Béim leagtha ag an Aire Creed ar ullmhacht don Bhreatimeacht agus ar Inbhuanaitheacht Comhshaoil ag an 20ú cruinniú de chuid Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise 2025
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba é an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, a bhí ina chathaoirleach ar an 20ú cruinniú de chuid Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil (HLIC) Food Wise 2025 inniu áit a mbíonn cúrsaí Breatimeachta ina ábhar seasta ar an gclár oibre.
Dúirt an tAire Creed faoin mBreatimeacht:
"Cuireann cruinnithe HLIC Food Wise 2025 deis ar fáil do mo Roinnse, do Ranna Rialtais eile agus do na gníomhaireachtaí ábhartha stáit eile chun an tionchar a bheidh ag forbairtí Breatimeachta ar an earnáil agraibhia a phlé. Rinneamar na hidirbheartaíochtaí mar atá a athbhreithniú, go háirithe i bhfianaise forbairtí i Londain le gairid, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta maidir le pleanáil theagmhasach má tharlaíonn Breatimeacht mí-eagraithe a phlé."
An t-ábhar plé eile a bhí ar chlár an HLIC ná inbhuanaitheacht comhshaoil, ceann de chúig théarmaí chothromacha Food Wise 2025.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed:
"I gcomhthéacs na spriocanna náisiúnta atá againn, na spriocanna athrú aeráide go háirithe, tá sé tábhachtach go mbeidh cur chuige comhordaithe againn ina mbeidh na páirtithe leasmhara ar fad síos fud an bhiashlabhra páirteach ann, idir fheirmeoirí agus lucht tionscail. Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeidh comhthuiscint ann ar na dúshláin atá roimh an earnáil agraibhia, d'ainneoin an méid ollmhór a dhéanann an earnáil sin cheana féin chun inbhuanaitheacht comhshaoil a chur ar fáil."
CRÍOCH
Bhunaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Coiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise i mí Iúil 2015, tráth ar foilsíodh Food Wise d'fhonn a chinntiú go nglacfadh Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit cur chuige comhordaithe, cuimsitheach agus soiléir maidir le cur i bhfeidhm gníomhartha Food Wise 2025.