Lá Feasachta Náisiúnta maidir le Sábháilteacht ar Fheirmeacha an 15–19 Iúil 2019
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá tacaíocht tugtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, do Sheachtain Sábháilteachta ar Fheirmeacha atá á reáchtáil in Éirinn ag an IFA.
Dúirt an tAire Creed:
"Tá an-áthas orm go bhfuil an cúigiú Seachtain Sábháilteachta ar Fheirmeacha á stiúradh ag an IFA. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh gach eagraíocht talmhaíochta an gá atá ann go rachaidh feirmeoirí i mbun oibre ar bhealach atá sábháilte ar fheirmeacha a chur chun cinn go leanúnach."
Tá an-tábhacht ag baint leis an tionscnamh seo agus le tionscnaimh eile ar nós feachtas Sábháilteachta ar Fheirmeacha an HSA ag deireadh mhí Aibreáin inar díríodh ar tharracóirí agus innealra a úsáid go sábháilte chun feasacht a ardú maidir leis an leibhéal do-ghlactha timpistí a tharlaíonn ar fheirmeacha gach bliain agus chun feasacht maidir le sábháilteacht ar fheirmeacha a ardú ar bhonn leanúnach.
Ní mór a thabhairt san áireamh gur láithreacha oibre agus láithreacha cónaithe do theaghlaigh araon iad feirmeacha agus tá sé tábhachtach mar sin go mbeidh an teaghlach ar fad airdeallach ar na baoil a bhíonn ar fheirmeacha. Ní mór a bheith fíorchúramach d'fhonn a chinntiú nach dtarlaíonn timpistí tubaisteacha. Ceann de na chéad chéimeanna i dtreo feirm shábháilte a bhaint amach is ea go gcloífidh feirmeoirí leis an gCód Cleachtais maidir le Sábháilteacht ar Fheirmeacha agus an Mheasúnacht Riosca Feirme a athbhreithniú.
Dúirt an tAire Creed:
"Cé go mbíonn go leor rioscaí i gceist le feirmeoireacht, ní hé sin le rá gur gá gur slí bheatha chontúirteach a bheadh inti. Is athrú iompair atá ag teastáil chun go leor timpistí a chosc. Is éard atá i gceist leis ná a bheith ar an airdeall faoi na contúirtí atá i gceist agus an t-am a ghlacadh chun gach is gá a dhéanamh d'fhonn an baol a laghdú. Tá neart bealaí ann chun an chontúirt a laghdú gan suim mhór airgid a chaitheamh. An chéad ceann díobh sin is ea Measúnacht Riosca Feirme a chur i gcrích."
Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh gach eagraíocht feirmeoireachta feirmeoirí a spreagadh leis an meon atá acu i leith cúrsaí sábháilteachta ar fheirmeacha a athrú. Maraíodh daoine i 12 thimpiste ar fheirmeacha go dtí seo i mbliana. Is ionann an 12 thimpiste mharfacha sin agus níos mó ná daichead faoin gcéad de na timpistí oibre ar fad a tharla go dtí seo in 2019 inar maraíodh daoine, cé nach ionann feirmeoireacht ach níos lú ná 6 faoin gcéad den lucht saothair.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
"Ní féidir an fhadhb dheacair seo a mbíonn tionchar chomh mór sin aici ar go leor daoine gach bliain a réiteach le gníomh aonair ná le heagraíocht amháin. Caithfimid ar fad oibriú le chéile i dtreo na sprice céanna chun timpistí a chosc agus dá bharr sin, beatha daoine a shábháil agus drochghortuithe a íoslaghdú."
Ní mór a mheabhrú d'fheirmeoirí machnamh a dhéanamh an bhfuil said ag déanamh a ndóthain lena chinntiú nach dtarlóidh timpiste ar a gcuid feirmeacha féin – is trí fheirmeoirí ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí aonair a laghdófar líon na dtimpistí ar fheirmeacha. Is fadhb leanúnach í sábháilteacht ar fheirmeacha agus ní mór d'fheirmeoirí smaoineamh faoi a bheith aireach i gcónaí i ngach tasc a chuirtear i gcrích, beag beann ar an mbrú atá i gceist.
Dúirt an tAire:
"Ba mhaith liom an IFA a mholadh agus feirmeoirí a spreagadh chun glacadh go hiomlán le córais feirmeoireachta sábháilte."
CRÍOCH