Creed ag éileamh go ndéanfaí gach is féidir chun feirmeoirí a chosaint ó thionchair Mercosur
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD ag éileamh go ndéanfaí gach is féidir chun táirgeoirí mairteola na hÉireann agus na hEorpa a chosaint oiread is féidir ó dhrochthionchair a d'fhéadfadh a bheith ag Comhaontú Trádála AE-Mercosur. Táthar i mbun an phróisis chun téacsanna dlí a thabhairt chun críche i ndiaidh an chomhaontaithe polaitíochta a rinneadh le gairid.
Le linn díospóireacht láidir ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh inniu, leag an tAire Creed béim an athuair ar an drochthionchar a d'fhéadfadh a bheith ag comhaontú AE-Mercusor ar mhargadh mairteola an AE atá idir dhá cheann na meá, mar aon leis an mbaol a bhaineann le toradh diúltach ar an mBreatimeacht.
Dúirt sé:
"Tá sé léirithe ag táirgeoirí mairteola AE agus na hÉireann nach bhfuil imní orthu faoi chomhaontuithe saorthrádála, ach is mian leo go mbeadh comhaontuithe trádála cothrom. Léirigh mé na hábhair imní atá againn go mion minic maidir leis an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag comhaontú Mercosor, agus tá ábhair imní dá leithéid agam fós i ndiaidh an chomhaontuithe pholaitiúil a bhí ann le gairid, trína gcuirtear rochtain níos mó ar fáil ar mhargadh mairteola an AE le linn tréimhse ina bhfuil brú mór ar ioncaim san earnáil. Creidim, mar sin go bhfuil sé bunriachtanach go ndéanfaidh an Coimisiún an oiread cosaintí dlí agus is féidir a fhí isteach le linn na tréimhse sin i ndáil le réimsí ar nós sábháilteacht bia agus caighdeáin leasa ainmhithe, cuótaí a dheighilt agus gealltanais i leith na hinbhuanaitheachta."
Chomh maith leis sin, pléadh ag an gComhairle 'leagan amach glas' ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CAP), agus an staid reatha maidir le Fiabhras Afracach na Muc. Baineann an leagan amach glas le líon tograí maidir le gníomhaíocht bhreise i leith na timpeallachta faoi CAP.
Thug an tAire Creed ar aird go dtacaíonn Éire leis na gnéithe nua atá beartaithe, agus dúirt:
"Ní mór na gnéithe seo a bheith simplí lena gcur i bhfeidhm, agus ní mór dóthain solúbthachta a bheith ag Ballstáit lena chinntiú go mbeidh siad éifeachtach."
Leag an tAire Creed béim freisin ar an ngá atá le buiséad CAP a choinneáil d'fhonn tacú le huaillmhian níos mó i leith an chomhshaoil faoi CAP.
CRÍOCH