Béim leagtha an athuair ag an Aire Creed ar an ngá atá le tionscal na muc in Éirinn a chosaint ó fhiabhras Afracach na muc
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is mian leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD béim láidir a leagan an athuair ar an ngá atá ann go mbeadh daoine atá ag taisteal ar eitleáin ar an eolas faoin gcontúirt a bhaineann le Fiabhras Afracach na Muc (ASF) do thionscal na muc in Éirinn agus do gheilleagar na tíre seo má thugtar feoil nó táirgí feola ó ainmhithe ionfhabhtaithe isteach sa tír. Tagann an rabhadh seo mar gheall ar thuairiscí ó roinnt tíortha (an Astráil, an tSeapáin agus Tuaisceart Éirinn le gairid) maidir le rianta ASF a aimsíodh i seachadtaí feola a gabhadh in aerfoirt.
Is víreas láidir é ASF atá ábalta maireachtáil ar feadh roinnt seachtainí nó míonna i dtáirgí muiceola nó feola fuaraithe, reoite nó caomhnaithe mar liamhás agus salami. Is éard is cúis le ráigeanna ASF ná dramhbhia ionfhabhtaithe (grúdarlach) a thabhairt do mhuca. Is san Áis ach go háirithe a bhí sé seo ar bun, agus níor cuireadh cosc ar ghrúdarlach a thabhairt do mhuca ach le tamall beag anuas. Ó 2001 i leith, tá cosc ar dhramhbhia ina bhfuil táirgí feola nó ar dhramhbhia a bhí i dteagmháil le feoil nó le táirgí feola a thabhairt do mhuca in Éirinn.
Tá cosc ar fheoil nó ar tháirgí feola a allmhairiú chun na hÉireann ó thíortha nach bhfuil san AE. Déanann baill foirne na Roinne i gcomhar le Seirbhís Custaim na hÉireann bagáiste paisinéirí a scrúdú in aerfoirt na tíre seo chun seachadtaí feola nó táirgí feola a aimsiú. Is éard atá i gceist leis na scrúduithe sin ná bagáiste paisinéirí a chuardach bunaithe ar an mbaol atá i gceist agus trealamh scanacháin a úsáid chun feoil nó táirgí feola i mbagáiste paisinéirí a aimsiú. Chomh maith leis sin baintear úsáid as madra bolaíochta in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Ghabh oifigigh DAFM 893 kg d'fheoil mhídhleathach in aerfort Bhaile Átha Cliath le linn na chéad trí mhí de 2019. Rinneadh na táirgí seo a dhiúscairt faoi mhaoirseacht an DAFM de réir na rialacha a bhaineann le seachtháirgí ainmhí ardriosca (Ábhar Chatagóir 1).
Chomh maith leis sin tá dlús curtha ag DAFM faoina cuid gníomhaíochtaí chun feasacht a ardú lena n-áirítear roghanna nuálacha eile a chur i bhfeidhm le hais na bpóstaer a chrochtar de ghnáth in aerfoirt agus i gcalafoirt. Níl sna scrúduithe a dhéantar in aerfoirt ach comhpháirt amháin den fhreagairt a gcaithfidh gach duine atá bainteach chun dul i ngleic leis an mbaol reatha a bhaineann le ASF. Is é an beart rialaithe is tábhachtaí chun tionscal luachmhar na muc in Éirinn a chosaint ná go ndéanfaidh feirmeoirí tráchtála agus feirmeoirí caithimh aimsire araon bearta diana bithshlándála a chur i bhfeidhm ar fheirmeacha. Ní mór d'fheirmeoirí a chinntiú nach mbeidh teacht ag daoine eile ar a gcuid muc agus nach mbeidh teacht ag muca ar ábhar ina bhfuil feoil ná táirgí feola. Meabhraítear d'fheirmeoirí agus d'fheirmeoirí caithimh aimsire ach go háirithe, nár cheart dramhbhia ina bhfuil feoil ná táirgí feola a thabhairt do mhuca riamh.
Dúirt an tAire Creed ar deireadh:
"Is féidir linn Fiabhras Afracach na Muc a choinneáil amach as Éirinn, má dhéanann gach duine - feirmeoirí, tréidlianna, ionadaithe tionscail agus an pobal - a gcuid féin."
CRÍOCH