Athbhreithniú ar an bpróiseas ceadaithe maidir le foraoiseacht fógartha ag an Aire Doyle
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag Andrew Doyle TD, Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht go bhfuil sé chun athbhreithniú seachtrach a choimisiúnú ar phróiseas ceadaithe a Roinne maidir le foraoiseacht. Rinne an tAire Stáit an fógra ag cruinniú de chuid an Ghrúpa Forfheidhmithe i leith an Chláir Foraoiseachta i mBaile Átha Cliath inné. Bunaíodh an Grúpa Forfheidhmithe i leith an Chláir Foraoiseachta i mí na Bealtaine 2018 chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chláir Náisiúnta Foraoiseachta agus cuimsítear sa ghrúpa an earnáil foraoiseachta, eagraíochtaí stáit agus an Colún Comhshaoil.
Rinne an tAire Doyle cathaoirleacht ar chruinniú an Ghrúpa inar dheimhnigh sé go bhfuil an tUasal Jim Mackinnon CBE, an tIar-Phríomhphleanálaí le Rialtas na hAlban, coimisiúnaithe aige chun anailís a dhéanamh ar an bpróiseas a thugtar faoi sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le hiarratais ar fhoraoiseacht a phlandáil a cheadú. Táthar ag súil go gcuirfear an t-athbhreithniú i gcrích faoi dheireadh na bliana 2019 agus go mbeidh deis ag na páirtithe leasmhara uile páirt a ghlacadh san athbhreithniú nuair a thosóidh sé.
Ag tagairt don athbhreithniú a choimisiúnú, dúirt an tAire Stáit Doyle:
"tá anailís den chineál céanna feicthe agam a chuir an tUasal Mackinnon i gcrích maidir leis an bpróiseas ceadaithe in Albain do Rialtas na hAlban, agus is cosúil gur chuidigh torthaí an athbhreithnithe sin ó thaobh leibhéil mhéadaithe an fhoraoisithe. Creidim go mbeidh sé úsáideach go gcuirfidh páirtí seachtrach an t-athbhreithniú seo i gcrích le gur féidir linn a chinntiú go bhfuil próiseas éifeachtúil agus éifeachtach againn agus go leanfaidh an próiseas sin d'ionchais na bpáirtithe leasmhara uile a chomhlíonadh."
Rinneadh cur i láthair ar Phlean Gníomhaíochta an Rialtais le dul i ngleic le hAthrú Aeráide, a foilsíodh an mhí seo caite, don Ghrúpa, ina ndearnadh tagairt ar leith don 22 gníomh ar leith a bhaineann le foraoiseacht. Tugadh ar aird an ról tábhachtach a bhaineann le foraoiseacht maidir le ceapadh agus stóráil carbóin agus chuir an tAire Stáit fáilte roimh thacaíocht an Ghrúpa i dtaobh na gcuspóirí sin a bhaint amach.
Tugadh an t-eolas is déanaí maidir le cur i bhfeidhm an Chláir Foraoiseachta don Ghrúpa freisin. Tugadh ar aird líon na n-iarratas a fuarthas ar an tionscnamh Cumhdach Leanúnach Foraoise (CCF) a seoladh i mí Eanáir 2019 agus an tsuim atá i nGrúpscéim Aistrithe Eolais Foraoiseachta ar tháinig deireadh le hiarratais a ghlacadh ina leith i Meitheamh 2019. Bhí an tionscnamh CCF, a cuireadh ar fáil ar bhonn píolótach, suibscríofa go hiomlán. Fuarthas 30 iarratas ó 12 chontae éagsúil in Éirinn. Bhí an-tóir ar Scéim Foraoiseachta KTG freisin nuair a tugadh cead 40 grúpa a bhunú, méadú ar an 33 grúpa den sórt sin ar tugadh maoiniú dóibh faoin scéim inchomparáide in 2018.
Ag cur fáilte roimh an tsuim atá sa dá thionscnamh, dúirt an tAire Stáit:
"Tá mé an-sásta leis an nuashonrú maidir leis an dá scéim seo. Féachann muid le tacaíocht a thabhairt do na húinéirí foraoise i gcónaí le gur féidir leo a gcuid foraoisí a bhainistiú agus lena chinntiú go bhfaightear an toradh is fearr ar a gcuid infheistíochtaí. Tá aird tugtha agam ar an méadú suntasach atá tagtha ar iarratais ar an Scéim um Bóithre Foraoise, a chuireann in iúl gur gearr go mbeidh na húinéirí foraoise sin ag saothrú airgid as a mbarr a thanú. Léirítear leis sin an bealach inar féidir le torthaí ó fhoraoiseacht cur le fiontair feirme eile agus go dtuilleann foraoiseacht feirme breithniú dáiríre."
CRÍOCH
Bunaíodh Grúpa Forfheidhmithe i leith an Chláir Foraoiseachta i mí na Bealtaine 2018. Déanann an Grúpa seo ionadaíocht ar an earnáil foraoiseachta, ar eagraíochtaí stáit agus ar an gColún Comhshaoil. Bunaíodh an Grúpa, i ndiaidh an Athbhreithnithe Lártéarma a rinneadh ar an gClár reatha Foraoiseachta (2014-2020) chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chláir.
Is é cuspóir an ghrúpa:
Is cur chuige eile i ndáil le foraoisí a bhainistiú atá i gCumhdach Leanúnach Foraoise (CCF) ina ndéantar ceannbhrat na foraoise a chothabháil ag leibhéal amháin nó níos mó agus ina seachnaítear glanleagan. An ghné is sainiúla de CCF ná gan achair níos mó ná 0.25 ha a ghlanleagan nó gan níos mó ná leithead airde dhá chrann a ghlanleagan gan roinnt crann aibí a choimeád. Baineann na córais seo go ginearálta le hathghiniúint nádúrtha ach is féidir tacú le hathghiniúint nádúrtha trí phlandú más gá.
Is iad cuspóirí na scéime:
Bainfear na cuspóirí amach trí chrainn nach bhfuil ar chaighdeán chomh maith a leagan; tuilleadh crann a leagan chun ligean do chrainn fráma a d'fhéadfadh a bheith ann fás amach anseo; prúnáil chun cur le caighdeán lorgaí; tanú nó athspásáil chun fás agus bainistíocht a éascú agus chun athghiniúint nádúrtha a leagan amach.