Glao ar thograí maidir le tionscnaimh chun Dramhaíl Bia a Laghdú eisithe ag an Aire Creed faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá glao ar thograí eisithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2019 (RIDF) maidir le Dramhaíl Bia a Laghdú.
Dúirt an tAire:
"Tá ríméad orm a fhógairt go leanfar de mhaoiniú a chur ar fáil faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe chun tacú le tograí maidir le dramhaíl bia a laghdú. Gintear níos mó ná milliún tonna dramhaíola in Éirinn gach bliain. Ta gealltanas tugtha againn maidir leis an méid bia a chuirimid amú a laghdú de réir Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (12.3) ina n-éilítear ar gach náisiún dramhaíl bia a laghdú faoina leath agus caillteanas bia a laghdú faoi 2030. Tá mo Roinnse ag glacadh gnímh trí thacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí faoi RIDF agus tríd an gclár inbhuanaithe bia níos leithne in éineacht le Bord Bia - Origin Green."
Baineann an Glao ar Thograí le seirbhísí a sholáthar chun tacú le tionscadail chun dramhaíl bia a laghdú agus atá leagtha amach le dramhaíl bia ag gnóthaí, miondíoltóirí, mórdhíoltóirí agus soláthraithe bia i gceantair thuaithe a laghdú. Tá maoiniú €200,000 ar fáil do thograí a bhaineann le cur chun cinn agus/nó forbairt a dhéanamh ar thionscadail nuálacha chun dramhaíl bia a laghdú agus atá dírithe ar dhramhaíl bia i gceantair thuaithe a laghdú. Déanfar tograí a mheas trí phróiseas iomaíochta a bhaineann le tionscadail bheartaithe a mhaoiniú. Is €100,000 an t-uasmhéid a íocfar i leith aon tionscadal (gan CLB san áireamh).
12 meán lae Dé hAoine an 5 Iúil 2019 an dáta deiridh le hiarratais a chur ar aghaidh.
CRÍOCH
Ní mór iarratais a dhéanamh via an fhoirm iarratais Glao ar Thograí agus is féidir teacht uirthi ar láithreán gréasáin na Roinne ag: www.agriculture.gov.ie/agri-foodindustry/agri-foodandtheeconomy/cedraschemes/foodwastereduction.