Deireadh a chur le Feirmeoireacht Fionnaidh de réir a chéile ceadaithe ag an Rialtas
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'aontaigh an Rialtas inniu (Dé Máirt) deireadh a chur de réir a chéile leis an bhfeirmeoireacht fionnaidh in Éirinn.
Is éard a dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, faoi chinneadh an Rialtais:
"Bíonn an oiread cainte go hidirnáisiúnta agus sa tsochaí faoi fheirmeoireacht fionnaidh. Cé go bhfuil na rialuithe atá ag an Roinn ar an earnáil neartaithe le blianta beaga anuas, tá sé soiléir go bhfuil athrú tagtha ar an méid a mbíonn an tsochaí ag súil leis maidir leis an earnáil agus maidir leis an bhfianaise tréidliachta le gairid inar tugadh le fios nach bhfuil tógáil minceanna chun leasa ainmhithe. Nuair a ghlactar na breithnithe sin san áireamh, meastar go bhfuil sé trátháil go bhfuil deireadh le cur de réir a chéile leis an tionscal in Éirinn."
Leanfaidh an Rialtas anois de Bhille a thabhairt chun cinn a dhéanfar é a dhréachtú i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne. Cuirfidh Bille an Rialtais bonn céimnithe ar fáil chun toirmeasc a chur ar oibritheoirí atá ann.
Dúirt an tAire Creed chomh maith:
"Faoin mBille Rialtais nua seo, beidh sé in aghaidh an dlí aon fheirmeacha fionnaidh nua a bhunú. Cuirfear socruithe i bhfeidhm chun deireadh a chur leis an líon beag oibritheoirí reatha atá ann de réir a chéile d'fhonn deireadh a chur leis an earnáil seo ar bhealach eagraithe chun am a thabhairt do na fostaithe deiseanna eile a aimsiú."
Cé go bhfuil toirmeasc ar fheirmeoireacht fionnaidh i roinnt tíortha san Eoraip, ba é an cur chuige a bhí ann ná tréimhse roinnt blianta a thabhairt d'fhonn deireadh a chur léi de réir a chéile.
CRÍOCH
Tá trí fheirm fionnaidh minceanna i mbun gnó i gcontaetha Dhún na nGall, Laoise agus Chiarraí faoi láthair, agus breathnaítear orthu sin mar fheirmeacha móra a tháirgeann tuairim is 110,000 cóta fionnaidh in aghaidh na bliana. Laghdaigh an líon feirmeacha a bhí ann ó 4 cinn go dtí 3 cinn in 2014.
In 2011, bunaíodh Grúpa Athbhreithnithe chun gach gné den fheirmeoireacht fionnaidh in Éirinn a scrúdú. Rinne an grúpa gach gné chuí den tionscal a scrúdú agus níor mhol sé toirmeasc a chur ar an tionscal. Mar thoradh ar an Tuarascáil a foilsíodh in 2012, thug an DAFM rialaithe níos déine isteach i leith feirmeacha fionnaidh sna réimsí a bhain le leas ainmhithe, cóiríocht, slándáil agus bainistiú cothúcháin. Bhí feirmeacha fionnaidh faoi réir chigireachtaí rialta ina dhiaidh sin chomh maith.
Rialaíodh san Iorua le gairid go mbeadh toirmeasc ar fheirmeoireacht fionnaidh faoin mbliain 2025.