Fáilte ag an Aire Creed agus ag an Aire Murphy roimh na moltaí mar gheall ar an athbhreithniú ar an Maolú maidir le Níotráití
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, agus an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy TD, moltaí an Ghrúpa Saineolaithe maidir le Níotráití inniu (an 24 Iúil 2019) tar éis dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar an Maolú maidir le Níotráití.
Is dream tábhachtach feirmeoirí maidir le cúrsaí eacnamaíochta in Éirinn iad siúd a shaothraíonn feirmeacha maolúcháin agus rinneadh an t-athbhreithniú seo d'fhonn a chinntiú go mbíonn na feirmeoirí a thapaíonn an Maolú ag oibriú na feirme ar leibhéal éifeachtach críochnúil maidir le caighdeán an uisce a chaomhnú.
Chuir an bheirt Airí fáilte roimh na moltaí ón ngrúpa athbhreithnithe agus beidh beart á dhéanamh chun iad a chur i bhfeidhm i rith an fhómhair.
Dúirt an tAire Creed:
"Fáiltím go mór roimh mholtaí an athbhreithnithe seo a rinneadh chun scrúdú a dhéanamh ar dheiseanna breise ag feirmeoirí maolúcháin feabhas breise a chur ar chúrsaí éifeachtachta agus leanacht den lorg a fhágtar ar an timpeallacht a laghdú."
Dúirt an tAire Creed freisin:
"i bhfianaise a bhfuil d'ábhar dúshláin i gceist, is mian liom buíochas a ghlacadh leis an uile dhuine a chuir aighneacht faoi bhráid mar chuid den athbhreithniú seo agus na haidhmeanna arda a cuireadh in iúl maidir leis na deacrachtaí a shárú a admháil. Is dream tábhachtach feirmeoirí atá i gceist atá tugtha do leibhéil arda éifeachtachta agus a bhfuil ról tábhachtach leo maidir leis an timpeallacht a chaomhnú. Tá sraith moltaí tagtha de thoradh ar chur chuige an chomhair idir an EPA, Teagasc, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus an Roinn ina bhfuilim féin i m'Aire a d'oibrigh le chéile i ngrúpa saineolais chun na haighneachtaí a bhreithniú agus fáiltím féin agus an tAire Murphy roimh na moltaí sin."
Ceadaítear faoin maolú d'fheirmeoirí diansaothraithe oibriú ar ráta stocála níos airde ná mar a leagtar amach sa Treoir maidir le Níotráití, faoi réir ag cloí le rialacha níos géire arna gcur i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Leanfaidh an maolú go deireadh na bliana 2021 nuair a thiocfaidh deireadh leis an gceathrú clár.
Bhain níos mó ná 7,000 feirmeoir dianstocála le 11% de réimse talmhaíochta na hÉireann agus 20% den bheostoc bólachta leas as an maolú sa bhliain 2018 agus meastar go dtapóidh líon den chineál céanna an deis sa bhliain 2019. Anuas ar an méid sin, bhí 5,000 feirmeoir breise le 13% den bheostoc bólachta a sháraigh an uasteorainn 170 kg N/ha maidir le haoileach beostoic ach a rinne sciodar a easpórtáil nó beart eile chun na coinníollacha uasteorann a shásamh.
Dúirt an tAire Murphy:
"Fáiltím roimh na bearta nua seo maidir le caighdeán an uisce a chaomhnú trí bhainistíocht stuama a dhéanamh ar ábhar cothaithe ar fheirmeacha agus na bearta eile a luaitear. Ní mór cosaint chaighdeán an uisce a bheith ar leibhéal níos airde nuair a bhíonn feirmeoireacht á déanamh ar rátaí stocála níos airde. Tá tábhacht faoi leith leis seo anois i bhfianaise thorthaí maidir le caighdeán an uisce le tamall anuas lena léirítear gur gá díograis shuntasach bhreise ar fud earnálacha éagsúla más linn na spriocanna fadtéarmacha maidir le caighdeán an uisce a bhaint amach a leagtar síos sa Chreat-treoir Uisce."
CRÍOCH