
Is féidir breis eolais a fháil anseo.